
Tá rialacha simplí soiléire ríthábhachtach chun go mbeidh geilleagar na hEorpa láidir. Cuidíonn na rialacha sin le gnólachtaí infheistíocht a mhealladh, fás a dhéanamh agus poist ardcháilíochta a chruthú, agus ag an am céanna am agus airgead a shábháil do na saoránaigh.
Tá dhá thogra omnibus nua curtha i láthair ag an gCoimisiún Eorpach mar chuid dá iarrachtaí níos leithne chun an rómhaorlathas a laghdú agus borradh a chur faoi iomaíochas na hEorpa:
- Táirgí fuinnimh: leis an togra seo, simpleofar na rialacha maidir le lipéadú fuinnimh agus bonn, rud a fhágfaidh go mbeidh na ceanglais níos éasca do sholáthróirí agus do mhiondíoltóirí, agus cinnteofar ag an am céanna go bhfaighidh tomhaltóirí an t-eolas atá de dhíth orthu fós.
- Cánachas: leis an togra seo, simpleofar rialacha cánach an Aontais, laghdófar ualaí tuairiscithe agus comhlíontachta, agus is éasca a bheidh sé do ghnólachtaí oibriú ar fud an Aontais.
Cad is togra omnibus ann?
Togra reachtach aonair is ea togra omnibus lena leasaítear roinnt dlíthe de chuid an Aontais ag an am céanna, ar fud an réimse beartais chéanna de ghnáth. Cinntíonn an cur chuige sin go bhfuil na hathruithe a dhéantar comhleanúnach agus cuidíonn sé leis an Aontas dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir lena spriocanna.
Leis an dá thogra nua sin, tá 12 thogra omnibus curtha i láthair ag an gCoimisiún in earnálacha éagsúla. In éineacht le bearta simpliúcháin eile, coigilteas riaracháin bliantúil €18 mbilliún atá sna hiarrachtaí sin.
Cén fáth ar gá na rialacha a shimpliú?
Tá béim leagtha ag gnólachtaí san Aontas, idir bheag agus mhór, ar an gcaoi a bhfuil an t-ualach riaracháin ina bhac ar an bhfás. Mar fhreagairt ar na hábhair imní sin, tá bearta simpliúcháin á moladh ag an Aontas chun an t-ualach sin a laghdú, agus ardchaighdeáin shóisialta, chomhshaoil agus cosanta tomhaltóirí á gcoinneáil ag an am céanna.
Trí rialacha an Aontais a dhéanamh níos simplí, is é is aidhm don Choimisiún cabhrú le gnólachtaí níos lú ama a chaitheamh ar pháipéarachas agus níos mó ama a chaitheamh ar nuálaíocht, ar fhás agus ar phoist a chruthú.
Faoi 2029, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an t-ualach a laghdú 25% ar a laghad do gach gnólacht agus 35% ar a laghad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, agus meastar gur coigilteas €37.5 billiún a bheidh ann.
Tuilleadh eolais
Preaseisiúint – táirgí fuinnimh
- Dáta foilsithe
- 24 Meitheamh 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide