Page contents Page contents Sa bhreis ar thacaíocht a thabhairt do léann na hateangaireachta taobh istigh den Aontas Eorpach agus i dtíortha is iarrthóirí, bíonn Ard-Stiúrthóireacht na hAteangaireachta (AS SCIC) ag obair freisin i gcomhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad. A bhuí leis na cláir idirnáisiúnta seo, tacaítear le fothú acmhainní a chur chun cinn agus le comhar agus comhthuiscint a mhéadú.MacaoTá clár oiliúna ag AS SCIC le Sainréigiún Riaracháin Macao ó 2006 i leith, clár a chuidíonn chun líon na n-ateangairí cáilithe a mhéadú sa riarachán poiblí dátheangach (an Phortaingéilis – an Chantainis/an Mhandairínis).Oibríonn AS SCIC i gcomhar le hOllscoil Pholaiteicnice Mhacao, agus cuireann sí cúnamh oideolaíoch ar fáil le haghaidh a gcláir Máistreachta san ateangaireacht chomh maith le cúrsaí oiliúna le haghaidh oiliúnóirí.Físeán: Maidir le hEalaín agus Ceird na hAteangaireachta (Fotheidil i mBéarla)Físeán: Maidir le hEalaín agus Ceird na hAteangaireachta (Fotheidil sa tSínis)Eagraíochtaí idirnáisiúntaIs rannpháirtí gníomhach í AS SCIC sa Chruinniú Bliantúil Idirnáisiúnta maidir le Socruithe Teanga, Doiciméadacht agus Foilseacháin (IAMLADP), rud a bhunaigh na Náisiúin Aontaithe lena mbíonn deis ag ceannairí seirbhísí teanga agus comhdhála ó eagraíochtaí idirnáisiúnta teacht le chéile, saincheisteanna comhchoiteanna a shainaithint agus a phlé, taithí a chomhroinnt agus dea-chleachtais a cheapadh.