Infheistíocht a dhéanamh sna nithe is tábhachtaí
Tá buiséad an Aontais Eorpaigh (AE) ag tacú le tionscadail agus le hinfheistíochtaí chun cáilíocht saoil shaoránaigh na hEorpa a fheabhsú. Tacaíonn sé le saoránaigh, le gnólachtaí agus le réigiúin ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Cuidíonn sé le poist a chruthú, maoiníonn sé tionscadail lena ndéantar ár gcórais cúraim sláinte agus ár n-oideachas a nuachóiriú, cumasaíonn sé dul chun cinn eolaíoch trí thacú leis an gcomhar idir taighdeoirí ó gach cearn den Aontas agus maoiníonn sé bonneagar taighde den chéad scoth. Tacaíonn sé lenár gcuideachtaí Eorpacha nuachóiriú a dhéanamh agus a bheith níos éifeachtúla, agus neartaíonn sé ár slándáil. Cuidíonn sé le feabhas a chur ar bhonneagar iompair agus fuinnimh, le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus le dul chun cinn digiteach a chur chun cinn.
Le buiséad an Aontais, déantar athruithe ó bhonn agus cuireann sé ar chumas mhuintir na hEorpa tacaíocht mhear a fháil nuair a bhuaileann tubaiste. Cumhdaítear leis oibríochtaí dlúthpháirtíochta, cuir i gcás foirne comhraic dóiteáin a imscaradh chuig réigiúin atá buailte ag dóiteáin foraoise, nó foirne tarrthála chuig áiteanna atá buailte ag tuilte. Chuidigh buiséad an Aontais le réitigh choiteanna a fhorbairt chun géarchéimeanna a chomhrac, mar a léiríodh le linn na géarchéime fuinnimh a bhí ann le déanaí, COVID-19, nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.
Airgead a chaitheamh i dteannta a chéile ar mhaithe le tionchar níos mó
An buiséad fadtéarmach atá ann faoi láthair, téann sé ó 2021 go 2027. Is fiú €1.2 trilliún é, thart ar 1% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an Aontais. Cuirtear leis sin leis an ionstraim théarnaimh shealadach, NextGenerationEU, dar luach thart ar €800 billiún le linn na tréimhse céanna.
Buiséad an Aontais Eorpaigh agus tusa
Maoiníonn buiséad an Aontais na céadta tionscadal a chuireann feabhas ar shaol mhuintir na hEorpa gach bliain. Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail atá gar duit.
Scéalta ratha
Déanfaidh idirnascaire leictreachais Mhurascaill Bhioscáine an acmhainneacht malartaithe leictreachais idir an Fhrainc agus an Spáinn a mhéadú faoi dhó, rud a chuirfidh cumhacht níos glaine, níos sláine agus níos inacmhainne ar fáil do na milliúin saoránach. Fuair an tionscadal deontas €578 milliún tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi 2028.

An chaoi a n-oibríonn buiséad an Aontais
Déanann buiséad an Aontais comhlánú ar na buiséid náisiúnta. Ní úsáidtear é ach amháin nuair is éifeachtaí airgead a chaitheamh ar leibhéal an Aontais ná ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta. Leagtar amach sa bhuiséad fadtéarmach – ar a dtugtar an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) freisin – na tosaíochtaí agus na teorainneacha caiteachais do roinnt blianta. Ar an mbonn sin, déantar buiséad bliantúil a chaibidliú agus a ghlacadh gach bliain. Tacaíonn an buiséad sin leis an méid seo a leanas:
- iomaíochas, poist ar ardchaighdeán a chruthú, lena rannchuidítear leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach
- tionscadail a bhfuil gné Eorpach ag baint leo, cuir i gcás bonneagar trasteorann, malartuithe mac léinn nó tionscadail ilnáisiúnta
- slándáil bia, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí, talmhaíocht inbhuanaithe agus ardcháilíocht saoil a chur chun cinn ar fud na réigiún uile
- an chosaint agus an tslándáil
- freagairt chomhroinnte ar ghéarchéimeanna agus éigeandálaí, cuir i gcás paindéim COVID-19 nó tionchair chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine
- gníomhaíochtaí domhanda an Aontais trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, comhar um fhorbairt agus cabhair dhaonnúil.
An bealach go dtí an chéad bhuiséad fadtéarmach eile
Tá an chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais le teacht, ó tharla go bhfuil buiséad ilbhliantúil nua de dhíth ar an Aontas, ó 2028 ar aghaidh.
I mí Feabhra 2025, leag an Coimisiún amach na príomh-shaincheisteanna nach mór aghaidh a thabhairt orthu sa chéad bhuiséad eile de chuid an Aontais agus an chaoi a bhféadfaí é a nuachóiriú.
Tá na saoránaigh rannpháirteach freisin sa mhachnamh sin faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais. Idir mí an Mhárta agus mí na Bealtaine 2025, ghlac 150 saoránach a roghnaíodh go randamach ó 27 mBallstát den Aontas páirt i bpainéal saoránach Eorpach chun díospóireacht a dhéanamh agus moltaí a chur ar fáil maidir le tosaíochtaí an bhuiséid fhadtéarmaigh a bheidh ann amach anseo. Ag an am céanna, tá Ardán Rannpháirtíochta na Saoránach, fóram plé ar líne, ar fáil don phobal i gcoitinne chun a gcuid tuairimí a chur in iúl. Tá na céadta saoránach tar éis páirt a ghlacadh sa díospóireacht sin cheana féin.

Europeans talk EU budget: “The major priority should be security and defence”Europeans talk EU budget: “The major priority should be security and defence” 
Europeans talk EU budget: “Housing, jobs, let’s look at that”Europeans talk EU budget: “Housing, jobs, let’s look at that” 
Europeans talk EU budget: “Education should be available to everyone”Europeans talk EU budget: “Education should be available to everyone”
I mí Iúil 2025, rinne an Coimisiún Eorpach a thogra le haghaidh an bhuiséid fhadtéarmaigh nua a thíolacadh. Leagtar amach ann buiséad níos simplí a thíolacadh lena méadófar tionchar na n-infheistíochtaí a bhfuil breisluach AE ag baint leo. Déanfar an togra a chaibidliú le Parlaimint na hEorpa, a thogh saoránaigh an Aontais, agus le Comhairle an Aontais Eorpaigh, a dhéanann ionadaíocht thar ceann na mBallstát, sula nglacfar go críochnaitheach é. Ba cheart go dtiocfadh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile i bhfeidhm i mí Eanáir 2028.
Cur síos ar an gcaoi a gcinntítear buiséad an Aontais Eorpaigh
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a ndéantar an buiséad fadtéarmach a chaibidliú
