Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An tAontas Eorpach agus an comhar idirnáisiúnta riailbhunaithe

Tosaíochtaí agus luachanna an Aontais Eorpaigh sa chóras iltaobhach

Ní mór don Aontas dlús a chur lena cheannaireacht agus ‘beart a dhéanamh mar aon aonad amháin’ ionas go n-éireoidh leis ‘mar aon aonad amháin’. Chuige sin, cuirfidh an tAontas sásraí comhordaithe níos éifeachtúla chun cinn i ndáil le tosaíochtaí comhpháirteacha agus bainfidh sé úsáid níos fearr as a neart comhchoiteann, agus forbairt a dhéanamh ar chur chuige Team Europe san áireamh. Na láidreachtaí rialála daonlathacha agus uathúla atá aici, is sócmhainní iad chun domhan níos fearr a fhorbairt, agus ag an am céanna tacaíonn a struchtúir slándála agus cosanta leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ar fud an domhain chun an tsíocháin agus an tslándáil idirnáisiúnta a chaomhnú, a fhothú agus a fhorbairt.

An tAontas Eorpach ag an mbord caibidlíochta

Leanfaidh an tAontas de thacaíocht a thabhairt do nuachóiriú an chórais iltaobhaigh, agus iarrachtaí athchóirithe Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe san áireamh, chomh maith le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Forbróidh an tAontas comhghuaillíochtaí nua le tríú tíortha, neartóidh sé an comhar le heagraíochtaí iltaobhacha agus réigiúnacha, mar aon le páirtí leasmhara eile.

Príomhimeachtaí

  1. 19-21 Bealtaine 2023

    D’fhreastail an tUachtarán von der Leyen ar chruinniú mullaigh an G7. Phléigh na ceannairí an staid san Úcráin, sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, athléimneacht eacnamaíoch agus slándáil, agus rannpháirtíocht le comhpháirtithe an G20 agus Domhanda Theas

  2. 15-16 Samhain 2022

    Tionóladh cruinniú mullaigh an G20 in Bali na hIndinéise. Roimh an gCruinniú Mullaigh, chuir an Coimisiún dlús leis an tacaíocht chun cabhrú leo siúd is mó atá thíos leis na héifeachtaí tubaisteacha a bhaineann le neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain

  3. 6-20 Samhain 2022

    COP27: Léirigh an tAontas uaillmhian agus solúbthacht chun an sprioc maidir leis an téamh domhanda a theorannú go 1.5 céim a choinneáil faoina lámh aige agus chuidigh sé le socruithe cistiúcháin cothroma nua a chur i bhfeidhm chun cabhrú le pobail leochaileacha dul i ngleic le caillteanas agus damáiste de bharr an athraithe aeráide

     

  4. 31 Deireadh Fómhair - 12 Samhain 2021

    COP26: Chuidigh an tAontas chun spriocanna Chomhaontú Pháras a choinneáil beo.

  5. 30-31 Deireadh Fómhair 2021

    G20: Roimh COP26, díríodh ag an gCruinniú Mullaigh sin ar an athrú aeráide, ar an ngeilleagar domhanda, ar an tsláinte agus ar an bhforbairt inbhuanaithe.

  6. 11-13 Meitheamh 2021:

    Tháinig ceannairí an G7 ar chomhaontú maidir le gealltanais bhreise i dtaca le vacsaíní a chomhroinnt, maoiniú don aeráid agus dul chun cinn praiticiúil a dhéanamh ar réiteach domhanda maidir leis an gcánachas digiteach agus maidir le hathchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála.

  7. 21 Bealtaine 2021

    Ag an gCruinniú Mullaigh Sláinte Domhanda, thug ceannairí an G20 gealltanas i leith sraith beart lena gcuirfear dlús le deireadh a chur le géarchéim COVID-19 i ngach áit agus lena n-ullmhófar níos fearr do phaindéimí a bheidh ann amach anseo.

  8. 2-13 Nollaig 2019:

Doiciméid