Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú chun billí a laghdú agus fuinneamh a shábháil

  • Alt nuachta
  • 29 Bealtaine 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Energy efficient residential house

 

Tháinig rialacha nua i bhfeidhm an 30 Bealtaine 2026 chun feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh ar fud an Aontais Eorpaigh. Is é is aidhm dóibh tacú leis na tíortha den Aontas a stoc foirgneamh a nuachóiriú chun fuinneamh a shábháil, billí a laghdú, agus stoc foirgneamh atá saor ó astaíochtaí agus atá dícharbónaithe go hiomlán a bhaint amach faoi 2050.

Cén fáth a bhfuil an méid sin á dhéanamh ag an Aontas?

Is iad na foirgnimh a úsáideann an méid is mó fuinnimh san Aontas, is é sin 40% d’úsáid fuinnimh an Aontais, agus is iad a astaíonn 36% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann le fuinneamh. Seanfhoirgnimh atá in go leor d’fhoirgnimh an Aontais, a mbaineann drochfheidhmíocht fuinnimh le 75% acu, rud a fhágann gur príomhthosaíocht é an t-athchóiriú. 

Is féidir feabhas a chur ar dhálaí maireachtála do shaoránaigh, úsáid agus costais fuinnimh a laghdú, slándáil fuinnimh a neartú, agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ach feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh.

Cad é atá an tAontas Eorpach a dhéanamh?

Leagtar amach sa Treoir athbhreithnithe maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh rialacha nuashonraithe chun tithe, oifigí agus foirgnimh phoiblí a nuachóiriú de réir a chéile sna blianta amach romhainn.

Ceanglaítear ar na tíortha den Aontas pleananna náisiúnta athchóiriúcháin foirgneamh a fhorbairt a bheidh saincheaptha dá gcúinsí náisiúnta agus dá stoc foirgneamh. Leis an gcreat nua, spreagtar na tíortha den Aontas chun athchóirithe foirgneamh a mhéadú, go háirithe i gcás na bhfoirgneamh is neamhfheidhmiúla, agus béim á leagan ar an méid seo a leanas:

  • Athchóiriú: cinnfidh gach tír den Aontas cé na bearta athchóiriúcháin is oiriúnaí chun na híoscheanglais feidhmíochta fuinnimh a chomhlíonadh de réir a chéile
  • Dícharbónú: beidh na foirgnimh astaíochtaí nialasacha ina gcaighdeán le haghaidh foirgnimh nua; déanfar an grianfhuinneamh a chomhtháthú de réir a chéile agus cuirfear deireadh le coirí breosla iontaise de réir a chéile
  • Nuachóiriú agus digiteáil ceanglais san áireamh maidir le pointí luchtúcháin chliste d’fheithiclí leictreacha agus spásanna do rothair i bhfoirgnimh nua agus athchóirithe, córais uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh i bhfoirgnimh neamhchónaithe, agus cáilíocht na timpeallachta laistigh i bhfoirgnimh nua agus i bhfoirgnimh atá ann cheana
  • Maoiniú agus cúnamh teicniúil: maoiniú níos spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar bhochtaineacht fuinnimh agus chun tacú le teaghlaigh leochaileacha agus le daoine leochaileacha atá ina gcónaí i dtithíocht shóisialta, chun a chinntiú go mbeidh an t-aistriú cothrom go sóisialta 

I gcás fhormhór na saoránach, is de réir a chéile a tharlóidh na hathruithe. Is féidir go bhfeicfidh tú an méid seo a leanas:

  • tacaíocht mhéadaithe do thionscadail athchóiriúcháin tí
  • dreasachtaí nua le haghaidh insliú agus córais téimh éifeachtúla
  • tuilleadh suiteálacha gréine
  • caighdeáin níos déine maidir le tionscadail tógála nua
  • aird níos mó á tabhairt ar fheidhmíocht fuinnimh agus maoin á ceannach nó á tabhairt amach ar cíos.

Tuilleadh eolais

Fuinneamh inacmhainne

Bochtaineacht fuinnimh

Fuinneamh

Dáta foilsithe
29 Bealtaine 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide