Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Plean na hEorpa chun borradh a chur faoin soláthar leasacháin agus faoin tslándáil bia

  • Alt nuachta
  • 19 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Tractor spreads fertiliser over a field

 

Tá feirmeoirí ar fud na hEorpa faoi bhrú níos mó agus níos mó mar gheall ar bhriseadh soláthair agus luaineacht praghsanna le déanaí. Tá an Coimisiún tar éis tionscnamh a chur chun cinn chun tacú lena fheirmeoirí ar chostais mhéadaithe leasacháin agus ganntanas méadaithe leasacháin, chun an táirgeadh intíre a threisiú agus chun spleáchas na hEorpa ar iompórtálacha a laghdú.

Cuideoidh an plean gníomhaíochta um leasacháin chun slándáil bia a chinntiú trí thacú le feirmeoirí agus trí fheabhas a chur ar an rochtain atá acu ar leasacháin. Go sonrach, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas: 

  • tacaíocht airgeadais as cuimse a chur ar fáil
  • scéim leachtachta nua a chur i láthair chun cabhrú le sreabhadh airgid
  • dreasachtaí níos láidre a chur ar fáil le haghaidh cleachtais feirmeoireachta níos éifeachtúla
  • tacú le feirmeoirí bainistiú cothaitheach níos fearr a bhaint amach
  • bearta a mholadh chun úsáid díleáiteán a éascú, i.e. an t-ábhar ar mhórán cothaitheach a eascraíonn as dramhaíl orgánach (fuíoll bia nó aoileach, mar shampla)

Treiseoidh sé neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa chomh maith trí bhorradh a chur faoin táirgeadh intíre agus tríd an ngeilleagar ciorclach agus an dícharbónú a chur chun cinn. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • céimeanna a dhéanamh chun tacú leis an tionscal leasacháin intíre
  • úsáid roghanna malartacha orgánacha agus bithbhunaithe Eorpacha leasacháin a ghríosú
  • a mhachnamh a dhéanamh ar dhreasachtaí don tionscal leasacháin lena spreagtar dícharbónú an táirgthe agus lena méadaítear táirgeadh leasachán inbhuanaithe san Aontas ag an am céanna, i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar an Scéim Trádála Astaíochtaí (CTA) atá ar na bacáin
  • laghdú a dhéanamh ar an rómhaorlathas agus bacainní margaidh nach bhfuil gá leo, agus bearta nua a mholadh chun an t-éileamh ar leasacháin inbhuanaithe de dhéantús an Aontais a mhéadú
  • a chinntiú go mbeidh rochtain chomhionann ag earnáil na leasachán ar mhaoiniú le haghaidh na nuálaíochta glaise agus an nuachóirithe ghlais

Ar deireadh, neartóidh an plean trédhearcacht agus ullmhacht an mhargaidh, agus cuirfidh sé feabhas ar an idirphlé idir páirtithe leasmhara ag an am céanna. Chun an méid sin a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas:

  • comhpháirtíocht slabhra luacha leasachán de chuid an Aontais a sheoladh, ina dtabharfar le chéile táirgeoirí leasacháin, feirmeoirí agus tíortha an Aontais
  • monatóireacht ar an margadh a neartú, cumais luathrabhaidh a neartú, agus creat a mholadh chun a chinntiú go mbeidh sonraí rialta cothrom le dáta ar fáil maidir le leasacháin san Aontas
  • measúnú a dhéanamh ar stoc-charnadh agus ar roghanna eile chun leasacháin thábhachtacha agus ionchuir thábhachtacha a dhaingniú chun cur lenár n-ullmhacht

Tá na leasacháin ríthábhachtach don táirgiúlacht talmhaíochta, d’inmharthanacht na bhfeirmeacha agus don tslándáil bia, agus is sciar suntasach iad de na costais táirgthe atá le híoc ag feirmeoirí. Is é atá sa phlean gníomhaíochta sin an chéim is déanaí atá déanta ag an gCoimisiún chun rochtain iontaofa a thabhairt d’fheirmeoirí ar chainníochtaí leordhóthanacha de leasacháin inacmhainne, agus an Eoraip a dhéanamh níos athléimní, níos iomaíche agus níos glaise ag an am céanna.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint - Plean curtha i láthair ag an gCoimisiún chun soláthar leasacháin agus slándáil bia na hEorpa a chinntiú

Infhaighteacht agus inacmhainneacht leasachán san Aontas a chinntiú

Ceisteanna agus freagraí

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide