Cur lenár ngealltanas don Eoraip:
I dtús théarma oifige Choimisiún von der Leyen i mí na Nollag 2019, thugamar gealltanas don Eoraip: gheallamar go mbeimis ceannasach uaillmhianach. Mhóidíomar riar ar mhianta shaoránaigh an Aontais agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin de réir mar a thiocfadh siad chun cinn. Ó shin i leith, tá an Coimisiún seo ag obair gan stad gan staonadh chun an obair a thug muintir na hEorpa ar iontaoibh dó a chur i gcrích.
Agus chuireamar lenár ngealltanas. Choinníomar an cúrsa maidir leis na sé thosaíocht a leagamar síos i dtús ár mandáide, agus, san am céanna, d’aimsíomar réitigh ar chuid de na trialacha is mó a raibh an Eoraip i ngleic leo riamh.
Ó dhul i ngleic le paindéim dhomhanda go láimhseáil le mórtheagmhais aimsire a tháinig as an athrú aeráide, ó fhreagra a thabhairt ar chogadh foghach brúidiúil na Rúise i gcoinne na hÚcráine go dtí an ghéarchéim fuinnimh is measa le blianta fada a bhainistiú, chrapamar suas ár muinchillí agus d’fhreagraíomar na dúshláin urghnácha a bhí romhainn. D’ainneoin an brú ón iliomad géarchéimeanna atá ann faoi láthair, d’éirigh leis an gCoimisiún féachaint chun cinn agus dúshláin ríthábhachtacha na nglún Eorpach atá le teacht a fhreagairt. Léiríomar go mbíonn an tAontas seo againne i mbarr a mhaitheasa nuair a bhíonn sé ceannasach.
Seo scéal Choimisiún von der Leyen.
Nuair a bhuail an phaindéim is measa dá raibh ar domhan lenár linn, chuaigh an Coimisiún i mbun gnó chun beatha daoine, slí bheatha daoine agus ár ngeilleagar a chosaint.
Chabhraíomar le taighde ar vacsaíní tarrthála agus chuireamar ar fáil iad níos luaithe ná mar a rinneadh riamh roimhe.. Rinneamar deimhin de go raibh na vacsaíní ar fáil do gach Eorpach in aon am amháin, cibé Ballstát ina raibh cónaí orthu. Fuaireamar suas le 4.6 billiún dáileog vacsaíne, thar ceann na mBallstát, chun muintir na hEorpa a chosaint agus chun iad a roinnt le tíortha comhpháirtíochta. Fuair os cionn 80% de dhaoine fásta an Aontais an cúrsa vacsaínithe tosaigh.
Ó ba rud é go bhféadfaidh tíortha a dteorainneacha a oscailt go cúramach de bharr an vacsaínithe, d’fhorbraíomar uirlisí praiticiúla chun a chur ar chumas mhuintir na hEorpa taisteal go sábháilte. Chuireamar Deimhniú Digiteach COVID an Aontais ar bun, deimhniú lena nasctar 78 gcinn de thíortha agus críocha. Is é sin an tsamhail feasta le haghaidh córas domhanda chun soghluaisteacht a éascú agus saoránaigh ar fud an domhain a chosaint ar phaindéimí.
Agus an chontúirt ann go ndúnfaí cuideachtaí agus go gcuirfí deireadh le poist de dheasca na ndianghlasálacha, d’fhorbraíomar ionstraim le haghaidh Tacaíocht shealadach chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE). In 2020, choinnigh sé 2.5 milliún cuideachta ar oscailt agus 31.5 milliún Eorpach ina bpost, rud a d’fhág nár tháinig géarchéim ollmhór eacnamaíoch agus shóisialta chun cinn. Agus nuair a bhí teorainneacha dúnta agus earraí dá stopadh ar an mbóthar, sheolamar na Lánaí Glasa chun cúrsaíocht a éascú agus chun ganntanais earraí bunúsacha a chosc.
Díreach nuair a bhí vacsaíní á gcur ar fáil do gach Eorpach in aon am amháin, d’oibríomar chun a chinntiú go bhféadfadh geilleagair na mBallstát uile, go háirithe iad siúd is measa a bhí buailte ag an bpaindéim, téarnamh go tapa. Tráth an chúlaithe eacnamaíoch is measa ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, bhaineamar amach an téarnamh is láidre ó bhí an borradh iarchogaidh ann. Is é an fáth a raibh an téarnamh sin indéanta gur fhorbraíomar plean nua ceannasach chun airgead a thiomsú ar an margadh agus chun infheistíocht a dhéanamh le chéile i dtéarnamh agus athléimneacht na hEorpa.
De bharr NextGenerationEU tá iontaoibh bhreise á cur inár ngeilleagar. Agus luach níos mó ná €800 billiún air, tá sé ag cur chun cinn ár ngeilleagar le meascán d’infheistíocht agus d’athchóirithe faoi láthair. Tá torthaí nithiúla do mhuintir na hEorpa tagtha cheana féin ar na céadta tionscadal atá á maoiniú ag NextGenerationEU, ó fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta go traenacha leictreacha, ó sheirbhísí poiblí digiteacha thar barr go hospidéil den chéad scoth. San am céanna, tá NextGenerationEU á úsáid go straitéiseach ag na Ballstáit chun athchóirithe móra a dhéanamh, ar nós athchóirithe ar an margadh saothair, athchóirithe pinsin, agus dlús a chur le ceadú foinsí in-athnuaite fuinnimh. Ar an gcaoi sin tá an tAontas seo againne ag soláthar cumhachta do théarnamh na hEorpa.
Nuair a bhí tancanna na Rúise ag trasnú na teorann, sheas an tAontas an fód ar son na hÚcráine, le haontacht, neart agus diongbháilteacht. Agus, arís eile, bhí an Coimisiún, inchurtha leis an ócáid. Réitíomar an bealach chun níos mó ná 4 mhilliún dídeanaí ón Úcráin a óstáil san Aontas. D’eagraíomar cúnamh daonnúil, airgeadais agus míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ón Aontas agus ó na Ballstáit, cúnamh ar fiú €118.3 billiún é go dtí seo, agus €43.5 billiún i dtacaíocht mhíleata san áireamh. Agus táimid ag obair i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe G7 lena chinntiú go gcuirfear gach euro san áit is mó a bhfuil gá leis san Úcráin.
Chuaigh an deachtóir sa Chreimil sa seans air nach mbeadh muintir na hEorpa aontaithe. Le chéile, chruthaíomar nach raibh an ceart aige. Seasfaimid leis an Úcráin fad agus is gá. Tríd an tSaoráid nua don Úcráin, agus muintir na hÚcráine ag troid ar ais i gcoinne an ionraidh, cuirfimid €50 billiún eile ar fáil sna 4 bliana amach romhainn, chun cuidiú a thabhairt seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil – scoileanna a choinneáil ar oscailt, tuarastail agus pinsin a íoc. Gach bua dá mbeidh ag an Úcráin i gcoinne an ionsaitheora, is bua é freisin ag ár gcomhshlándáil san Eoraip.
In aon tráth leis sin, thacaíomar leis an Úcráin gach céim den bhealach agus í ag obair go crua chun athchóiriú a dhéanamh agus chun drannadh leis an Aontas. Agus aitheantas á thabhairt aige don dul chun cinn ollmhór atá déanta ag an tír sin agus ag freagairt ardmhianta mhuintir na hÚcráine, rinne an tAontas an cinneadh stairiúil tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Úcráin, ar bhonn moladh ón gCoimisiún.
Chuidíomar freisin dul i ngleic le tionchar ionsaí na Rúise ar fud an domhain. Agus an chontúirt ann go spreagfaí géarchéim dhomhanda bhia de dheasca an chogaidh a bhí an Rúis a fhearadh, cheapamar réitigh i leith trádmharcanna chun barra na hÚcráine a thabhairt chuig na tíortha is mó a raibh siad ag teastáil uathu. D’osclaíomar Lánaí Dlúthpháirtíochta a bhí ina gcuidiú 150 mhilliún tona d’earraí ón Úcráin a easpórtáil, tuairim is 75 milliún tona de tháirgí talmhaíochta san áireamh, lena n-easpórtáil den chuid is mó.
In aon tráth leis sin, táimid ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí ar an Rúis a choinneáil cuntasach as a cuid gníomhaíochtaí agus íoc as an scrios a rinne sí. Thugamar 14 phacáiste smachtbhannaí isteach chun acmhainn cogaíochta Mhoscó a chur ó mhaith. Tá bac curtha againn ar thuairim is €210 billiún de shócmhainní Bhanc Ceannais na Rúise san Aontas. Táimid ag tacú le bailiú fianaise maidir le coireanna cogaidh na Rúise agus coir an ionsaithe féin. Toisc go seasann an Eoraip leis an dlí idirnáisiúnta.
Agus ós rud é gur tháinig athrú ó bhonn ar an timpeallacht straitéiseach timpeall orainn, ní mór don Eoraip aghaidh a thabhairt ar fhreagracht nua. Sin an fáth a bhfuil Straitéis thionsclaíoch um an gcosaint Eorpach forbartha ag an gCoimisiún seo. Tugann sé fócas straitéiseach isteach agus cuidíonn sé iarrachtaí na mBallstát agus na ngnólachtaí Eorpacha a nascadh le chéile – ó thaighde go tionsclú agus tráchtálú córas nua, go borradh táirgeachta, soláthar comhordaithe agus slándáil an tsoláthair. Mar go bhfuil gá le slándáil chun go mbeidh síocháin ann.
Agus í ag tosú ar a hionsaí ar an Úcráin, bhain an Rúis úsáid as fuinneamh chun dúmhál a chur orainn, rud a spreag géarchéim fuinnimh san Eoraip agus an eagla roimh chlistí cumhachta. Arís eile, tharraing an tAontas seo againne le chéile.
Leis an bplean ceannródaíoch REPowerEU ón gCoimisiún, d’éirigh linn ár soláthairtí fuinnimh a chinntiú agus ár spleáchas ar an Rúis a laghdú. Rinneamar ár soláthairtí a éagsúlú trí chomhpháirtithe iontaofa nua a aimsiú. Chuireamar laghdú 18% ar an úsáid a bhíomar a bhaint as an ngás — a bhuí leis na hiarrachtaí ollmhóra a rinne muintir agus cuideachtaí na hEorpa. Agus chuireamar dlús le feidhmiú céimneach na bhfoinsí in-athnuaite fuinnimh.
Den chéad uair riamh, tháirgeamar níos mó leictreachais ón ngaoth san Aontas anuraidh ná ón ngás. Is beag nach bhfuil dúbailt déanta againn ar an ngrianfhuinneamh a tháirgtear san Eoraip. Agus tá méadú thart ar 35 % tagtha ar shuiteálacha fuinnimh gréine agus gaoithe ar bhonn bliantúil.
Chun aghaidh a thabhairt ar an ardú tobann atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh mar gheall ar dhúmhál na Rúise, rud ba chúis le cruatan dár ndaoine agus dár gcuideachtaí, chuireamar cur chuige ar bun ar éirigh leis cheana féin le linn na paindéime.
Chuireamar Ardán Fuinnimh an Aontais i bhfeidhm chun an t-éileamh ar ghás a chomhthiomsú agus tairiscintí iomaíocha a sheoladh, rud a thug seasamh caibidlíochta níos láidre dár gcuideachtaí ar na margaí domhanda. Agus tá ag éirí leis sin. Bhí rochtain ag ceannaitheoirí Eorpacha ar 42 bhilliún méadar ciúbach gáis tríd an Ardán in 2023. Agus bhí ró-éileamh – ar thrí oiread an mhéid a bhí ag teastáil – ar an gcomhthairiscint is déanaí ón Aontas, mí Feabhra 2024, tairiscint a tharraing toirt 97.4 billiún méadar ciúbach ó sholáthraithe idirnáisiúnta.
A bhuí leis na gníomhaíochtaí comhcheangailte a rinneamar, tá praghsanna an lae inniu beagnach 10 n-uaire níos ísle ná mar a bhí nuair ba throime an ghéarchéim. Agus tá deireadh le spleáchas na hEorpa ar bhreoslaí iontaise ón Rúis feasta.
Le linn a mhandáide, chuir an Coimisiún go mór le cumas na hEorpa tacaíocht ríthábhachtach a chur ar fáil do thíortha atá buailte ag tubaiste, ó thuilte go dóiteáin foraoise, ó chreathanna talún go héigeandálaí leighis.
Tá tacaíocht dírithe ag Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta chuig gach cuid den mhór-roinn agus níos faide i gcéin. Bhí ár bhfoirne ag obair chun daoine a tharrtháil agus an smionagar a ghlanadh díreach uair an chloig tar éis do chreathanna talún marfacha scrios a dhéanamh san Albáin, sa Chróit agus sa Tuirc. Ghníomhaigh siad go tapa agus thug tacaíocht ar an talamh tar éis tuilte tubaisteacha sa Bheilg, sa Ghearmáin, san Iodáil agus sa tSlóivéin.
Ó 2019 i leith, tá os cionn €3 bhilliún curtha ar fáil againn trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais do Bhallstáit agus do thíortha aontachais ar bhuail tubaistí nádúrtha agus éigeandálaí sláinte poiblí iad.
Chuidigh ár gcabhlach comhraic dóiteáin falscaithe a chomhrac ón nGréig go dtí an Phortaingéil, ón bhFrainc go dtí an Albáin. Agus ar an taobh thall den Atlantach freisin. Den chéad uair riamh, chuaigh Ceanada i muinín na hEorpa chun tacaíocht a fháil nuair a bhuail na dóiteáin foraoise é ba mheasa le blianta beaga anuas. Agus d’fhreagair an Eoraip an glao: Chuaigh na céadta comhraiceoirí dóiteáin Eorpacha i ngleic leis na dóiteáin dhiana a rinne scrios i bhforaoisí Cheanada.
Léirigh minicíocht agus déine na mórtheagmhas haimsire, chomh maith leis an bpaindéim, gur gá dúinn níos mó a dhéanamh chun tubaistí a fhreagairt. Sin an fáth ar chruthaíomar rescEU: cúlchiste coiteann d’acmhainní Eorpacha, lena n-áirítear cabhlach eitleán agus héileacaptar comhraic dóiteáin, eitleáin aslonnaithe leighis, agus stoc-chairn earraí leighis. Fíorlíontán sábhála Eorpach le haghaidh éigeandálaí.
Nuair a thagann tubaiste chun cinn, tá ár nAontas anois níos cumasaí ná riamh chun tacú le muintir na hEorpa — agus leis an gcuid eile den domhan. Ó 2020 i leith, tá comhordú déanta againn ar 232 oibríocht Aerdhroichid Dhaonnúil, oibríochtaí lenar freastalaíodh ar 12 ghéarchéim ar fud an domhain, an drochstaid dhaonnúil in Gaza le déanaí.
Díreach i dtús ár mandáide, thugamar an Eoraip le chéile thart ar sprioc choiteann: samhail nua fáis a fhorbairt, is é sin an Comhaontú Glas don Eoraip, atá bunaithe ar gheilleagar glan ciorclach. Leagamar síos spriocanna dúinn féin i dtreo a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Mar ní féidir nithe a chur i gcrích gan tomhas a dhéanamh orthu. Leis an gcompás sin, chuireamar chun cinn aistriú glan lena gcosnaítear daoine agus an pláinéad, aistriú atá fónta ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de.
Is soiléir an fhís atá againn: ba cheart an Eoraip leanúint de bheith ina príomhcheann scríbe le haghaidh deiseanna infheistíochta lena gcuirfear ar fáil poist chobhsaí ar ardchaighdeán agus éiceachóras tionsclaíoch láidir.
Chuireamar creat ar bun chun go mbeadh laghdú 55% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 1990 faoi dheireadh 2229. Chuireamar dlús le hinfheistíochtaí ar leibhéal an Aontais. Tá beagnach €400 billiún de chistí an Aontais ó NextGenerationEU agus ón mbeartas comhtháthaithe ag maoiniú tionscadail a bhaineann leis an aeráid. Leagamar síos creat láidir le haghaidh maoiniú inbhuanaithe agus bhíomar ar an eisitheoir is mó bannaí glasa ar fud ar domhan.
Agus tá sé léirithe againn gur féidir fás eacnamaíoch a dhíchúpláil ó astaíochtaí: ó 1990 i leith, tá laghdú 32.5 % tagtha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus tá fás beagnach 70 % tagtha ar ár ngeilleagar.
Agus chothaíomar forbairt na dteicneolaíochtaí nuálacha a theastaíonn uainn chun astaíochtaí a laghdú. Leis an nGníomh um Thionscal Glan-Nialasachta, cuirfimid dlús as cuimse le próisis cheadaithe le haghaidh monaraíocht teicneolaíochta glaine agus tacóimid le gnólachtaí Eorpacha an t-aistriú a bhaint amach agus a buntáiste iomaíoch a choinneáil ag an am céanna.
Ach ní mór don chuid eile den domhan an leibhéal sin a bhaint amach. Chun aghaidh a thabhairt ar an sceitheadh carbóin, chuireamar an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha i bhfeidhm. Cuidíonn sé sin lena chinntiú go laghdaítear astaíochtaí cibé áit ina dtáirgtear iad agus nach mbaintear an bonn de chuspóirí aeráide an Aontais.
Gheallamar ón tús do mhuintir na hEorpa go mbeimis ag obair chun an t-aistriú a dhéanamh cothrom ó thaobh na sochaí de. Chuireamar lenár ngealltanas. Bhunaíomar an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Aeráide Sóisialta, chun tacú leo siúd atá níos leochailí agus ar deacra dóibh dul in oiriúint.
Tá cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais á mbaint amach againn — tá an Eoraip ar an mbóthar ceart chun a spriocanna aeráide a bhaint amach. Agus táimid ag déanamh deis fáis de dhícharbónú riachtanach ár dtionscal.
Le blianta beaga anuas, tá níos mó bainte amach ag an Eoraip do shaoránaigh agus do ghnólachtaí sa spás digiteach ná mar a baineadh amach riamh.
Leagamar fís shoiléir amach i dtús na mandáide: a chinntiú go mbainfidh ár sochaí tairbhe as an teicneolaíocht agus go gcuirfidh an nuálaíocht dlús lenár iomaíochas, agus rioscaí do shaoránaigh a laghdú san am céanna.
Chomhlíonamar ár mandáid. Ar fud na hEorpa, tá na billiúin infheistithe againn i leathnú na snáthoptaice agus 5G. Tá réigiúin tuaithe nasctha againn agus chuireamar scileanna ar fáil do na céadta míle oibrithe le haghaidh na todhchaí digití. Sholáthraíomar fís dhuinelárnach den spás digiteach agus chomhdhlúthaíomar ár gceannaireacht theicneolaíoch.
In 2019, ní raibh ní ríomhairí Eorpacha a bhí in aon cheann de na hocht sár-ríomhaire is fearr. Sa lá atá inniu ann, tá ceithre cinn de na ríomhairí is cumhachtaí ar domhan suite san Aontas Eorpach — san Fhionlainn, san Iodáil, sa Spáinn agus sa Ghearmáin.
San am céanna, tá an Eoraip anois ar an gceannródaí domhanda is mó i leith chearta na saoránach ar líne. Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, leagamar amach na bunphrionsabail le haghaidh gach cuideachta digití san Eoraip, chomh maith le cearta soiléire d’úsáideoirí. Shainíomar na freagrachtaí speisialta atá ar ardáin mhóra idirlín maidir leis an ábhar a chuireann siad chun cinn agus a scaipeann siad — chun cabhrú le dul i ngleic leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis, mar shampla, agus chun mionaoisigh a chosaint. Agus leis an IIonstraim um Margaí Digiteacha, táimid á chinntiú go bhfeidhmeoidh mórchuideachtaí digiteacha de réir rialacha cothroma agus go gcuirfidh siad trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil ar fáil do ghnólachtaí an Aontais.
Is amhlaidh atá i gcás na hIntleachta Saorga chomh maith. Ina theannta sin, a bhuí leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, atá fabhrach don nuálaíocht , tá an Eoraip ar an aon mhór-roinn amháin ina bhfuil rialachán tiomnaithe i bhfeidhm maidir leis an intleacht shaorga, rialachán atá dírithe ar úsáidí ardriosca. Tá níos mó i gceist leis an ngníomh céanna ná rialacha – is túsphointe é an Gníomh um an Intleacht Shaorga, lena dtabharfar deis do chuideachtaí Eorpacha a bheith ar thús cadhnaíochta i dtaobh intleacht shaorga iontaofa a fhorbairt de.
Tá a fhios againn gur féidir leis an intleacht shaorga borradh ollmhór a chur faoi tháirgiúlacht ár gcuideachtaí. Dá bhrí sin, táimid ag cabhrú leo an intleacht shaorga a chomhtháthú ina bpróisis ghnó. Mar shampla, táimid ag tabhairt rochtain do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna ar ár sár-ríomhairí den chéad scoth, ionas gur féidir leo samhlacha móra intleachta saorga a fhorbairt, a oiliúint agus a thástáil.
San am céanna, tá bealach slán forbartha againn chun leas a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch na sonraí. Leis an nGníomh um Shonraí, dreasóimid na daoine a ghineann na sonraí lena gcomhroinnt sa chaoi go mbeidh ár néalmhargaí níos iomaíche — rud a chuirfidh na deicheanna billiún euro lenár n-olltáirgeacht intíre faoi 2028.
Tá dea-thoradh ag teacht ar Dheacáid Dhigiteach na hEorpa.
Tá tionscal na hEorpa i gcroílár ár misin go mbeidh rath ar ár muintir. Agus ár n-uaillmhian a chomhlíonadh ní mór dúinn geilleagar glan a thógáil. Chun cabhrú lenár dtionscal leanúint de bheith iomaíoch ar fud an domhain le linn an aistrithe, d’fhorbraíomar cur chuige mear chun tacú le príomhearnálacha, ó shliseanna agus teicneolaíocht ghlan, ó cheallraí go gaoth. Tugann sin infheistíocht, scileanna, saoráidí rialála cliste agus comhar le comhpháirtithe le chéile.
Rinneamar tástáil ar an gcur chuige sin leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, chun borradh a chur faoi mhonarú sliseanna agus tacú le méadú agus nuálaíocht ar fud an tslabhra luacha. Agus d’éirigh leis sin. Tá breis agus €100 billiún d’infheistíocht bheartaithe – idir phoiblí agus phríobháideach – ginte cheana féin leis an nGníomh Eorpach um Shliseanna, ar feadh tslabhra luacha. Agus tá poist mhaithe á gcruthú leis ar fud na hEorpa, ó Magdeburg go Catania, ó Bhaile Átha Cliath go Dresden, ó Wrocław go Grenoble.
Tá an cur chuige céanna á chur i bhfeidhm againn chun a chinntiú gur san Eoraip a bheidh todhchaí ár dtionscal teicneolaíochta glaine. Cuideoidh ár nGníomh um Thionscal Glan-Nialasachta leis an Aontas cumas láidir monaraíochta intíre a fhorbairt. Faoi 2030, ba cheart 40 % ar a laghad dár n-éileamh ar theicneolaíochtaí glan-nialasachta a chumhdach le hacmhainneacht mhonaraíochta na hEorpa. Is féidir lenár dtionscadail straitéiseacha agus ár ngleannta, lena gceadaítear athchóirithe agus rialacha soláthair agus ceantála spriocdhírithe, cabhrú leis an Aontas éirí ina cheannródaí domhanda san aistriú chuig fuinneamh glan agus poist ghlasa ardcháilíochta a chruthú sa bhaile.
Mar an gcéanna, d’fhorbraíomar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla chun rochtain a chinntiú dár gcuideachtaí ar ábhair riachtanacha, ábhair atá ríthábhachtach d’iomaíochas agus do shlándáil eacnamaíoch na hEorpa. Sa lá atá inniu ann, is ón tSín a fhaigheann an Eoraip an chuid is mó dá tearc-chréanna agus d’amhábhair chriticiúla eile. D’fhéadfadh teannas geopholaitiúil nó imeachtaí amhail an phaindéim fadhbanna táirgthe tromchúiseacha iartheachtacha a spreagadh tráth ar bith san Eoraip. Sin an fáth ar fhorbraíomar an prionsabal nua ‘dí‑rioscú seachas díchúpláil’ i leith na Síne, prionsabal ar ghlac Ballstáit an Aontais agus comhpháirtithe G7 leis. Tá tionscadail nua á bhforbairt againn san Eoraip, ach tá comhpháirtíochtaí straitéiseacha tairbhiúla á bhforbairt againn freisin le tíortha amhail an Astráil, an tSile agus Ceanada, chun amhábhair chriticiúla a fháil agus a phróiseáil agus chun slabhraí soláthair cuideachtaí Eorpacha a éagsúlú.
Agus chun dul in oiriúint do chúinsí geopholaitiúla, d’fhorbraíomar an chéad Straitéis Slándála Eacnamaíche dá raibh againn riamh, ina bhfuil céimeanna nithiúla chun ár n-athléimneacht a mhéadú agus ár ngeilleagar a chur as baol. Sa chás sin chomh maith, is pragmatach an cur chuige atá againn: acmhainneachtaí dílse na hEorpa a chur chun cinn i bpríomhearnálacha, cosaint ar spleáchas agus comhpháitíochtaí chun comhleasanna a chur chun cinn. Tá an Eoraip ag éirí níos láidre agus níos sábháilte dá bharr sin.
Tá iomaíochas ár ngeilleagair shóisialta margaidh bunaithe ar ár gcaipiteal daonna — ar scileanna agus ar dhea-bhail ár n-oibrithe. Ó thús na mandáide i leith, tá sin i gcroílár ár ngníomhaíochta.
Bhunaíomar an Comhshocrú um Scileanna, chun an oiliúint a theastaíonn ó oibrithe chun freastal ar riachtanais gnólachtaí a thabhairt dóibh, agus thacaíomar leis le €65 bhilliún d’infheistíochtaí i scileanna ó bhuiséad an Aontais agus ó NextGenerationEU. Tá sé sin ríthábhachtach dár muintir agus dár gcuideachtaí, ós rud é go ndeir dhá thrian de FBManna san Eoraip nach féidir leo teacht ar an tallann atá de dhíth orthu.
Ach tá ár n-iomaíochas bunaithe freisin ar dhálaí oibre a chuireann ar chumas ár n-oibrithe dul chun cinn a dhéanamh agus díriú ar a bpost. Thug Coimisiún von der Leyen gealltanas ar chuir sé leis: tá creat AE anois againn chun leordhóthanacht an phá íosta a fheabhsú. Ba cheart oibrithe pá a thuilleamh a fhágann gur féidir leo maireachtáil go cuibhiúil cibé áit ina n-oibríonn siad.
De réir mar a thagann bealaí nua oibre chun cinn, tagann dúshláin leo, mar shampla maidir le rochtain ar chearta saothair agus cosaint shóisialta. Sin é an fáth ar mholamar rialacha chun feabhas a chur ar na dálaí oibre in obair na n-ardán — mar a gheallamar i dtús mhandáid an Choimisiúin seo. In 2021, bhí os cionn 500 ardán digiteach gníomhach san Aontas agus bhí siad ag tairiscint oibre do bhreis agus 28 milliún duine — tá an chuid is mó acu féinfhostaithe ach is fostaithe iad daoine eile dáiríre.
Chomh maith leis sin, leagamar amach rialacha maidir le trédhearcacht phá, chun an bunphrionsabal a chomhlíonadh go bhfuil pá comhionann tuillte ar son obair chomhionann, cibé acu bean nó fear thú. Agus thugamar Ráthaíocht do Leanaí isteach, ionas gur féidir le teaghlaigh atá i ngátar íoc as cúram leanaí, agus go mbeidh máithreacha agus aithreacha in ann obair a dhéanamh agus cúram clainne orthu. Tá an iomláine thallann na hEorpa de dhíth go mór ar an Eoraip.
D’éirigh linn sprioc fhadtéarmach a bhrú thar an líne freisin: tuilleadh ban a thabhairt isteach i seomraí boird corparáideacha na hEorpa. Le glacadh na Treorach maidir le ‘Mná ar Bhoird’, a bhí gan dul chun cinn a dhéanamh le deich mbliana anuas, tá sprioc i bhfeidhm anois ag an Aontas seo againne gur mná iad 40 % de stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin i gcuideachtaí liostaithe. Is dea-scéal é seo do na mná, mar go bhfuil an tsíleáil ghloine briste. Agus is dea-scéala é dár ngeilleagar, ós rud é go n-éiríonn níos fearr le cuideachtaí a ghlacann leis an éagsúlacht.
Le linn na mandáide seo, chuir an Coimisiún tionscnaimh nua i láthair in aghaidh an chiníochais agus an fhrithsheimíteachais, ach i gcás daoine LGBTIQ, daoine faoi mhíchumas, agus Romach chomh maith.. D’oibríomar le haghaidh Aontas níos fearr, inar féidir le ratha bheith ar mhuintir na hEorpa beag beann ar dhath, creideamh, aois, inscne agus gnéaschlaonadh.
Is mór-roinn í an Eoraip ar mhúnlaigh go leor pobal a stair. Seasfaimid i gcónaí lenár n-oibleagáidí sábháilteacht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta á lorg acu, agus is cúis mhórtais dúinn bealaí dleathacha imirce a chur ar fáil a rachaidh chun tairbhe do shochaithe agus do gheilleagair na hEorpa freisin.
Mar sin féin, le linn géarchéimeanna roimhe seo nuair a tháinig líon dídeanaithe agus imirceach neamhrialta níos mó ná mar a tháinig riamh roimhe isteach san Aontas, ba léir nach raibh na huirlisí cearta ag an Eoraip chun dul i ngleic leis an mbrú.
Dá bhrí sin, i dtús mhandáid an Choimisiúin seo, gheallamar go mbunófaí comhchóras chun bainistiú níos fearr a dhéanamh ar an imirce san Aontas. Sin an fáth ar chuireamar i láthair Comhshocrú nua maidir le hImirce agus Tearmann.
Tar éis caibidlíocht chasta pholaitiúil agus dhlíthiúil, tháinig na Ballstáit agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú maidir leis an tacar cuimsitheach rialacha sin, rud a thug tús úr don Eoraip, áit a bhfuil bacadh agus marbhántacht feicthe againn ar feadh na mblianta fada.
Leis na rialacha nua, déanfaimid rialú níos doichte ar ár dteorainneacha seachtracha. Táimid ag déanamh nósanna imeachta tearmainn, fillte agus teorann níos tapúla agus níos éifeachtaí agus ag cur i bhfeidhm teorainneacha ama níos déine agus rialacha níos déine chun iarratais mhíchuí nó iarratais a thagann astu sin a theorannú, ach na ráthaíochtaí is gá do dhaoine aonair á gcoinneáil ar bun againn. Eiseofar láithreach cinntí um fhilleadh dóibh siúd nach bhfuil ceart fanachta acu.
Agus tá rialacha níos soiléire anois againn maidir le freagracht na mBallstát, ina bhfuil bearta feabhsaithe chun gluaiseachtaí tánaisteacha a theorannú.
Tacóidh na Ballstáit le chéile trí úsáid a bhaint as sásra dlúthpháirtíochta atá solúbtha ach buan. Beidh an rogha ag gach ceann acu an cineál dlúthpháirtíochta is mian leo a roghnú. Is fearr anois atá an tAontas seo againne in ann an imirce a bhainistiú.
I gcomhthráth le reachtaíocht níos éifeachtaí a fhorbairt, le linn na mandáide seo, chuidigh an Coimisiún leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin láithreacha — ón méadú ar líon na ndaoine atá ag teacht isteach sa Mheánmhuir go hionstraimiú na himirce atá ar bun ag an mBealarúis — le tacaíocht oibríochtúil agus le cúnamh ó ghníomhaireachtaí an Aontais. Agus thógamar comhpháirtíochtaí le tríú tíortha chun an smuigleáil a chomhrac agus chun an filleadh a mhéadú.
An chomhpháirtíocht chuimsitheach a shíníomar leis an Túinéis, cuir i gcás, baineann buntáistí frithpháirteacha léi nach mbaineann leis an imirce — ó fhuinneamh agus oideachas go scileanna agus slándáil. Is í sin an treoirphlean le haghaidh comhaontuithe eile atá le síniú le tíortha comhpháirtíochta, chun comhar a chothú agus chun bainistiú imirce a fheabhsú.
I dtús na mandáide, gheall Coimisiún von der Leyen tús áite a thabhairt don smacht reachta agus borradh nua a chur faoi dhaonlathas na hEorpa. Is iomaí rud a tharla laistigh agus lasmuigh den Aontas a chruthaigh go raibh an ceart againn, ní féidir linn talamh slán a dhéanamh den daonlathas. Ní mór dúinn troid ar a son gach lá as an nua. Tá reachtaíocht forbartha ag an gCoimisiún seo chun an daonlathas a chosaint agus a neartú, chun cur i gcoinne cur isteach eachtraigh, an bhréagaisnéis a chomhrac agus saoirse agus iolrachas na meán a chosaint, chomh maith le sábháilteacht iriseoirí.
Agus rinneamar bearta nach ndearnadh a leithéid riamh cheana chun seasamh leis an smacht reachta sna Ballstáit uile. Chuireamar Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta ar bun, ina gcuirtear moltaí saincheaptha do gach Ballstát chun sárú an smachta reachta a chosc agus chun é a neartú a thuilleadh. Nuair nár leor an t-idirphlé, bhaineamar úsáid as na huirlisí uile a bhí ar fáil dúinn, bearta maidir le sáruithe agus an Sásra Coinníollachta Buiséid san áireamh. Fágann sin gur féidir íocaíochtaí as bhuiséad an Aontais a chur ar fionraí i gcás nach gcloífear leis an smacht reachta i mBallstát. Arna iarraidh sin don Choimisiún, gníomhachtaíodh an fhoráil sin i gcás na hUngáire.
Thugamar aghaidh go daingean ar dhúshláin roimh an smacht reachta, chun ár ndaonlathas Eorpach agus ár sochaithe saora oscailte a chosaint.
Le blianta beaga anuas, léirigh Coimisiún von der Leyen a mhinice is féidir dúshláin ollmhóra a fhreagairt agus é ag obair i gcomhar le cairde agus le comhpháirtithe. A bhuí le cumas an Aontais comhghuaillíochtaí cumhachtacha a chruthú ar fud an domhain, neartaíodh ról na hEorpa ar fud an domhain.
Ba ar an Afraic a thug Coláiste na gCoimisinéirí reatha a chéad chuairt. Le hobair Choimisiún von der Leyen, tá an caidreamh leis na Stáit Aontaithe tugtha go leibhéil nua, le dlúthchomhar chun tacú leis an Úcráin, agus maidir le fuinneamh, gníomhú ar son na haeráide, trádáil agus teicneolaíocht. Chuidigh sé freisin leis an gcaidreamh leis an Ríocht Aontaithe a athshocrú tar éis Brexit. Thugamar Creat Windsor chun críche le caibidlíocht, creat a chuir ceann de na caidrimh is tábhachtaí atá againn san Eoraip ar ais ar bhealach dearfach.
Agus d’fhorbraíomar glúin nua comhpháirtíochtaí le Global Gateway, an clár infheistíochta domhanda is mó a bhí ag an Eoraip riamh. Is é Global Gateway, dar luach €300 billiún, an tairiscint atá againn le haghaidh tionscadail ardcháilíochta infheistíochta agus bonneagair lena gcloítear le hardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta agus lena gcruthaítear poist agus fás go háitiúil.
Baineann Global Gateway le comhpháirtíochtaí a rachaidh chun tairbhe do chách a fhorbairt agus leasanna ár gcomhpháirtithe agus leasanna an Aontais á gcur san áireamh ó thaobh na geopholaitíochta de.
Agus tá torthaí air cheana féin. Roghnaíodh breis agus 200 tionscadal suaitheanta, lenar ghabh €66 bhilliún d’infheistíochtaí ó chomhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le hamhábhair leis an Namaib, leis an tSile agus leis an Airgintín, go comhar maidir le hidrigin in-athnuaite le Maracó agus leis an Éigipt, nó maidir le córas digiteach cáblaí fomhuirí, ar a dtugtar Medusa, a nascann an tAontas le tíortha na hAfraice Thuaidh. Beidh cuid mhór tionscadal eile ag teacht.
Cuirtear an Tairseach Dhomhanda chun feidhme de réir cur chuige ‘Team Europe’ — institiúidí an Aontais agus Ballstáit an Aontais ag obair i gcomhar le chéile — agus ní hamháin go dtacaíonn sí leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach ar fud an domhain, ach cuireann sí le tionchar an Aontais ar an ardán domhanda freisin.
Tá an Eoraip ag daingniú a cáile mar chomhpháirtí fadtéarmach iontaofa, agus í ag obair ar mhaithe le sochair fhrithpháirteacha.
Oibriú i gcomhar le chéile mar Aontas
Gach lá ó thús na mandáide, tá an Coimisiún seo ag obair chun an Eoraip a dhéanamh níos aontaithe agus níos láidre. Sa bhaile, thángamar slán as géarchéimeanna nach bhfacthas a leithéidí riamh roimhe.
Ar an stáitse domhanda, chuir cur chuige Team Europe ar chumas an Aontais a bheith níos straitéisí, níos ceannasaí agus níos aontaithe.
Ar feadh na mandáide seo, tháinig fíor-Aontas geopholaitiúil ar an saol – a bhí ag tacú leis an Úcráin, ag seasamh i gcoinne ionsaí na Rúise, ag cur chun cinn an oird atá bunaithe ar rialacha agus ag infheistiú i gcomhpháirtíochtaí.
Gheallamar go mbeimis ceannasach uaillmhianach. Choinníomar orainn go deireadh an rása agus rinneamar beart de réir ár mbriathair.
Foilseacháin
- Íoslódáilбългарски
- Íoslódáilespañol
- Íoslódáilčeština
- Íoslódáildansk
- ÍoslódáilDeutsch
- Íoslódáileesti
- Íoslódáilελληνικά
- ÍoslódáilEnglish
- Íoslódáilfrançais
- Íoslódáilhrvatski
- Íoslódáilitaliano
- Íoslódáillatviešu
- Íoslódáillietuvių
- Íoslódáilmagyar
- ÍoslódáilMalti
- ÍoslódáilNederlands
- Íoslódáilpolski
- Íoslódáilportuguês
- Íoslódáilromână
- Íoslódáilslovenčina
- Íoslódáilslovenščina
- Íoslódáilsuomi
- Íoslódáilsvenska
- Íoslódáilбългарски
- Íoslódáilespañol
- Íoslódáilčeština
- Íoslódáildansk
- ÍoslódáilDeutsch
- Íoslódáileesti
- Íoslódáilελληνικά
- ÍoslódáilEnglish
- Íoslódáilfrançais
- Íoslódáilhrvatski
- Íoslódáilitaliano
- Íoslódáillatviešu
- Íoslódáillietuvių
- Íoslódáilmagyar
- ÍoslódáilMalti
- ÍoslódáilNederlands
- Íoslódáilpolski
- Íoslódáilportuguês
- Íoslódáilromână
- Íoslódáilslovenčina
- Íoslódáilslovenščina
- Íoslódáilsuomi
- Íoslódáilsvenska