Ár bhfís le haghaidh thalmhaíocht agus bia an Aontais Eorpaigh
Tá fís leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach maidir le todhchaí na feirmeoireachta agus an táirgthe bia san Aontas. Tá sé mar aidhm aige córas bia cothrom iomaíoch a chruthú lena gcuirfear bia inacmhainne inbhuanaithe ar fáil do chách. Féachann sé le cuidiú le feirmeoirí dúshláin a shárú, cuir i gcás costais atá ag ardú, an t-athrú aeráide, agus suaitheadh sa slabhra soláthair, sin agus a chinntiú go leanfaidh an Eoraip de bheith ar thús cadhnaíochta i dtáirgeadh bia.
Is é an sprioc atá ann córas bia níos láidre agus níos nuálaí a thógáil a rachaidh chun tairbhe d’fheirmeoirí agus do thomhaltóirí araon, córas a chuideoidh chun an domhan a chothú ar bhealach inbhuanaithe.
Cuireann an treochlár le hobair an idirphlé straitéisigh maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, agus moltar ann príomhchonairí do thodhchaí an bheartais agraibhia go dtí 2040.

Chun an fhís sin a fhíorú, beidh an tAontas ag obair go dlúth le feirmeoirí, táirgeoirí bia, pobail tuaithe agus an tsochaí shibhialta chun todhchaí níos fearr a cheapadh don talmhaíocht agus do bhia san Eoraip. Beidh muinín á cothú againn agus feabhas á chur againn ar an idirphlé chun cur chuige cuimsitheach comhoibritheach a chruthú a léireoidh traidisiúin agus luachanna na hEorpa.
Earnáil agraibhia rathúil
Tá an fhís bunaithe ar cheithre phríomhréimse.
Earnáil tharraingteach
Oibreoidh an tAontas chun gairm bheatha inmharthana tharraingteach a dhéanamh den fheirmeoireacht do na glúnta atá le teacht. Ciallaíonn sé sin ioncam cothrom, tacaíocht níos fearr, agus slabhra bia níos láidre. Thugamar isteach straitéis um athnuachan ó ghlúin go glúin i mí Dheireadh Fómhair 2025 chun cabhrú le feirmeoirí óga a bheith nuálach agus chun infheistíocht a dhéanamh ina ngnólachtaí.
Earnáil iomaíoch sholúbtha
Cuideoidh an tAontas lenár gcóras agraibhia géarchéimeanna a sheasamh agus deiseanna a thapú trí bheith níos éagsúla, níos inoiriúnaithe agus níos nuálaí. Tabharfaimid tús áite don tslándáil bia, déanfaimid slabhraí soláthair a éagsúlú, agus oibreoimid i dtreo iomaíocht níos cothroime.
Earnáil a bheidh slán i bhfad na haimsire
Beidh ról tábhachtach ag an bhfeirmeoireacht san aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin. Cuirfidh an tAontas cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe chun cinn lena laghdófar astaíochtaí, lena gcosnófar acmhainní nádúrtha, agus lena bhfeasófar sláinte ithreach. Forbróimid freisin córas deonach tagarmharcála chun cabhrú le feirmeoirí a bhfeidhmíocht a thomhas agus a fheabhsú.
Earnáil a bhfuil meas aici ar bhia agus ar dhaoine
Is mian leis an Aontas daoine a nascadh an athuair leis an mbia a itheann siad agus leis na críocha agus na traidisiúin uathúla a bhaineann leo. Tacóimid le ceantair thuaithe, laghdóimid cur amú bia, agus tabharfaimid aghaidh ar an méid is ábhar imní do shochaithe, cuir i gcás leas ainmhithe. Reáchtálfaimid Idirphlé Bia bliantúil freisin chun saincheisteanna criticiúla cosúil le hinacmhainneacht bia agus cothú a phlé.
Príomhréimsí gníomhaíochta
- Tugadh isteach straitéis um athnuachan ó ghlúin go glúin chun tacú le feirmeoirí óga i mí Dheireadh Fómhair 2025
- Moladh Pacáiste cuimsitheach simpliúcháin i mí na Nollag 2025 don chreat reachtach talmhaíochta atá ann faoi láthair
- Reachtáladh an chéad idirphlé maidir le bia i mí an Mhárta 2026
- Seoladh an tArdán maidir le Mná san Fheirmeoireacht i mí an Mhárta 2026 chun mná san fheirmeoireacht a chumhachtú agus chun comhionannas deiseanna a neartú san earnáil
- Straitéis dhigiteach an Aontais a sheoladh don talmhaíocht chun tacú leis an aistriú chuig an bhfeirmeoireacht atá réidh don digitiú
- Córas deonach tagarmharcála a fhorbairt chun cabhrú le feirmeoirí a bhfeidhmíocht a thomhas agus a fheabhsú
Léigh tuilleadh faoin bhfís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia
Leagan téacs
- 9.1 milliún feirm san Aontas in 2020
- 377,000 feirmeoir óg atá chun tús a chur le gníomhaíochtaí talmhaíochta
- €228.6 billiún d’easpórtálacha an Aontais in 2023
Cúlra
Siar i mí Eanáir 2024, sheol an Coimisiún an t-idirphlé straitéiseach maidir le todhchaí na talmhaíochta san Aontas Eorpach, fóram a cruthaíodh chun fís chomhroinnte d’fheirmeoireacht an Aontais a mhúnlú. Tugadh le chéile ann 29 bpríomhpháirtí leasmhara ó earnálacha agraibhia na hEorpa, ón tsochaí shibhialta, ó phobail tuaithe agus ón saol acadúil.
Sa tuarascáil chríochnaitheach ón Idirphlé Straitéiseach, cuireadh measúnú ar dhúshláin agus ar dheiseanna i láthair, agus sraith moltaí ina dhiaidh sin. Ba iad na moltaí sin ba bhonn leis an bhfís le haghaidh na talmhaíochta agus an bhia.
An scéala is déanaí
Inniu, ghlac an Coimisiún Eorpach an Straitéis Beostoic chun a chinntiú go bhfanfaidh earnáil luachmhar beostoic na hEorpa láidir agus athléimneach san fhadtéarma.
Inniu, ghlac an Coimisiún Eorpach an Plean Gníomhaíochta maidir le Leasacháin: tionscnamh chun tacú le feirmeoirí atá ag dul i ngleic le costais agus ganntanas leasacháin atá ag dul i méid, táirgeadh intíre a threisiú agus spleáchas na hEorpa ar allmhairí a laghdú.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 12 Márta 2026