Acmhainní comhraic dóiteáin a threisiú faoin tuath sa PhortaingéilIs sa Phortaingéil a tharlaíonn an líon is airde de dhóiteáin foraoise ar bhonn bliantúil ar an meán agus is aici atá an sciar is mó de limistéar dóite dá thoradh sin. Tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuir an tAontas Eorpach €89 milliún ar fáil chun lárionaid oibríochta a thógáil agus a athchóiriú agus chun héileacaptair, innealra, feithiclí agus trealamh ríthábhachtach comhraiceoirí dóiteáin a sholáthar.Faigh tuilleadh eolais An tslándáil fuinnimh a neartú sa Fhrainc agus sa SpáinnDéanfaidh idirnascaire leictreachais Mhurascaill Bhioscáine an acmhainneacht malartaithe leictreachais idir an Fhrainc agus an Spáinn a mhéadú faoi dhó, rud a chuirfidh cumhacht níos glaine, níos sláine agus níos inacmhainne ar fáil do na milliúin saoránach. Fuair an tionscadal deontas €578 milliún tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi 2028.Faigh tuilleadh eolais Taighde agus nuálaíocht na hEorpa a chur chun cinnTá an ríomhaireacht ardfheidhmíochta i gcroílár an dul chun cinn is mó agus na nuálaíochta, agus is acmhainn straitéiseach í do thodhchaí na hEorpa. Ó mhí an Mhárta 2024 i leith, tá rochtain ag eolaithe agus gnólachtaí Eorpacha ar shár-ríomhaire MareNostrum 5 atá lonnaithe in Barcelona na Spáinne. Tá sé mar chuid de líonra de dheich sár-ríomhaire ar fud an Aontais, líonra a chuir an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach ar bun.Faigh tuilleadh eolais Infheistíocht a dhéanamh sa spásCuireann an Clár Eorpach Spáis seirbhísí tábhachtacha ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Is é Copernicus an córas Eorpach um fhaire na cruinne, agus cuidíonn sé leis an gcomhshaol a chosaint agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, sin agus cinntíonn sé sábháilteacht ar fud na hEorpa. Is córas domhanda loingseoireachta agus suite satailíte é Galileo, agus tacaíonn sé le go leor earnálacha, ó iompar agus talmhaíocht go bainistiú teorainneacha agus cuardach agus tarrtháil.Faigh tuilleadh eolais Scileanna a thabhairt do náisiúnaigh eachtracha chun lánpháirtiú a fheabhsúIs eagraíocht neamhbhrabúsach atá lonnaithe i bPáras é Konexio a chuireann cúrsaí oiliúna i scileanna digiteacha ar fáil do náisiúnaigh eachtracha sa Fhrainc. Trína gcuid cúrsaí, bíonn rochtain ag mic léinn ar ghairmeacha in earnálacha teicneolaíochta ardfháis, chomh maith le tacaíocht don phobal, oiliúint i scileanna boga, agus foghlaim teangacha atá ríthábhachtach dá rath agus dá lánpháirtiú. Fuair an cumann maoiniú níos mó ná €680,000 ó Chiste Sóisialta na hEorpa+. Ábhair ar thús cadhnaíochta le haghaidh todhchaí níos sláintiúla níos clisteTá an Tionscnamh Suaitheanta Graiféine ar cheann de na tionscnaimh thaighde is mó riamh de chuid na hEorpa ina dtagann comhpháirtithe acadúla agus tionsclaíocha le chéile as 18 mBallstát. Faigheann an tionscnamh maoiniú ó Fhís Eorpach agus tá an leas is fearr is féidir á bhaint leis as acmhainneacht na graiféine agus ábhar 2D eile, rud a fhágann gur féidir nuálaíochtaí ceannródaíocha a dhéanamh, ó chóireáil ghalar Parkinson go heitiltí níos sábháilte le córais dí-oighrithe, go ceallraí agus painéil ghréine den chéad ghlúin eile.Tuilleadh eolais Nuálaíocht dhigiteach le haghaidh córas bia níos cliste níos éifeachtúlaIn Merelbeke na Beilge, déanann an Clár don Eoraip Dhigiteach infheistíocht i mbunú saoráidí tástála agus turgnamhaíochta den chéad scoth le haghaidh na hintleachta saorga san earnáil agraibhia. Mar chuid den tionscadal AgrifoodTEF, a bhfuil 34 chomhpháirtí i 9 dtír de chuid an Aontais páirteach ann, is é is aidhm don tionscnamh an intleacht shaorga agus réitigh róbataice don talmhaíocht a thabhairt chuig an margadh. Trí chur ar chumas feirmeoirí na teicneolaíochtaí sin a ghlacadh, rannchuidíonn an tionscadal le táirgeadh bia níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne do mhuintir na hEorpa.Tuilleadh eolais An oidhreacht nádúrtha a chaomhnúTá athchóiriú mór á dhéanamh ar Mhúsaem Stair Nádúrtha na Cróite i Ságrab, áit a bhfuil an bailiúchán is mó sa tír, le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais. Díríonn an tionscadal ar Phálás stairiúil Amadeo, agus tá sé d’aidhm aige a acmhainneachtaí a leathnú, líon na gcuairteoirí a mhéadú agus a chuid oibre eolaíochta agus músaemeolaíochta a neartú. Cruthóidh sé sin poist nua agus cuirfidh sé an Músaem chun cinn mar phríomhspreagadh don turasóireacht forbarthach agus do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha. Poist a chinntiú don todhchaíTacaíonn an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) leis na réigiúin is mó dá ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach difear. I réigiún Ida-Viru na hEastóine, áit atá dírithe le fada ar scealla ola a eastóscadh, tá CUAC ag tacú le monarcha nua a thógáil ina dtáirgtear maighnéid tearc-chré. Táthar ag súil go gcruthófar 1,000 post nua leis an tionscadal agus go mbeidh ról ríthábhachtach aige in aistriú fuinnimh na hEorpa. Is féidir maighnéid tearc-chré a úsáid i dtuirbíní gaoithe agus i bhfeithiclí hibrideacha agus leictreacha. Tuilleadh eolais
Acmhainní comhraic dóiteáin a threisiú faoin tuath sa PhortaingéilIs sa Phortaingéil a tharlaíonn an líon is airde de dhóiteáin foraoise ar bhonn bliantúil ar an meán agus is aici atá an sciar is mó de limistéar dóite dá thoradh sin. Tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, chuir an tAontas Eorpach €89 milliún ar fáil chun lárionaid oibríochta a thógáil agus a athchóiriú agus chun héileacaptair, innealra, feithiclí agus trealamh ríthábhachtach comhraiceoirí dóiteáin a sholáthar.Faigh tuilleadh eolais
An tslándáil fuinnimh a neartú sa Fhrainc agus sa SpáinnDéanfaidh idirnascaire leictreachais Mhurascaill Bhioscáine an acmhainneacht malartaithe leictreachais idir an Fhrainc agus an Spáinn a mhéadú faoi dhó, rud a chuirfidh cumhacht níos glaine, níos sláine agus níos inacmhainne ar fáil do na milliúin saoránach. Fuair an tionscadal deontas €578 milliún tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa don Fhuinneamh agus tá sé beartaithe é a thabhairt chun críche faoi 2028.Faigh tuilleadh eolais
Taighde agus nuálaíocht na hEorpa a chur chun cinnTá an ríomhaireacht ardfheidhmíochta i gcroílár an dul chun cinn is mó agus na nuálaíochta, agus is acmhainn straitéiseach í do thodhchaí na hEorpa. Ó mhí an Mhárta 2024 i leith, tá rochtain ag eolaithe agus gnólachtaí Eorpacha ar shár-ríomhaire MareNostrum 5 atá lonnaithe in Barcelona na Spáinne. Tá sé mar chuid de líonra de dheich sár-ríomhaire ar fud an Aontais, líonra a chuir an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach ar bun.Faigh tuilleadh eolais
Infheistíocht a dhéanamh sa spásCuireann an Clár Eorpach Spáis seirbhísí tábhachtacha ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí. Is é Copernicus an córas Eorpach um fhaire na cruinne, agus cuidíonn sé leis an gcomhshaol a chosaint agus éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú, sin agus cinntíonn sé sábháilteacht ar fud na hEorpa. Is córas domhanda loingseoireachta agus suite satailíte é Galileo, agus tacaíonn sé le go leor earnálacha, ó iompar agus talmhaíocht go bainistiú teorainneacha agus cuardach agus tarrtháil.Faigh tuilleadh eolais
Scileanna a thabhairt do náisiúnaigh eachtracha chun lánpháirtiú a fheabhsúIs eagraíocht neamhbhrabúsach atá lonnaithe i bPáras é Konexio a chuireann cúrsaí oiliúna i scileanna digiteacha ar fáil do náisiúnaigh eachtracha sa Fhrainc. Trína gcuid cúrsaí, bíonn rochtain ag mic léinn ar ghairmeacha in earnálacha teicneolaíochta ardfháis, chomh maith le tacaíocht don phobal, oiliúint i scileanna boga, agus foghlaim teangacha atá ríthábhachtach dá rath agus dá lánpháirtiú. Fuair an cumann maoiniú níos mó ná €680,000 ó Chiste Sóisialta na hEorpa+.
Ábhair ar thús cadhnaíochta le haghaidh todhchaí níos sláintiúla níos clisteTá an Tionscnamh Suaitheanta Graiféine ar cheann de na tionscnaimh thaighde is mó riamh de chuid na hEorpa ina dtagann comhpháirtithe acadúla agus tionsclaíocha le chéile as 18 mBallstát. Faigheann an tionscnamh maoiniú ó Fhís Eorpach agus tá an leas is fearr is féidir á bhaint leis as acmhainneacht na graiféine agus ábhar 2D eile, rud a fhágann gur féidir nuálaíochtaí ceannródaíocha a dhéanamh, ó chóireáil ghalar Parkinson go heitiltí níos sábháilte le córais dí-oighrithe, go ceallraí agus painéil ghréine den chéad ghlúin eile.Tuilleadh eolais
Nuálaíocht dhigiteach le haghaidh córas bia níos cliste níos éifeachtúlaIn Merelbeke na Beilge, déanann an Clár don Eoraip Dhigiteach infheistíocht i mbunú saoráidí tástála agus turgnamhaíochta den chéad scoth le haghaidh na hintleachta saorga san earnáil agraibhia. Mar chuid den tionscadal AgrifoodTEF, a bhfuil 34 chomhpháirtí i 9 dtír de chuid an Aontais páirteach ann, is é is aidhm don tionscnamh an intleacht shaorga agus réitigh róbataice don talmhaíocht a thabhairt chuig an margadh. Trí chur ar chumas feirmeoirí na teicneolaíochtaí sin a ghlacadh, rannchuidíonn an tionscadal le táirgeadh bia níos inbhuanaithe agus níos inacmhainne do mhuintir na hEorpa.Tuilleadh eolais
An oidhreacht nádúrtha a chaomhnúTá athchóiriú mór á dhéanamh ar Mhúsaem Stair Nádúrtha na Cróite i Ságrab, áit a bhfuil an bailiúchán is mó sa tír, le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais. Díríonn an tionscadal ar Phálás stairiúil Amadeo, agus tá sé d’aidhm aige a acmhainneachtaí a leathnú, líon na gcuairteoirí a mhéadú agus a chuid oibre eolaíochta agus músaemeolaíochta a neartú. Cruthóidh sé sin poist nua agus cuirfidh sé an Músaem chun cinn mar phríomhspreagadh don turasóireacht forbarthach agus do chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha.
Poist a chinntiú don todhchaíTacaíonn an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) leis na réigiúin is mó dá ndéanann an t-aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach difear. I réigiún Ida-Viru na hEastóine, áit atá dírithe le fada ar scealla ola a eastóscadh, tá CUAC ag tacú le monarcha nua a thógáil ina dtáirgtear maighnéid tearc-chré. Táthar ag súil go gcruthófar 1,000 post nua leis an tionscadal agus go mbeidh ról ríthábhachtach aige in aistriú fuinnimh na hEorpa. Is féidir maighnéid tearc-chré a úsáid i dtuirbíní gaoithe agus i bhfeithiclí hibrideacha agus leictreacha. Tuilleadh eolais