
An 2 Lúnasa 2026, tháinig rialacha nua maidir le trédhearcacht na gcóras IS i bhfeidhm.
Tá an intleacht shaorga ag dul chun cinn go tapa, rud a fhágann go bhfuil sé ag éirí níos deacra idirdhealú a dhéanamh idir ábhar a ghintear agus a chúbláiltear leis an intleacht shaorga agus ábhar barántúil a chruthaíonn daoine daonna. Cruthaíonn sé sin rioscaí nua mífhaisnéise agus cúblála ar scála, calaoise, pearsanaithe agus meabhlaireachta tomhaltóirí.
Cuideoidh na hoibleagáidí trédhearcachta nua le daoine a aithint nuair is ag idirghníomhú le IS atá siad nó nuair atá ábhar a ghintear le IS ós a gcomhair, ionas gur féidir leo cinntí eolasacha a dhéanamh agus iad féin a chosaint ar mhífhaisnéis nó ar mheabhlaireacht ar bhealach níos fearr.
Oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla córas IS áirithe
- Ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga a mharcáil agus a lipéadú: ní mór ábhar áirithe a ghintear nó a chúbláiltear leis an intleacht shaorga a lipéadú go soiléir feiceálach agus marcanna meaisín-inléite a bheith san áireamh ann. Tá tacar deilbhíní cruthaithe ag an Aontas Eorpach is féidir a úsáid chuige sin. Tá feidhm aige sin maidir leis an méid seo a leanas:
- íomhánna, ábhar fuaime agus físe atá cosúil le daoine, réada, áiteanna, eintitis nó imeachtaí atá ann cheana (domhainbhrionnuithe)
- uirlisí aitheanta mothúchán agus uirlisí catagóirithe bhithmhéadraigh
- téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, i gcás nach ndearnadh aon athbhreithniú daonna ná rialú eagarthóireachta air.
- Trédhearcacht agus tú ag idirghníomhú le córas IS: Ní mór úsáideoirí a chur ar an eolas go soiléir nuair nach bhfuil siad ag idirghníomhú le fíordhuine, ach le córas intleachta saorga, mar shampla bota comhrá, gníomhaire intleachta saorga agus abhatár.
Tá treoirlínte foilsithe ag an gCoimisiún chun cuidiú le soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga na hoibleagáidí trédhearcachta sin a chomhlíonadh. Mínítear sna treoirlínte conas is féidir comhlíonadh a léiriú, mar shampla trí chloí le cód cleachtais.
Na rialacha agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm
Na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh, an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga (i gcás na gcóras atá faoina maoirseacht), agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (nuair is soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla iad institiúidí an Aontais), is iadsan atá freagrach as na rialacha trédhearcachta a chur i bhfeidhm agus féadfaidh siad fíneálacha a eisiúint
- suas le €15 mhilliún, nó 3% dá láimhdeachas bliantúil domhanda, i gcás cuideachtaí
- suas le €740k i gcás institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais
- agus comhréireacht á cur san áireamh i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide agus cuideachtaí meánchaipitlithe beaga
Tháinig an Gníomh um an Intleacht Shaorga i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2024. Tá forálacha an Ghnímh á gcur i bhfeidhm céim ar chéim, agus beidh éifeacht le hoibleagáidí éagsúla ag tráthanna éagsúla. Leis an nGníomh, cruthaítear margadh aonair agus rialacha comhchuibhithe le haghaidh IS iontaofa san Aontas agus cuirtear nuálaíocht agus glacadh IS chun cinn. Tugtar aghaidh leis freisin ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha daoine, agus an daonlathas agus an smacht reachta á gcosaint san am céanna. Is príomhthosaíocht de chuid an Choimisiúin anois é a chinntiú go gcuirfear chun feidhme go héifeachtach é.
Tuilleadh eolais
Preaseisiúint: Treoirlínte maidir le hoibleagáidí trédhearcachta
Ceisteanna coitianta: Oibleagáidí trédhearcachta
Roinnt fíoras: Rialacha maidir le trédhearcacht le haghaidh córais IS
- Dáta foilsithe
- 2 Lúnasa 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide