Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Faire domhanda na n-aigéan a neartú

An Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta maidir leis an gCóras Domhanda um Fhaire na nAigéan

Céard é an Córas Domhanda um Fhaire na nAigéan? 

Is é Coimisiún Idir-Rialtasach Aigéaneolaíochta UNESCO a dhéanann an Córas Domhanda um Fhaire na nAigéan Domhanda a chomhordú, agus is leis a chuirtear ar fáil an bonneagar domhanda le haghaidh fhaire na n-aigéan, bonneagar trína soláthraítear sonraí oscailte saor-rochtana maidir leis na haigéin. D’ainneoin an róil ríthábhachtaigh atá aige, tá an córas céanna chomh tearcmhaoinithe sin agus go bhfuil sé i mbaol. Dá bhrí sin, an Coimisiún Eorpach agus Coimisiún Idir-Rialtasach Aigéaneolaíochta UNESCO, sheol siad comhghuaillíocht idirnáisiúnta chun tuilleadh infheistíochta a shlógadh agus chun an comhordú a neartú.

An Córas Domhanda um Fhaire na nAigéan – léargas i bhfoirm figiúirí 

64 thír atá páirteach ann
90% den fhaire domhanda, ní mhaoiníonn ach 9 dtír é
+ 120,000 uair a dhéantar na haigéin a fhaire gach lá

Gealltanais don Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta maidir leis an gCóras Domhanda um Fhaire na nAigéan  

Eagrófar imeacht gealltanais i mí Mheán Fómhair 2026 chun ranníocaíochtaí a shlógadh don chóras, agus beidh an tUachtarán von der Leyen agus Mark Carney, Príomh-Aire Cheanada, ina gcomhchathaoirligh air.

Tá sé iarrtha ag an gCoimisiún ar thíortha an Aontais, ar thíortha nach bhfuil san Aontas agus ar chomhpháirtithe ar nós eagraíochtaí neamhbhrabúsacha agus eagraíochtaí príobháideacha dul isteach sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta chun borradh a chur faoin tacaíocht d’fhaire na n-aigéan a bhuí le maoiniú cobhsaí fadtéarmach.

Ranníocfaidh an Coimisiún €62 mhilliún tríd an gClár Fís Eorpach. 

Cén tábhacht atá le faire na n-aigéan?

Is leis na haigéin 70% de dhromchla na cruinne, ach más ea féin, ní dhearnadh go fóill ach 5% de na haigéin a thaiscéaladh agus a mhapáil.

Dá mhéad eolais a bheidh againn ar na haigéin, is ea is fearr a bheimid in ann iad a chosaint. Sonraí a fhaightear trí bheith ag faire na n-aigéan, tá siad ríthábhachtach ó thaobh:  

  • sábháilteacht agus slándáil oibríochtaí ar muir
  • geilleagar gorm iomaíoch
  • réamhaisnéisí cruinne aimsire
  • réamh-mheastacháin iontaofa aeráide
  • athshlánú agus chosaint na n-aigéan
  • athléimneacht chósta níos láidre

Tacú le teicneolaíocht agus nuálaíocht aigéin

Neartaíonn OceanEye iarrachtaí ceannaireachta idirnáisiúnta an Aontais i dtaobh córas marthanach domhanda a bhunú um fhaire na n-aigéan. Tacaíonn an tionscnamh sin le hinfheistíocht, nuálaíocht agus comhar le haghaidh éifeachtacht agus athléimneacht fhaire domhanda na n-aigéan a neartú. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an tionscnamh gníomhaíochtaí oideachais, cultúir agus for-rochtana chun na haigéin agus faire na n-aigéan a thabhairt níos gaire do na saoránaigh. 

Tuilleadh eolais faoi OceanEye

Cúlra

I mí an Mheithimh 2025 ghlac an Coimisiún Eorpach an Comhshocrú Eorpach um an Aigéan. Ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Chomhshocraithe sin, tá cur chun cinn taighde, eolais, scileanna agus nuálaíochta maidir leis an aigéan. Cuid ríthábhachtach den iarracht sin is ea OceanEye. Cé go bhfuil infheistíochtaí nach beag i bhfaire na n-aigéan déanta ag an Aontas agus ag tíortha an Aontais cheana, is féidir na hiarrachtaí sin a neartú agus a leathnú a thuilleadh. 

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 18 Meitheamh 2026