Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Doiciméid straitéise

Foilsíonn an Coimisiún na pleananna atá aige, agus tuarascálacha ar an obair atá déanta, le linn an timthrialla bhliantúil atá dírithe ar an bpleanáil straitéiseach agus ar an gclársceidealú.

Gach bliain, cuireann an Coimisiún Eorpach doiciméid straitéise i dtoll a chéile i dtimthriall ar a dtugtar an timthriall um pleanáil straitéiseach agus cláreagrú.

Tugann an Coimisiún faoin timthriall sin chun a chinntiú go bhfuil sé ar an mbóthar ceart chun na tosaíochtaí polaitiúla arna gcinneadh ag Uachtarán an Choimisiúin ag tús a théarma cúig bliana a bhaint amach.

Na doiciméid straitéise is déanaí atá againn

Treoirlínte polaitiúla

Is ar bhonn comhpháirteach a cheaptar mórstraitéis pholaitiúil an Aontais Eorpaigh. Is iad na rannpháirtithe sa phróiseas sin: Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle Eorpach, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.

Tar éis plé a dhéanamh leis na hinstitiúidí eile, is é Uachtarán an Choimisiúin a chinneann na tosaíochtaí polaitiúla dá shainordú. Ag tús théarma nua den Choimisiún, leagann Uachtarán an Choimisiúin amach na réimsí tosaíochta don téarma sin sna treoirlínte polaitiúla.

Léigh treoirlínte polaitiúla reatha an Choimisiúin

Clár oibre an Choimisiúin

Leagtar amach sa chlár oibre bliantúil plean an Choimisiúin don bhliain amach romhainn. Glactar é tar éis aitheasc an Uachtaráin ar Staid an Aontais agus leagtar amach ann an chaoi a ndéanfar gníomhaíochtaí nithiúla de thosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin.

Léigh clár oibre an Choimisiúin 2024

Pleananna straitéiseacha

Is éard atá i bplean straitéiseach doiciméad pleanála ina gcuireann Ard-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin síos ar an gcaoi a dtacóidh siad le mórthosaíochtaí polaitiúla an Choimisiúin, agus ina leagtar síos spriocanna sonracha don Ard-Stiúrthóireacht sa chúig bliana atá le teacht.

Léigh pleananna straitéiseacha 2020-2024

Pleananna bainistíochta

Leagtar amach i bpleananna bainistíochta gníomhaíochtaí gach Ard-Stiúrthóireachta de chuid an Choimisiúin don bhliain agus mínítear iontu conas a rannchuideoidh na gníomhaíochtaí sin leis na cuspóirí a leagadh amach ina plean straitéiseach a bhaint amach.

Léigh na pleananna bainistíochta atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe seo

Cláir oibre bhliantúla na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Leagtar amach i gcláir oibre bhliantúla na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin an chaoi a bhfuil sé i gceist acu a gclár caiteachais a chur i bhfeidhm, chomh maith le tosaíochtaí a máthair-ranna faoi seach.

Úsáideann na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin a gcláir oibre bhliantúla freisin chun a bhfeidhmíocht a thuairisciú bunaithe ar tháscairí réamhshainithe. Cinntear na táscairí sin le linn bhuiséad fadtéarmach an Aontais.

Léigh cláir oibre bhliantúla 2023 na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí

Sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí cuirtear i láthair an dul chun cinn atá déanta ag Ard-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin maidir leis na cuspóirí a leagtar amach ina bpleananna straitéiseacha agus bainistíochta a bhaint amach.

Léigh na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe seo

Tuarascálacha bliantúla ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht

Sa tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht, tugtar forléargas ar na torthaí a baineadh amach le buiséad an Aontais agus mínítear inti conas a rinneadh an buiséad a bhainistiú agus a chosaint. 

Léigh na tuarascálacha bliantúla ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe seo

An timthriall um pleanáil straitéiseach agus cláreagrú

Ag tús théarma nua den Choimisiún, leagann Uachtarán an Choimisiúin amach na réimsí tosaíochta don téarma sin sna treoirlínte polaitiúla. Cuirtear tús leis an timthriall le clár oibre bliantúil an Choimisiúin ina leagtar amach an méid atá beartaithe ag an gCoimisiún a bhaint amach sa bhliain amach romhainn.

Gach Ard-Stiúrthóireacht de chuid an Choimisiún (seachas na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin), leagann siad amach pleananna straitéiseacha ilbhliantúla ag tús téarma nua de chuid an Choimisiúin. Tá na pleananna straitéiseacha, in éineacht le clár oibre an Choimisiúin, mar bhonn le pleananna bainistíochta bliantúla gach Ard-Stiúrthóireachta. Sna pleananna sin (nó i gclár oibre bliantúil, i gcás na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin), sainítear príomhchuspóirí na hArd-Stiúrthóireachta don bhliain amach romhainn agus mínítear conas a chuirfidh siad le tosaíochtaí foriomlána an Choimisiúin. 

Ag deireadh na bliana, ullmhaíonn gach Ard-Stiúrthóireacht tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí (nó clár oibre bliantúil, i gcás na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin) ina sonraítear an dul chun cinn atá déanta acu i dtreo a gcuspóirí don bhliain sin a bhaint amach. Tá na tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí sin mar bhonn don tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht ón gCoimisiún, tuarascáil ina mínítear an chaoi ar rannchuidigh buiséad an Aontais leis an méid a bhain an Coimisiún amach le linn na bliana sin. Tríd an tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht, glacann Coláiste na gCoimisinéirí freagracht pholaitiúil as bainistiú foriomlán bhuiséad an Aontais in aon bhliain ar leith.