Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An tuarascáil bhliantúil ar bhainistíocht agus ar fheidhmíocht

Tuarascálacha bliantúla bainistíochta agus feidhmíochta

Sonraí

Dáta foilsithe
7 Nollaig 2016 (An uair dheiridh a nuashonraíodh: 20 Meitheamh 2023)

Cur síos

Sa tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta a fhoilsíonn an Coimisiún gach bliain, tugtar forbhreathnú ar na torthaí a baineadh amach le buiséad an Aontais agus mínítear an chaoi a ndearnadh bainistiú agus cosaint air. Is é an tuarascáil sin príomh-ionchur an Choimisiúin sa phróiseas bliantúil um urscaoileadh buiséadach. 

Leagtar amach sa tuarascáil na céimeanna atá á dtógáil ag an gCoimisiún chun deimhin a dhéanamh de go ndéantar bainistíocht ar bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis na caighdeáin is airde bainistíochta fónta airgeadais. Ar ghlacadh na tuarascála seo dó, glacann an Coimisiún freagracht fhoriomlán pholaitiúil chuige féin as bainistíocht bhuiséad an Aontais. Seo an chéim dheiridh de thimthriall pleanála, clársceidealaithe agus tuairiscithe an Choimisiúin.

Is cuid de phacáiste tuairiscithe comhtháite airgeadais agus cuntasaíochta an Choimisiúin é tuarascáil bhliantúil bhainistíochta agus feidhmíochta bhuiséad an Aontais, pacáiste ina bhfuil tuarascálacha eile, cuir i gcás na cuntais chomhdhlúite.

Is ionann an pacáiste tuairiscithe comhtháite airgeadais agus cuntasaíochta agus príomh-ionchur an Choimisiúin sa phróiseas um urscaoileadh buiséadach trína dtugann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an faomhadh deiridh maidir le cur chun feidhme an bhuiséid do bhliain shonrach.

 

Doiciméid