An intleacht shaorga sa saol laethúil
Is cuid dár saol laethúil anois í an intleacht shaorga (IS). Is féidir léi cuidiú leat eolas a aimsiú, scileanna nua a fhoghlaim, am a shábháil nó fadhbanna a réiteach. Is féidir léi cuidiú le gnólachtaí tascanna atriallacha a uathoibriú, earráidí daonna a laghdú, sonraí a phróiseáil ar bhealach níos tapúla, agus dá bhrí sin is féidir léi borradh a chur faoin táirgiúlacht agus faoin iomaíochas.
Cuireann IS roinnt deiseanna ar fáil, ach tá sé tábhachtach í a úsáid go freagrach agus na teorainneacha a bhaineann léi a thuiscint.
Tá an tAontas ag obair chun a chinntiú go leanfaidh an intleacht shaorga de bheith sábháilte iontaofa agus go n-urramóidh sí cearta daoine.
An chaoi a gcinntíonn an tAontas go bhfuil IS sábháilte
Tá sé d’aidhm ag an Aontas an intleacht shaorga a dhéanamh iontaofa agus a chinntiú go gcuirtear ag obair í do dhaoine agus do ghnólachtaí, agus cearta bunúsacha, sábháilteacht agus príobháideachas á gcosaint san am céanna.
Creat dlíthiúil an Aontais maidir leis an intleacht shaorga
Leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga, tugtar isteach rialacha maidir le córais intleachta saorga a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol do dhaoine. Cuidíonn an Oifig um Intleacht Shaorga le maoirseacht ar fhorfheidhmiú an Ghnímh agus ar a chur i bhfeidhme.
Cuidíonn na rialacha sin lena chinntiú
🤖 go dtuigeann daoine gur ag idirghníomhú le IS atá siad, cuir i gcás, le botaí comhrá
🏷️ go bhfuil ábhar áirithe a ghintear le IS lipéadaithe go soiléir agus go feiceálach, cuir i gcás, íomhánna, fuaim nó físeáin (domhainbhrionnú) a ghintear nó a ionramháiltear le IS
⛑️ go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca ceanglais sábháilteachta chun sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha daoine a chosaint, agus bearta iomchuí formhaoirseachta daonna san áireamh
🚫 go bhfuil cosc ar chleachtais dhíobhálacha intleachta saorga, mar shampla, ionramháil agus meabhlaireacht dhíobhálach a dhéantar le IS, dúshaothrú leochaileachtaí, scóráil shóisialta, bunachair sonraí aghaidh-aitheanta a thógáil ó cheamaraí TCI, agus eile
Ní mór do chórais intleachta saorga a úsáidtear i mbonneagair chriticiúla, cuir i gcás iompar, oideachas, earcaíocht, seirbhísí airgeadais agus cúram sláinte, diancheanglais a chomhlíonadh sular féidir iad a chur ar an margadh. Ní mór dóibh a bheith faoi fhormhaoirseacht dhaonna freisin. I measc na samplaí tá scóráil scrúduithe, bogearraí sórtála CVanna, scóráil creidmheasa, agus obráidí róbatchuidithe.

Tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí le IS agus an nuálaíocht
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i dtaighde, scileanna, bonneagar agus nuálaíocht IS chun cabhrú le gnólachtaí, taighdeoirí agus gnólachtaí nuathionscanta IS iontaofa a fhorbairt, a ghlacadh agus a úsáid. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta um mór-roinn na hintleachta saorga gníomhaíochtaí chun go mbeidh an tAontas ina cheannaire domhanda ó thaobh na hintleachta saorga de agus chun borradh a chur faoin iomaíochas, agus luachanna daonlathacha agus éagsúlacht chultúrtha á gcosaint san am céanna.
Tá an intleacht shaorga in úsáid cheana féin in go leor áiteanna oibre agus earnálacha ar fud an Aontais. D’fhéadfadh sé borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus faoin iomaíochas, agus feabhas a chur ar shaol daoine san am céanna trí dhul chun cinn a dhéanamh sa tsláinte, san fheirmeoireacht, san oideachas, san fhostaíocht, san fhuinneamh, san iompar, sa tslándáil, agus in go leor réimsí eile.
Cibé acu is mian leat córais IS a thógáil, IS a thabhairt isteach i d’eagraíocht nó scileanna IS a fhorbairt, cuireann an tAontas réimse tionscnamh agus tacaíochta ar fáil.
🎯 Tallann agus scileanna a fhorbairt
Tá infheistíocht á déanamh ag an Aontas i scileanna digiteacha agus i scileanna intleachta saorga chun bheith iomaíoch i gcónaí ar fud an domhain. Tacaíonn sé le tréimhsí oiliúna i réimsí digiteacha, cláir agus cúrsaí oideachais speisialaithe, ionaid barr feabhais intleachta saorga chun an tallann is fearr a choinneáil agus a fhorbairt, agus deiseanna taighde chun cabhrú le daoine na scileanna is gá a fhorbairt chun teicneolaíochtaí intleachta saorga a úsáid agus a thógáil.
🚀 Taighde agus an nuálaíocht a chur chun cinn
Is éard atá i gceist le monarchana IS saoráidí ríomhaireachta mórscála a thugann rochtain do thaighdeoirí, gnólachtaí nuathionscanta agus cuideachtaí ar an gcumhacht ríomhaireachta is gá chun ardchórais intleachta saorga a fhorbairt agus oiliúint a chur orthu a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí.
Tacaíonn an straitéis Eorpach um an intleacht shaorga san eolaíocht le heolaithe teicneolaíochtaí intleachta saorga a úsáid ar bhealach freagrach chun barr feabhais eolaíoch agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus iomaíochas na hEorpa á neartú san am céanna.
📈 Tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí
Tá sé d’aidhm ag an Straitéis um chur i bhfeidhm na hIntleachta Saorga iomaíochas earnálacha straitéiseacha a fheabhsú agus ceannasacht theicneolaíoch an Aontais a neartú trí bhorradh a chur faoi ghlacadh agus nuálaíocht IS, go háirithe i measc gnólachtaí beaga agus meánmhéide ar fud an Aontais.
Tacaíonn an pacáiste nuálaíochta IS le gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí beaga agus meánmhéide, ollscoileanna agus taighdeoirí a fhorbraíonn IS iontaofa trí mhaoiniú, bonneagar agus deiseanna comhair.
Cuidíonn ardán faisnéise aonair um an nGníomh um an Intleacht Shaorga le gnólachtaí ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a thuiscint. Feidhmíonn sé mar mhol eolais inrochtana agus cothrom le dáta a thugann treoir shoiléir maidir le conas an Gníomh um an Intleacht Shaorga a chur i bhfeidhm.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026
