Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 21 Bealtaine 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Bearta simpliúcháin chun €400 milliún a shábháil ar ghnólachtaí an Aontais in aghaidh na bliana

Young carpenter in wood workshop using laptop

 

bearta nua molta ag an gCoimisiún Eorpach chun €400 milliún breise i gcostais riaracháin bhliantúla a shábháil ar chuideachtaí an Aontais. Le catagóir nua de chuideachtaí ar a dtugtar cuideachtaí meánchaipitlithe beaga, éascóidh na bearta oibleagáidí comhlíontachta agus saorfar acmhainní le haghaidh an fháis agus na hinfheistíochta.

Nuair a thagann fás ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) thar 250 fostaí, glactar leis gur fiontair mhóra iad agus tagann méadú mór ar oibleagáidí comhlíontachta. D’fhéadfadh an t-athrú sin an fás a dhíspreagadh agus an t-iomaíochas a theorannú. Is cuideachtaí iad cuideachtaí meánchaipitlithe beaga le níos lú ná 750 fostaí acu agus suas le €150 milliún i láimhdeachas nó suas le €129 milliún i sócmhainní iomlána. Gheobhaidh beagnach 38,000 cuideachta san Aontas a thagann faoin gcatagóir sin rochtain ar shochair áirithe do FBMannaar rialacha simplithe.

Ar na príomhbhearta tá:

  • thart ar 10,000 cuideachta a dhíolmhú, in 2026 amháin, ó ghás ceaptha teasa fluairínithe a chlárú
  • oibleagáidí simplithe maidir le taifid a choimeád sa Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
  • deireadh a chur le dearbhuithe comhréireachta páipéarbhunaithe, treoracha úsáide agus eile, agus ar an gcaoi sin dlús a chur leis an aistriú digiteach
  • bealaí níos éasca chun a léiriú go gcomhlíonann táirgí ceanglais an Aontais, fiú nuair nach bhfuil caighdeáin chomhchuibhithe ar fud an Aontais ar fáil
  • céimniú isteach níos rianúla na n-oibleagáidí díchill chuí don tionscal ceallraí

Tá an Coimisiún ag obair chun maorlathas nach bhfuil gá leis a laghdú agus timpeallacht rialála a chruthú lena spreagtar nuálaíocht, fás, poist ar ardchaighdéan agus infheistíocht. Faoi 2029, tá sé d’aidhm aige rialacha a chuíchóiriú agus na hualaí riaracháin ar ghnólachtaí a laghdú 25%, agus laghdú 35% a dhéanamh ar na hualaí riaracháin sin ar FBManna faoin sprioc chéanna. Tugtar an ceathrú pacáiste simpliúcháin Omnibus ar an togra sin. Tá an chéad cheann eile beartaithe do mhí an Mheithimh 2025 lena ndíreofar ar an gcosaint.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint: Omnibus IV

Ceisteanna agus freagraí: Pacáiste simpliúcháin Omnibus IV

Bileog eolais: Omnibus IV

Na pacáistí simpliúcháin a bhí ann roimhe seo: an chéad, an dara agus an tríú pacáiste

Iomaíochas

Sonraí

Dáta foilsithe
21 Bealtaine 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide