Riachtanach don saol
Is acmhainn riachtanach é an t-uisce.
Cothaíonn sé ár modh maireachtála, ár ngeilleagar agus ár mbia. Ach sa lá atá inniu ann, tá ár soláthar uisce i mbaol.
Ní mór don Eoraip slándáil uisce a chinntiú agus a bheith ullamh do thubaistí a bhaineann le huisce. Faoi 2030, beidh an t-éileamh domhanda ar uisce 40% níos mó ná na hacmhainní atá ar fáil, agus ní mór iarrachtaí a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh sé ar fáil agus go mbeidh sé ar ardchaighdeán ar fud an domhain.
Sin an fáth a bhfuil straitéis athléimneachta maidir le huisce forbartha ag an gCoimisiún Eorpach chun cabhrú leis an Aontas feabhas a chur ar an dóigh a mbainistímid an t-uisce agus, ag an am céanna, ár ngnólachtaí a dhéanamh níos iomaíche agus níos nuálaí.

Arbh eol duit?
- Uisce glan
Cearta bunúsacha an duine is ea uisce óil sábháilte agus an tsláintíocht.
- Tionchar ar an tsláinte
Leanann truailleáin an-mharthanach, amhail PFAS, de bheith ag carnadh in uiscí an Aontais agus meastar go gcosnaíonn na tionchair ar an tsláinte dá mbarr idir €52 bhilliún agus €84 bhilliún in aghaidh na bliana.
- Deis ghnó
Is ceannaire domhanda í an Eoraip i dteicneolaíocht an uisce, agus is aici atá 40% de na paitinní uile ar fud an domhain. Gineann a tionscal uisce €107 mbilliún agus tacaíonn sé sin le 1.7 milliún post.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 29 Meitheamh 2026
