Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 19 Lúnasa 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Lá Domhanda na Daonnúlachta: Cuireann an tAontas Eorpach cabhair ar fáil ar fud an domhain agus tugann sé cosaint d’oibrithe cabhrach áitiúla

EU Humanitarian air bridge to Egypt

 

Is é an 19 Lúnasa Lá Domhanda na Daonnúlachta, ar deis é ceiliúradh a dhéanamh ar iarrachtaí tarrthála fíor-riachtanacha gan staonadh oibrithe cabhrach ar fud an domhain. Nuair a bhriseann géarchéimeanna amach agus nuair a thagann coinbhleachtaí chun cinn, bíonn daonnúlaigh i measc na gcéad daoine ar an láthair a thugann cúnamh éigeandála dóibh siúd atá buailte. Ar an drochuair, léirigh géarchéimeanna domhanda le déanaí, cuir i gcás cogadh foghach na Rúise san Úcráin agus an choinbhleacht sa Mheánoirthear, gur rómhinic gurb iad na hoibrithe cabhracha a íocann an praghas is airde as a n-iarrachtaí. Ba í 2023 an bhliain ba mharfaí riamh d’oibrithe cabhrach, agus is dócha go mbeidh an treocht thragóideach chéanna i gceist in 2024. 

Déantar go leor oibrithe cabhrach a imscaradh faoi thiomantas an Aontais cúnamh daonnúil a chur ar fáil do dhaoine ar fud an domhain atá buailte ag tubaistí agus guaiseacha nádúrtha de dheasca an duine. Tá an gealltanas seo maidir le cabhair dhaonnúil á chomhlíonadh ag an Aontas le breis agus 30 bliain anuas, i níos mó ná 110 tír, agus difear á dhéanamh aige do na milliúin duine ar fud an domhain gach bliain. Go deimhin, tá an tAontas – tíortha agus institiúidí an Aontais i dteannta a chéile – i measc na ndeontóirí cabhrach daonnúla is mó ar domhan, agus buiséad daonnúil tosaigh €1.8 billiún aige do 2024. 

Clúdaíonn cabhair dhaonnúil an Aontais réimsí idirghabhála, cuir i gcás bia agus cothú, foscadh, cúram sláinte, uisce agus sláintíocht, agus oideachas i gcásanna éigeandála. Déantar é a threorú go neamhchlaonta chuig pobail a ndéantar difear dóibh, beag beann ar a gcine, a ngrúpa eitneach, a reiligiún, a n-inscne, a n-aois, a náisiúntacht nó a gcleamhnacht pholaitiúil agus díríonn sé ar na daoine is leochailí. Agus líonra saineolaithe daonnúla de chuid an Aontais i mbreis agus 40 tír ar fud an domhain, is féidir dlúthfhaireachán a dhéanamh ar ghéarchéimeanna agus ar oibríochtaí fóirithinte. 

Ar mhórthionscnaimh cabhrach daonnúla an Aontais le déanaí tá:    

  • Eitiltí Aerdhroichead an Aontais um Chabhair Dhaonnúil a sheoladh chun cabhair a dhíriú ar na limistéir is deacra teacht orthu. Tá líne tharrthála cruthaithe ag na heitiltí Aerdhroichid sin chun cúnamh a threorú chuig an Aetóip le linn ghéarchéim Tigray, chuig Poblacht Dhaonlathach an Chongó, chomh maith le cúnamh a sheachadadh do mhuintir Gaza le déanaí.  
  • Stoc-chairn dhomhanda cabhrach a fhorbairt – an Acmhainneacht Eorpach um Fhreagairt Dhaonnúil – arna hóstáil i Meiriceá Laidineach, sa Mheánoirthear, san Áise agus san Eoraip chun go mbeidh siad in ann cabhair a sheoladh níos tapúla chuig criosanna géarchéime, amhail tar éis an chreatha talún sa Tuirc agus sa tSiria in 2023.  

Thairis sin, tríd an oibríocht is mó riamh faoin Sásra um Chosaint Shibhialta, chuir an tAontas 149,000 tona de chabhair dhaonnúil ar fáil don Úcráin agus chomhordaigh sé aslonnú breis agus 3,500 othar Úcránach chuig ospidéil ar fud na hEorpa. 

Chun cuidiú oibrithe cabhrach áitiúla a chosaint ar fud an domhain, bhunaigh an tAontas an tionscnamh Protect Aid Workers [Cosaint d’Oibrithe Cabhrach] a chabhraíonn leo siúd a d’fhulaing ionsaithe nó teagmhais slándála eile agus iad ar dualgas le cúnamh dlíthiúil agus deontais ghasta airgeadais. Is é an chéad sásra dá leithéid é agus ó mhí Feabhra 2024 tá 25 dheontas, ar fiú breis agus €240,000 iad, dáilte aige ar oibrithe daonnúla a bhfuil tacaíocht de dhíth orthu. Tríd an tionscnamh, tá sé d’aidhm ag an Aontas líontán sábhála a chruthú d’oibrithe cabhrach áitiúla a mbíonn acmhainní teoranta acu go minic agus nach féidir leo brath ar chosaint eagraíochtaí móra idirnáisiúnta. 

Tuilleadh eolais

Cabhair dhaonnúil an Aontais

Ráiteas ón Ardionadaí/Leas-Uachtarán Josep Borrell agus ón gCoimisinéir Janez Lenarčič ar Lá Domhanda na Daonnúlachta 2024

Oibrithe Cabhrach a Chosaint 

Aerdhroichead Daonnúil an Aontais Eorpaigh

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Lúnasa 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide