Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Bonn láidir a chur faoi fheirmeoireacht beostoic

  • Alt nuachta
  • 7 Iúil 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Dairy farm

 

Tuairim agus seacht milliún duine atá fostaithe in earnáil na feirmeoireachta beostoic san Aontas ar fad. Go leor díobh sin, tá siad fostaithe i gceantair nach bhfuil mórán deiseanna eacnamaíocha eile le fáil iontu. Is earnáil í lena ngabhann láimhdeachas bliantúil €400 billiún. Ach tá sí faoi bhrú mar gheall ar bhrabúsacht íseal, ar chostais a bheith ag dul i méid, ar dhálaí margaidh a bheith ag athrú, agus ar ráigeanna de ghalair ainmhithe. Tá straitéis nua um earnáil an bheostoic tugtha isteach ag an gCoimisiún Eorpach chun a chinntiú go mbeidh sé ar chumas feirmeoirí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin den sórt sin ar bhealach inbhuanaithe san fhadtéarma. 

Cuidíonn an straitéis le feirmeoirí gan bheith ag brath ar iompórtálacha chomh mór agus a bhíodh, a bheith ag brath níos mó ar acmhainní intíre, astaíochtaí a laghdú, sábháilteacht bia a chosaint agus comaoin a chur ar leas ainmhithe. Chun é sin a bhaint amach, leagtar cúig thosaíocht amach inti: 

  • Ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna. Laghdófar an neamhchosaint ar riosca trí uirlisí nua bainistithe riosca, agus cuirfear ar a gcumas d’fheirmeoirí téarnamh níos tapa tar éis géarchéime. Tacófar le tíortha an Aontais ó thaobh tionchar galar ainmhithe a bhainistiú ar mhaithe le cosc, luathbhrath agus luathghníomhaíocht a neartú.  
  • Iomaíochas san Aontas agus ar fud an domhain. Cuirfear borradh faoin mbrabúsacht agus faoi ghlacadh na nuálaíochta, agus treiseofar leis an iomaíochas agus leis an inbhuanaitheacht. Fiosrófar conas is féidir an t-aistriú chuig córais gan chaighin a éascú ach rochtain a bheith ar mhaoiniú, sin agus tacú le nósanna imeachta ceadúcháin, leis an gciorclaíocht, leis an mbithgheilleagar agus le luachshocrú bithmhaise. Cinnteofar go bhfaighidh feirmeoirí ioncam cóir. 
  • Inbhuanaitheacht. Tabharfar bearta isteach chun comaoin a chur ar leas ainmhithe trí athbhreithnithe spriocdhírithe i dtaobh béaróg, sicíní grísce agus muc, arb athbhreithnithe iad a mbeidh idirthréimhsí leordhóthanacha agus tacaíocht airgeadais leordhóthanach ag gabháil leo. Forbrófar modhanna comhchuibhithe maidir le hastaíochtaí beostoic a ríomh ar leibhéal na feirme, le cleachtais i dtaobh mhaolú an athraithe aeráide, agus le bainistiú cothaitheach.  
  • A bheith oiriúnach do gach feirm agus do gach réigiún. Oibreofar i gcomhar le tíortha an Aontais ar phlean chun táirgeadh beostoic inbhuanaithe a thabhairt ar an bhfód arís i réigiúin leochaileacha. Forbrófar treochlár maidir le seamlais íseal-acmhainne agus/nó seamlais shoghluaiste, chun nach mbeidh ainmhithe á n-iompar a oiread céanna agus bhíonn faoi láthair, agus chun geilleagair áitiúla a athbheochan.    
  • Sármhaitheas. Déanfar sármhaitheas an Aontais i réimse an táirgthe níos feiceálaí agus níos tairbhí trílipéadú tionscnaimh agus aithint cáilíochta an Aontais a neartú.  

Ar a bharr sin, tá plean gníomhaíochta um próitéin ag gabháil leis an straitéis bheostoic, plean arb é is aidhm dó cur le soláthar agus le húsáid próitéine a fhástar san Aontas. In 2025, na holashíolta agus na barra próitéine a úsáideadh chun ainmhithe a bheathú san Aontas, níor foinsíodh ach 25% díobh san Aontas. Tá sé d’aidhm ag an bplean an sciar sin a mhéadú ionas gur 35% a bheidh i gceist faoi 2035.  

Tuilleadh eolais 

Ceisteanna agus freagraí 

Bileog eolais 

Sláinte ainmhithe – Sábháilteacht Bia – An Coimisiún Eorpach 

Sláinte ainmhithe – Sábháilteacht Bia – An Coimisiún Eorpach 

Straitéis Bheostoic an Aontais – Talmhaíocht agus forbairt tuaithe 

Preaseisiúint: An bealach i dtreo earnáil beostoic rathúil agus córas próitéine neamhthuilleamaíoch leagtha amach ag an gCoimisiún 

 

Dáta foilsithe
7 Iúil 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide