Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 4 Feabhra 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

An Lá Domhanda in aghaidh na hAilse: dóchas, cosc agus cóireáil

Woman hugging elderly man

 

Diagnóisíodh go raibh ailse ar Sofia Pereira Sá i samhradh 2023 agus rinneadh 20 babhta ceimiteiripe uirthi. Bíonn roinnt fo-iarmhairtí uirthi go fóill, cuir i gcás ‘inchinn na ceimiteiripe’. ‘I ngeall ar na fo-iarmhairtí sin go léir, níorbh fhéidir liom a bheith i mo mháthair mar ba mhian liom do mo mhac atá bliain go leith d’aois. Ní raibh mé in ann a bheith ag súgradh leis, folcadh a thabhairt dó, ná é a thabhairt ar scoil. Ba é sin an chuid ba deacra den chóireáil ar fad. Bhris sé mo chroí,’ a mhínigh Sofia. 

Is scéal róchoitianta é scéal Sofia, agus cuireann sé i gcuimhne dúinn go mbíonn tionchar ag an ngalar orainn go léir.  

Ar an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse an 4 Feabhra, spreagtar cosc na hailse ar fud an domhain agus spreagtar gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt uirthi. De réir thuarascálacha 2025 an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAilse de réir Tíre do thíortha an Aontais, don Iorua agus don Íoslainn, tá méadú 12% tagtha ar rátaí marthanais ailse ar fud an Aontais. Mar sin féin, tá méadú 24% tagtha ar leitheadúlacht ailse agus tá neamhionannais ailse fós ann ar fud thíortha an Aontais. 

Léirítear sna tuarascálacha gur ceithre phríomhchineál ailse is cúis le thart ar leath de na cásanna ailse, is iad sin: ailse chalaireicteach, ailse scamhóg, ailse próstataigh agus ailse cíche. Tugtar faoi deara sa tuarascálacha freisin roinnt feabhsuithe ar thosca riosca ailse san Aontas, rátaí caite tobac atá ag laghdú agus laghdú foriomlán ar alcól a ól. Is dúshlán atá ag dul i méid i gcónaí iad an iomarca meáchain agus an murtall, áfach, agus tá níos mó ná leath de dhaoine fásta san Aontas róthrom. 

Tá a chion féin á dhéanamh go gníomhach ag an Aontas chun dul i ngleic leis an ngalar. In 2021 sheol sé Plean Sáraithe Ailse na hEorpa. Mar thoradh air sin, bunaíodh roinnt príomhthionscnamh chun feabhas a chur ar ailse a chosc, ar luathbhrath, ar dhiagnóisiú, ar chóireáil agus ar cháilíocht saoil othar ailse agus marthanóirí ailse san Aontas.  

D’fhoilsigh ceann de na tionscnaimh sin, Tionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh um Ailse Cíche, an chéad leagan oifigiúil den scéim Eorpach um dhearbhú cáilíochta do sheirbhísí ailse cíche, roimh an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse. Sainítear mar chuid den scéim sraith ceanglas cáilíochta maidir le cúram ailse cíche, lena gcumhdaítear scagthástáil, diagnóisiú, cóireáil agus obair leantach ar fud an Aontais. 

Ar an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse, tá a chéad Idirphlé Beartais leis an Aos Óg á óstáil ag an gCoimisinéir Várhelyi, idirphlé a mbeidh 30 duine óg a tháinig slán ón ailse agus gairmithe óga ailse páirteach ann. Is deis é an tIdirphlé do na rannpháirtithe a dtuairimí a roinnt maidir le beartais agus cláir sláinte an Aontais i réimse na hoinceolaíochta agus plé a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an mbeartas sláinte freastal ar othair ailse agus ar dhaoine a tháinig slán ón ailse ar bhealach níos fearr. 

Tá Sofia ag obair in earnáil na cumarsáide leis an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Thaighde agus is ábhar dóchais di an tionscadal taighde atá ar bun faoi láthair agus a fhaigheann maoiniú faoi chlár Ghníomhaíochtaí Marie Sklodowska Curie de chuid an Aontais. D’fhéadfadh a gcóireáil ‘sárghliú’ cabhrú leis an gcóras imdhíonachta ailse a chomhrac ar bhealach níos éifeachtaí, le níos lú fo-iarmhairtí.

Tuilleadh eolais 

Bileog eolais – Plean Ailse an Aontais: Difríocht a dhéanamh 

Bileog eolais – Torthaí nua maidir le neamhionannais ailse agus gníomhaíocht aisle náisiúnta 

Próifílí Ailse de réir Tíre 

An Chlárlann Eorpach um Éagothromaíochtaí Ailse 

Plean Sáraithe Ailse na hEorpa 

Scagthástáil, diagnóisiú agus cúram ailse   

Mí Feasachta ar an Ailse Ceirbheacs: Tionscadail EU4Health atá i gcodarsnacht le HPV 

‘Sárghliú’ a thabharfaidh dóchas d’othair ailse 

Preaseisiúint: Próifílí Ailse de réir Tíre foilsithe ag an gCoimisiún roimh an Lá Domhanda in aghaidh na hAilse 

Sonraí

Dáta foilsithe
4 Feabhra 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide