Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

Scéal Choimisiún von der Leyen

Family photo of the College of Commissioners

Cur lenár ngealltanas don Eoraip:

I dtús théarma oifige Choimisiún von der Leyen i mí na Nollag 2019, thugamar gealltanas don Eoraip: gheallamar go mbeimis ceannasach uaillmhianach. Mhóidíomar riar ar mhianta shaoránaigh an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin de réir mar a thiocfadh siad chun cinn. Ó shin i leith, tá an Coimisiún seo ag obair gan stad gan staonadh chun an obair a thug muintir na hEorpa ar iontaoibh dó a chur i gcrích.

Agus chuireamar lenár ngealltanas. Choinníomar an cúrsa maidir leis na sé thosaíocht a leagamar síos i dtús ár mandáide, agus, san am céanna, d’aimsíomar réitigh ar chuid de na trialacha is mó a raibh an Eoraip i ngleic leo riamh.

Ó dhul i ngleic le paindéim dhomhanda go láimhseáil le mórtheagmhais aimsire a tháinig as an athrú aeráide, ó fhreagra a thabhairt ar chogadh foghach brúidiúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí an ghéarchéim fuinnimh is measa le blianta fada a bhainistiú, chrapamar suas ár muinchillí agus d’fhreagraíomar na dúshláin urghnácha a bhí romhainn. D’ainneoin an brú ón iliomad géarchéimeanna atá ann faoi láthair, d’éirigh leis an gCoimisiún féachaint chun cinn agus dúshláin ríthábhachtacha na nglún Eorpach atá le teacht a fhreagairt. Léiríomar go mbíonn an tAontas seo againne i mbarr a mhaitheasa nuair a bhíonn sé ceannasach.

Seo scéal Choimisiún von der Leyen. 

Aghaidh a thabhairt go díreach ar na géarchéimeanna

An phaindéim a threascairt

Freagra docht ar ionradh na Rúise ar an Úcráin

Tacaíocht a chur ar fáil nuair a thagann tubaiste chun cinn

An cúrsa a choinneáil maidir lenár dtosaíochtaí

An Comhaontú Glas don Eoraip

Ceannaireacht dhigiteach na hEorpa a fhorbairt

Ár ngeilleagar sóisialta margaidh

Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta

An daonlathas agus an smacht reachta a neartú

An Eoraip a bheith níos láidre agus níos ceannasaí sa domhan

Oibriú i gcomhar le chéile mar Aontas

Gach lá ó thús na mandáide, tá an Coimisiún seo ag obair chun an Eoraip a dhéanamh níos aontaithe agus níos láidre. Sa bhaile, thángamar slán as géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéidí riamh roimhe.

Ar an stáitse domhanda, chuir cur chuige Team Europe ar chumas an Aontais a bheith níos straitéisí, níos ceannasaí agus níos aontaithe.

Ar feadh na mandáide seo, tháinig fíor-Aontas geopholaitiúil ar an saol – a bhí ag tacú leis an Úcráin, ag seasamh i gcoinne ionsaí na Rúise, ag cur chun cinn an oird atá bunaithe ar rialacha agus ag infheistiú i gcomhpháirtíochtaí.

Gheallamar go mbeimis ceannasach uaillmhianach. Choinníomar orainn go deireadh an rása agus rinneamar beart de réir ár mbriathair.

Foilseacháin

 

6 MÁRTA 2024
Cur lenár ngealltanas don Eoraip: Scéal Choimisiún von der Leyen
6 MÁRTA 2024
Cur lenár ngealltanas don Eoraip: Scéal Choimisiún von der Leyen AMLÍNE