Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Deacáid Dhigiteach na hEorpa: spriocanna digiteacha le haghaidh 2030

alt=""

Tá sé d’aidhm ag an Aontas gnólachtaí agus daoine a chumasú i dtodhchaí dhigiteach atá dírithe ar an duine, inbhuanaithe agus níos rathúla.

Tá clár beartais na Deacáide Digití, lena ngabhann spriocanna agus cuspóirí nithiúla do 2030, ina threoir d’aistriú digiteach na hEorpa:

Scileanna, bonneagair, gnó agus rialtais thart ar chompás
  • Icon of an antenna
    Scileanna

    Speisialtóirí TFC: 20 milliún + cóineasú inscne

    Bunscileanna digiteacha: 80% den daonra ar a laghad

  • Icon of stylised people
    Aistriú digiteach gnólachtaí

    Glacadh teicneolaíochta: 75% de chuideachtaí an Aontais ag baint úsáid as an Néal, as Intleacht Saorga nó as Olltiomsú Sonraí

    Nuálaithe: dlús a chur le cuideachtaí atá i mbun fáis agus maoiniú chun EU Unicorns a mhéadú faoi dhó

    Cuideachtaí a bhí déanach lena nglacadh: bunleibhéal déine digití ar a laghad bainte amach ag níos mó ná 90% de FBManna

  • Icon of the Euro symbol
    Bonneagair dhigiteacha shlána agus inbhuanaithe

    Nascacht: Gigighiotán do chách

    Leathsheoltóirí úrscothacha: sciar an Aontais sa táirgeadh domhanda a mhéadú faoi dhó

    Sonraí Edge agus Néil: 10,000 nód edge ar ardchaighdeán slándála atá aeráidneodrach

    Ríomhaireacht: an chéad ríomhaire le luasghéarú candamach

  • Icon of a stylised globe
    Seirbhísí poiblí a dhigitiú

    Príomhsheirbhísí Poiblí: 100% ar líne

    Ríomhshláinte: Tá rochtain ag 100% de na saoránaigh ar thaifid leighis

    Céannacht Dhigiteach: Tá rochtain ag 100% de na saoránaigh ar aitheantas digiteach

An Bealach chuig na Deich mBliana Digiteacha

Le clár beartais 2030 na Deacáide Digití, bunaítear timthriall bliantúil comhair chun na cuspóirí agus na spriocanna coiteanna a bhaint amach. Is ar shásra bliantúil comhair, a mbeidh an Coimisiún agus na Ballstáit páirteach ann, atá an creat rialachais sin bunaithe.

Tá an méid seo a leanas sa sásra comhair:

conairí ar leibhéal an Aontais forbartha ag an gCoimisiún. Leagtar amach sna conairí bonnlíne an dóigh a rachaidh an tAontas chun cinn de réir na dtreochtaí reatha, agus leagtar amach sna conairí réamh-mheasta an bealach ar cheart dul chun cinn bliantúil a dhéanamh chun na spriocanna a bhaint amach faoi 2030. Leis an difríocht idir na treochtaí measta agus an bealach idéalach, beidh an Coimisiún in ann monatóireacht a dhéanamh ar an mbearna san iarracht is gá.

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na spriocanna faoi 2026 chun forbairtí teicneolaíocha, eacnamaíocha agus sochaíocha a chur san áireamh.

Tionscadail ilnáisiúnta

Chun na spriocanna agus na cuspóirí digiteacha a bhaint amach, cuirfidh an Coimisiún Eorpach dlús le tionscadail ilnáisiúnta mhórscála a sheoladh agus a éascú, ar tionscadail iad nach mbeadh aon Bhallstát aonair in ann a fhorbairt as féin.

D’fhéadfadh na tionscadail sin na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • infheistíochtaí a chomhcheangal ó bhuiséad an Aontais, ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta san áireamh, ó na Ballstáit agus ón earnáil phríobháideach
  • aghaidh a thabhairt ar na bearnaí in inniúlachtaí criticiúla an Aontais a sainaithníodh
  • tacú le Margadh Aonair Digiteach atá idirnasctha idir-inoibritheach agus slán

Tá réamhliosta de thionscadail ilnáisiúnta sainaitheanta ag an gCoimisiún cheana féin. I measc na réimsí a chumhdaítear sa liosta sin tá an bonneagar sonraí, próiseálaithe ísealchumhachta, an chumarsáid 5G, an ríomhaireacht ardfheidhmíochta, an chumarsáid chandamach shlán, an riarachán poiblí, blocshlabhra, moil nuálaíochta digití, scileanna digiteacha agus an chibearshlándáil.

Foilsíodh an dara tuarascáil ar stádas na dtionscadal iltíre i mí Iúil 2024.

Cearta digiteacha agus prionsabail dhigiteacha

An 15 Nollaig 2022 shínigh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha, in éineacht le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola, agus Príomh-Aire na Seicia, Petr Fiala thar ceann uachtaránacht rothlach na Comhairle.

Sa Dearbhú a chuir an Coimisiún chun cinn i mí Eanáir 2022, cuirtear i láthair tiomantas an Aontais d’aistriú digiteach atá slán sábháilte inbhuanaithe lena gcuirtear daoine ina chroílár, i gcomhréir le croíluachanna agus cearta bunúsacha an Aontais.

  • person graphic icon
    Tús áite do dhaoine

    Le teicneolaíochtaí digiteacha, ba cheart cearta daoine a chosaint, tacaíocht a thabhairt don daonlathas, agus a chinntiú go ngníomhóidh gach gníomhaí digiteach ar bhealach freagrach sábháilte. Cuireann an tAontas Eorpach na luachanna sin chun cinn ar fud an domhain.

  • puzzle graphic
    Saoirse rogha

    Ba cheart daoine a bheith in ann leas a bhaint as timpeallacht chothrom ar líne, a bheith sábháilte ó ábhar neamhdhleathach agus díobhálach, agus iad a chumhachtú ar idirghníomhú dóibh le teicneolaíochtaí nua atá ag teacht chun cinn, ar nós na hintleachta saorga.

  • cog graphic
    Sábháilteacht agus slándáil

    Ba cheart an timpeallacht dhigiteach a bheith sábháilte agus slán. Ba cheart gach úsáideoir, ón óige go dtí an tseanaois, a chumhachtú agus a chosaint.

  • speech bubble participation graphic
    Dlúthpháirtíocht agus cuimsiú

    Ba cheart an teicneolaíocht a bheith ina háis chun daoine a thabhairt le chéile, seachas iad a dheighilt óna chéile. Ba cheart teacht a bheith ag cách ar an idirlíon, ar scileanna digiteacha, ar sheirbhísí poiblí digiteacha agus ar dhálaí córa oibre.

  • padlock graphic
    Rannpháirtíocht

    Ba cheart do shaoránaigh a bheith in ann páirt a ghlacadh sa phróiseas daonlathach ar gach leibhéal, agus smacht a bheith acu ar a gcuid sonraí féin.

  • sustainability graphic
    Inbhuanaitheacht

    Ba cheart do ghléasanna digiteacha tacú leis an inbhuanaitheacht agus leis an aistriú glas. Is gá daoine a chur ar an eolas faoin tionchar a imríonn a gcuid gaireas ar an gcomhshaol agus faoin ídiú fuinnimh a bhíonn i gceist leo.

Na cearta digiteacha agus na prionsabail dhigiteacha ar a dtugtar cur síos sa Dearbhú, déanfaidh siad comhlánú ar na cearta atá ann cheana, cuir i gcás na cinn atá fréamhaithe sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais, i gcearta cosanta sonraí agus sa reachtaíocht maidir le príobháideachas. Soláthróidh siad creat tagartha do shaoránaigh maidir lena gcearta digiteacha chomh maith le treoir do na Ballstáit agus do chuideachtaí agus iad ag plé le teicneolaíochtaí nua. Tá sé beartaithe go gcuideodh siad le gach duine san Aontas an tairbhe is mó a bhaint as an aistriú digiteach.

Tá an dara measúnú ar chur i bhfeidhm na bprionsabal digiteach curtha ar fáil i dTuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití.

Tá an Coimisiún ag reáchtáil suirbhé bliantúil Eorabharaiméadair freisin chun monatóireacht a dhéanamh ar na bearta leantacha sna Ballstáit. Foilsíodh an dara shuirbhé Eorabharaiméadair den chineál sin i mí Iúil 2024.