Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 21 Deireadh Fómhair 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Todhchaí thalmhaíocht an Aontais a fhorbairt agus béim ar leith a leagan ar fheirmeoirí óga

Young female farmer pushes a wheelbarrow with a child in it

 

Tá dúshlán mór roimh an talmhaíocht san Eoraip, is é sin aosú an daonra. Mar sin féin, tá feirmeoirí óga ríthábhachtach do shlándáil bia an Aontais agus do cheantair thuaithe bhríomhara. Chun aghaidh a thabhairt air sin, tá straitéis maidir le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht curtha i láthair ag an gCoimisiún. Is é is aidhm dó tacú le feirmeoirí óga agus níos mó daoine a mhealladh chuig an bhfeirmeoireacht.

Faoi láthair, is é 57 mbliana d’aois an mheánaois feirmeora san Aontas, agus níl ach 12% acu faoi bhun 40 bliain d’aois. Chun an fheirmeoireacht a choinneáil athléimneach tarraingteach, ní mór na dálaí cearta a bheith ag daoine óga chun a saol agus a ngairmeacha beatha a thógáil i gceantair thuaithe. Leagtar amach sa straitéis nua seo treochlár soiléir chun an méid sin a bhaint amach, darb aidhm an líon feirmeoirí óga san Eoraip a mhéadú faoi dhó faoi 2040

Sainaithnítear sa straitéis cúig phríomhluamhán chun gníomhaíochta – rochtain ar thalamh, airgeadas, scileanna, caighdeáin chothroma mhaireachtála i gceantair thuaithe, agus tacaíocht don chomharbas. Tá an méid seo a leanas ar na tionscnaimh nithiúla:

  • ‘pacáiste tosaigh’ a thabhairt isteach d’fheirmeoirí óga sa chéad chomhbheartas talmhaíochta eile, a bhfuil cnapshuim suas le €300,000 san áireamh ann, chun éascú a dhéanamh ar a n-iontráil agus a mbunú san earnáil
  • cistí a spriocdhíriú ar bhealach níos fearr i bhfabhar feirmeoirí óga
  • oibriú leis an mBanc Eorpach Infheistíochta chun rochtain ar mhaoiniú a éascú
  • é a dhéanamh níos éasca d’iontrálaithe nua dul i mbun feirmeoireachta, a bhuí le Faireachlann Eorpach um Thalamh, rud a chuideoidh le feirmeoirí rochtain a fháil ar an talamh atá ar fáil, rud a thacóidh le comharbas feirme, rud a chuirfidh bonn eolais faoi bheartas, agus rud a chuirfidh cosc ar amhantraíocht talún
  • cuireadh a thabhairt d’fheirmeoirí óga páirt a ghlacadh in Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga ionas gur féidir leo dea-chleachtais feirmeoireachta a fhoghlaim thar lear nó a n-ioncam a éagsúlú trí fhoghlaim ó earnálacha eile
  • dálaí maireachtála maithe a chur chun cinn i gceantair thuaithe agus tacú le forbairt áitiúil agus leis an óige agus le rannpháirtíocht na mban san am céanna
  • comhchistiú a dhéanamh ar sheirbhísí faoisimh feirme a thagann isteach in ionad feirmeoirí le linn breoiteachta, laethanta saoire, nó chun aire a thabhairt dóibh, chun a gcothromaíocht oibre is saoil a fheabhsú.

Cuirfear an straitéis i bhfeidhm ar leibhéil éagsúla: tríd an gcomhbheartas talmhaíochta atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, trí bheartais chomhlántacha an Aontais, trí thionscnaimh ó pháirtithe leasmhara, agus trí ghníomhaíochtaí náisiúnta.

Beidh iarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta ríthábhachtach chun go n-éireoidh leis. Sin é an fáth a bhfuil an Coimisiún ag tathant ar thíortha an Aontais 6% ar a laghad den chaiteachas talmhaíochta a infheistiú i mbearta lena gcuirtear athnuachan ó ghlúin go glúin chun cinn. Anuas air sin, mar chuid den straitéis déanfar straitéisí náisiúnta a fhorbairt faoi 2028 lenar cheart aghaidh a thabhairt ar dhúshláin feirmeoirí óga agus bearta tacaíochta a shainiú dóibh.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint – Bearta molta ag an gCoimisiún chun tacú le hathnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht chun bia, feirmeoireacht agus todhchaí thuaithe na hEorpa a chinntiú

Athnuachan ó ghlúin go glúin sa talmhaíocht

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Deireadh Fómhair 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide