2 bhliain ó shin, tháinig an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (GSD) i bhfeidhm.Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), cosnaítear do chearta bunúsacha trí rialú a dhéanamh ar sheirbhísí ar líne, cuir i gcás ardán meán sóisialta, margaí, siopaí aipeanna, agus seirbhísí taistil agus lóistín ar líne. Is é an sprioc a bhí aige spás digiteach níos sábháilte a chinntiú trí aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna, mar atá dearadh andúile, ábhar neamhdhleathach, teaicticí ionramhálacha, agus tuilleadh nach iad.Ó mhí Feabhra 2024 i leith, tá feidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha i dtaca le formhór na n-ardán san Aontas, seachas micrifhiontair agus fiontair bheaga. Roinntear forfheidhmiú an Ghnímh idir na húdaráis náisiúnta (Comhordaitheoirí Seirbhísí Digiteacha) agus an Coimisiún Eorpach. Déanann an Coimisiún maoirseacht ar na hardáin is mó. Chun comhlíonadh a chinntiú, tá roinnt imscrúduithe tionscanta ag an gCoimisiún. I gcásanna áirithe, thug siad ar ardáin athruithe nithiúla a dhéanamh. Tá roinnt imscrúduithe fós ar siúl. Mar shampla, sheol an Coimisiún imscrúdú le déanaí ar X agus ar cur in úsáid Grok agus chuir sé síneadh lena imscrúdú leanúnach ar chórais moltaí X. Tá imscrúdú ar Shein seolta aige freisin i ngeall ar a dearadh andúile, easpa trédhearcachta agus díol táirgí neamhdhleathacha.I gcás eile, réamh-chinn an Coimisiún gur sháraigh dearadh andúile TikTok GSD. Nuair a tharlaíonn sé sin, is féidir leis an ardán é féin a chosaint. Is féidir leis comhaid an imscrúdaithe a scrúdú agus freagra a thabhairt i scríbhinn sula ndéanfar aon chinneadh críochnaitheach. D’fhéadfaí fíneálacha suas le 6% dá láimhdeachas bliantúil domhanda a ghearradh ar ardáin mhóra nach gcomhlíonann GSD. D’fhéadfaí a cheangal orthu freisin bearta ceartaitheacha a dhéanamh.Trí bhearta cosúil le GSD, tá todhchaí dhigiteach na hEorpa á múnlú ag an Aontas. Tá sé ag tacú le teicneolaíochtaí nua, á maoiniú agus á rialáil, agus é mar aidhm aige an daonlathas a neartú agus an Eoraip a dhéanamh níos iomaíche agus níos neamhspleáiche ó thaobh na teicneolaíochta de.Tuilleadh eolaisAn Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha Sonraí Dáta foilsithe17 Feabhra 2026ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide