Téarnamh agus atógáil na hÚcráine ÁBHAR AN LEATHANAIGH ÁBHAR AN LEATHANAIGH Conair na hÚcráine a chruthú i dtreo an téarnaimh Ní mór iarracht mhór airgeadais a dhéanamh go domhanda chun an Úcráin a atógáil nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh. Chuir an tAontas tacaíocht airgeadais shuntasach ar fáil cheana féin chun borradh a chur faoi athléimneacht agus faoi théarnamh na tíre, ach beidh gá le tuilleadh tacaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma: chun bunchlocha tíre saoire rathúla a athbhunú, tír atá fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus atá lánpháirtithe go maith i ngeilleagar na hEorpa agus sa gheilleagar domhanda, agus chun tacú léi ar a conair Eorpach.Fad agus atá cogadh foghach ar siúl ag an Rúis, ní fios go fóill cé na riachtanais fhoriomlána a mbeidh gá leo maidir le hatógáil na hÚcráine. Mar sin féin, tá sé tábhachtach príomhbhloic thógála na hiarrachta idirnáisiúnta seo a leagan amach cheana féin. “Is féidir leis an Úcráin brath ar thacaíocht iomlán ón Aontas Eorpach. Táimid réidh le ról ceannasach a ghlacadh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta atógála, iarrachtaí a chuideoidh leis an Úcráin a atógáil ionas go mbeidh sí daonlathach rathúil. Fágann sé sin go mbeidh infheistíochtaí agus athchóirithe ag obair as lámh a chéile chun tacú leis an Úcráin chun a conair Eorpach féin a shaothrú.”Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh An tSaoráid don Úcráin Chun cabhrú leis an Úcráin maidir lena hiarrachtaí téarnaimh, atógála agus nuachóirithe, sheol an tAontas Eorpach sásra nua tacaíochta do na blianta 2024-2027. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid don Úcráin a chuirfidh ar chumas an Aontais suas le €50 billiún de thacaíocht airgeadais chobhsaí intuartha a chur ar fáil don Úcráin le linn na tréimhse sin.Is léiriú í an tSaoráid ar ghealltanas an Aontais chun tacú leis an Úcráin agus í ag tabhairt aghaidh ar chogadh foghach leanúnach na Rúise agus í ar a bealach ionsar bhallraíocht san Aontas.Faigh tuilleadh eolais faoin tSaoráid don Úcráin Ardán Deontóirí na hÚcráine Seoladh Ardán Deontóirí na hÚcráine an 26 Eanáir 2023. Éascaíonn an tArdán dlúth-chomhordú i measc deontóirí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí airgeadais agus cinntíonn sé tacaíocht chomhleanúnach thrédhearcach chuntasach.Is é is aidhm dó comhordú feabhsaithe a chinntiú i measc na bpríomhghníomhaithe uile a chuireann tacaíocht airgeadais ghearrthéarmach ar fáil chomh maith le cúnamh níos fadtéarmaí a chinntiú freisin do chéim na hatógála. Ar an gcaoi sin, déanann sé forbairt ar thorthaí na gComhdhálacha i Lugano, i mBeirlín agus i bPáras, chun cabhrú leis an mbearna idir riachtanais agus acmhainní a líonadh.Faigh tuilleadh eolais faoin Ardán Tacaíocht idirnáisiúnta a shlógadh Tá cabhair de dhíth ar an Úcráin anois níos mó ná riamh. Tá tacaíocht idirnáisiúnta á slógadh ag an gCoimisiún Eorpach agus a chomhpháirtithe le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch agus shóisialta na hÚcráine, chomh maith lena hatógáil agus a téarnamh ó éifeachtaí an chogaidh. Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025Ag Cómhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025 sa Róimh, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur síníodh comhaontuithe ráthaíochta agus deontais an Aontais dar luach €2.3 billiún, arna slógadh faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin.Leis na comhaontuithe sin, meastar go scaoilfear €10 mbilliún d’infheistíochtaí i mbonneagar bardasach agus sóisialta, i dtithíocht, i bhfuinneamh agus i bhforbairt na hearnála príobháidí, tionscail straitéiseacha agus dé-úsáide san áireamh. Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2024Ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2024 i mBeirlín, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, gur síníodh comhaontuithe nua ráthaíochta agus deontais dar luach €1.4 billiún chun tacú le téarnamh agus atógáil na hÚcráine, mar chuid den Creat Infheistíochta don Úcráin. Cuirfidh sé sin ar chumas institiúidí airgeadais idirnáisiúnta is tairbhithe €3.2 billiún de thacaíocht a chur ar fáil d’idirghabhálaithe airgeadais agus do thairbhithe deiridh san Úcráin.Rachaidh na comhaontuithe sin chun tairbhe do chuideachtaí príobháideacha, ina measc sin fiontair bheaga agus mheánmhéide, bardais agus fiontair faoi úinéireacht stáit na hÚcráine. Is ar dheisiú, athshlánú agus forbairt an bhonneagair fuinnimh a dhíreofar iad, rudaí ar dhírigh an Rúis go mór orthu.Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2023Ag Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2023 i Londain, shínigh an Coimisiún Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), agus an Chorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta (IFC) comhaontuithe dar luach breis agus €800 milliún chun infheistíocht phríobháideach a shlógadh do théarnamh agus atógáil gheilleagar na hÚcráine. Leis na comhaontuithe, a fhaigheann tacaíocht ón gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, an chuid maoinithe de ICFCI-an Eoraip Dhomhanda, leagtar béim ar an ngealltanas idirnáisiúnta comhpháirteach chun an earnáil phríobháideach a shlógadh le haghaidh théarnamh agus atógáil na hÚcráine.An Chomhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráineI mí Dheireadh Fómhair 2022 rinne an Coimisiún Eorpach agus an Ghearmáin, mar chathaoirleach ar an G7, an Chomhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine a chomhóstáil i mBeirlín. Céim thábhachtach eile a bhí sa chomhdháil a léirigh tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta don Úcráin. Cuireadh i dtreis ann freisin go leanfaidh an Coimisiún agus an comhphobal idirnáisiúnta de thacaíocht a thabhairt don Úcráin thar a riachtanais láithreacha, agus ar a bealach i dtreo aontachas leis an Aontas. Tacaíocht do scoileanna na hÚcráine Toisc gur sna scoileanna a thosaíonn todhchaí na hÚcráine, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hathshlánú scoileanna a ndearnadh damáiste dóibh trí €100 milliún a chur ar fáil, rud a d’fhógair an tUachtarán ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2022.Tá thart ar €14 mhilliún leithdháilte ag an gCoimisiún Eorpach chun busanna scoile a cheannach agus chun leanaí ón Úcráin a thabhairt ar scoil go sábháilte. Chomh maith leis sin, sheol an Coimisiún feachtas uile-Aontais chun busanna scoile a bhronnadh ar an Úcráin, busanna a chuirtear ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.Ag an am céanna, oibreoidh an Coimisiún leis an Úcráin chun rochtain shaoráideach na tíre ar an margadh aonair a chinntiú, lena gcumhachtófar an Úcráin an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na tíre, chun cuidiú le dlús a chur leis an bhfás agus chun deiseanna a chruthú.Faigh tuilleadh eolais faoi na busanna scoile don Úcráin Doiciméid Plean an Choimisiúin maidir le hatógáil na hÚcráine san fhadtéarmaTeachtaireacht: Fóirithint agus atógáil na hÚcráineBileog eolais: An tAontas Eorpach agus an Úcráin Naisc ghaolmhara Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin
“Is féidir leis an Úcráin brath ar thacaíocht iomlán ón Aontas Eorpach. Táimid réidh le ról ceannasach a ghlacadh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta atógála, iarrachtaí a chuideoidh leis an Úcráin a atógáil ionas go mbeidh sí daonlathach rathúil. Fágann sé sin go mbeidh infheistíochtaí agus athchóirithe ag obair as lámh a chéile chun tacú leis an Úcráin chun a conair Eorpach féin a shaothrú.”Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Comhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025Ag Cómhdháil Téarnaimh na hÚcráine 2025 sa Róimh, d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur síníodh comhaontuithe ráthaíochta agus deontais an Aontais dar luach €2.3 billiún, arna slógadh faoin gCreat Infheistíochta don Úcráin.Leis na comhaontuithe sin, meastar go scaoilfear €10 mbilliún d’infheistíochtaí i mbonneagar bardasach agus sóisialta, i dtithíocht, i bhfuinneamh agus i bhforbairt na hearnála príobháidí, tionscail straitéiseacha agus dé-úsáide san áireamh.