Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 16 Deireadh Fómhair 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 4 nóiméad

Deireadh Fómhair Bándearg: tacú le mná ailse cíche a shárú

Les Amazones in Iceland
The Amazones group in Iceland who walked "100km-au délà" to support women with breast cancer

 

‘Ná caill aon scagthástáil – ná lig tharat aon mhí amháin fiú’, a deir Maria, an leas-uachtarán ar ghrúpa deonach tacaíochta i leith ailse ina háit oibre sa Bhruiséil. Diagnóisíodh go raibh ailse ar Maria in 2013 trí ghnáthsheiceáil nuair a bhí sí 38 mbliana d’aois. ‘Bhí mé ar saoire thinnis ar feadh bliana agus bhí obráid dhian de dhíth orm. Ba mise an duine ab óige san ospidéal inar cuireadh cóir leighis orm – tá ísliú suntasach ag teacht ar an aois is féidir leat ailse a fhorbairt.’

Is í mí Dheireadh Fómhair an Mhí um Fheasacht ar Ailse Cíche, deis chun feasacht a ardú ar an ngalar, tacaíocht a chur ar fáil do na mná a bhfuil ailse cíche orthu, agus aird a tharraingt ar an gcaoi ar féidir le scagthástáil luath cur go suntasach leis an seans gur toradh rathúil a bheidh ann.  

Tá ról gníomhach ag an Aontas Eorpach sa chomhrac chun an ailse cíche a shárú. Mar chuid de straitéis an Aontais dar teideal ‘Aontas Sláinte Eorpach’, tá Plean Sáraithe Ailse curtha i bhfeidhm aige. Tríd an straitéis sin, tá sé ag obair ar athrú fiúntach i dtíortha an Aontais chun an ailse a chosc agus a chóireáil ar bhealach níos fearr agus cúram agus cáilíocht saoil níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh uile an Aontais. In 2022, glacadh treoirlínte nua nuashonraithe maidir le scagthástáil bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí maidir le hailse cíche, ailse cholaireicteach agus ailse ceirbheacs. Is é sprioc an Aontais scagthástáil a chur ar fáil do 90% den spriocphobal incháilithe ar fud an Aontais.  

Faoi láthair, is í an ailse cíche a dhiagnóisítear i gcás beagnach 30% de na hailsí go léir a dhiagnóisítear i measc na mban san Aontas. Tá difríochtaí suntasacha ann, áfach, maidir le rannpháirtíocht sa scagthástáil i dtíortha éagsúla agus ó ghrúpaí daonra go chéile. In 2022 bhunaigh an tAontas an chéad Chlárlann Éagothromaíochtaí Ailse riamh chun treochtaí, éagothromaíochtaí agus neamhionannais idir tíortha agus réigiúin an Aontais agus laistigh díobh a shainaithint. Cuirfidh na torthaí le beartais an Aontais amach anseo agus le hinfheistíocht i gcóireáil ailse cíche. 

 ‘Bhí mé liom féin nuair a diagnóisíodh mé’, arsa Valentina, ar ball í de ghrúpa tacaíochta Maria i leith na hailse.  ‘Bhí an grúpa tacaíochta mar a bheadh an dara teaghlach ann agamsa. Bíonn an saol níos éasca nuair a chomhroinneann tú le daoine eile. D’fhéadfadh focal deas ó chomhghleacaí difear an domhain a dhéanamh, go fiú.’ 200 ball atá sa ghrúpa, ar daoine iad a mbíodh nó a bhfuil ailse orthu féin nó a thugann cúram do dhaoine a bhfuil ailse orthu. 

‘Ba cheart do gach duine iarracht a dhéanamh grúpa den sórt sin a chur ar bun’, arsa Valentina. Cuireann an grúpa réimse tacaíochta ar fáil, mar shampla comhairle maidir le conas do bhealach a dhéanamh trí ‘fharraige mhór na ngnáthamh’ ó thaobh cóireáil i gcoinne na hailse de, agus reáchtálann sé ranganna ióga agus siúlóidí sa choill ina measc. Leagann Valentina béim ar a thábhachtaí atá an ghníomhaíocht choirp chun feabhas a chur ar na leibhéil fuinnimh tar éis cóireáil ailse. ‘Ní raibh mé thar a bheith spórtúil sula raibh ailse orm’, a deir sí, agus í ag gáire, ‘ach anois bím ag aclaíocht gach deireadh seachtaine.’ 

Mar chuid dá téarnamh, chláraigh Valentina le scéim áitiúil sa Bheilg a spreagann na mná a bhfuil ailse cíche orthu dul i mbun gníomhaíocht choirp ghrúpa chun cabhrú leo bisiú agus chun gur lú an baol go dtiocfadh an ailse ar ais. Shiúil Valentina díreach os cionn 100km san Íoslainn in éineacht le grúpa deichniúr ban. ‘Fiú agus ualach trom oibre orm, bhí mé lán fuinnimh nuair a fuair mé amach go bhféadfainn páirt a ghlacadh.’ ‘Les Amazones’ a thug an grúpa air féin. ‘Fuaireamar amach ina dhiaidh sin go raibh sanasaíocht ag na Gréagaigh ina leith, iad ag maíomh gur ó “a-mazos” a d’eascair an téarma, rud a chiallaíonn “gan chíoch”.  Ghearr na mná iontacha sin a gcíoch dheas chun bac a bhaint de shreang an bhogha’, a mhíníonn Valentina.

Diagnóisíodh go raibh ailse cíche ar Alice, comhbhall den ghrúpa tacaíochta i leith na hailse, agus í ag obair sa Nígir. ‘Bhí m’iníon 15 mhí d’aois ar mo bhrollach agam go díreach roimhe, agus tús COVID a bhí ann. Dúirt an dochtúir liom dul ar ais go dtí an Eoraip chun dul faoi bhithóipse, agus chuaigh mé ar an eitilt dheireanach amach sular dúnadh an t-aerfort ar feadh roinnt seachtainí. Ar an drochuair, bhí toradh deimhneach ar an mbithóipse agus thosaigh mo chóireáil ansin. Sa Nígir ní bhíonn na deiseanna céanna ag na mná.’ Cén dóigh a mothaíonn sí faoin eispéireas anois? ‘Tá an t-ádh orm gur san Eoraip a rugadh mé’, a deir sí. 

Tuilleadh eolais 

Plean ailse don Eoraip 

Aontas Sláinte Eorpach 

An feachtas #GetScreenedEU, lena dtugtar eolas faoi chláir scagthástála ailse i dtíortha an Aontais 

Scagthástáil, diagnóisiú agus cúram ailse

Sonraí

Dáta foilsithe
16 Deireadh Fómhair 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide