Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Lárionaid sonraí a dhéanamh fuinneamhéifeachtúil a bhuí le córas rátála nua de chuid an Aontais Eorpaigh

  • Alt nuachta
  • 21 Meán Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
LUMI supercomputer, Finland

Tá na lárionaid sonraí riachtanach le haghaidh thodhchaí dhigiteach na hEorpa. Tá siad ar na hearnálacha is gasta fás ar domhan freisin, agus meastar go n-úsáidfidh siad níos mó ná 3% den éileamh leictreachais foriomlán san Aontas faoi 2030 de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh. Cuireann an fás sin brú ar eangacha leictreachais agus cuireann úsáid na n-acmhainní nádúrtha, amhail uisce, le méadú na n-astaíochtaí carbóin. Chun teorainn a chur leis na tionchair sin, tá comhscéim rátála le haghaidh lárionaid sonraí molta ag an gCoimisiún Eorpach darb aidhm an trédhearcacht a mhéadú maidir lena n-úsáid fuinnimh agus tacú lena gcomhtháthú inbhuanaithe i gcóras fuinnimh na hEorpa. 

Tá an tAontas ag féachaint lena acmhainneacht lárionaid sonraí a mhéadú faoi thrí sna 5-7 mbliana atá amach romhainn. Leis an gcomhscéim rátála nua, cumhdófar lárionaid sonraí aonair a bhfuil acmhainn os cionn 500 kW acu, agus déanfar an méid seo a leanas: 

  • a chinntiú go gcuirfear eolas trédhearcach ar fáil faoin úsáid iarbhír a bhaineann na lárionaid sonraí as acmhainní (fuinneamh, uisce) 
  • an méid a chuireann na lárionaid sonraí leis an eangach a chumhdach, cuir i gcás athúsáid an dramhtheasa agus acmhainneachtaí ginte fuinnimh a chur leis 
  • solúbthacht a chur ar fáil. 

Tráth ar gá dúinn a bheith cúramach lenár n-acmhainní, is féidir le lárionaid sonraí atá inbhuanaithe solúbtha dea-dheartha, ar féidir leo a n-úsáid leictreachais a choigeartú de réir choinníollacha na heangaí, cuidiú i dtaobh costas foriomlán an chórais leictreachais a laghdú, cobhsaíocht na heangaí a fheabhsú, agus tuilleadh fuinneamh in-athnuaite a chomhtháthú. A leathchuid den dramhtheas ó na lárionaid sonraí san Eoraip a athúsáid, mar shampla, tá sin inchomparáide leis an éileamh téite ó 4 mhilliún teaghlach. 

Chun tacú a thuilleadh le comhtháthú lárionad sonraí inbhuanaithe sa chóras fuinnimh, tá glao ar fhianaise agus comhairliúchán poiblí seolta ag an gCoimisiún maidir le híoschaighdeáin feidhmíochta i leith na lárionad sonraí a fheidhmíonn san Eoraip. 

Tá an togra dlí lena mbunaítear an chomhscéim rátála faoi réir tréimhse grinnscrúdaithe 2 mhí ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm. 

Meastar go mbeidh na chéad lipéid inbhuanaitheachta le haghaidh lárionaid sonraí aonair ar taispeáint in 2027.   

Tuilleadh eolais 

Tuarascáil maidir le fuinneamhéifeachtúlacht lárionad sonraí 

Ceisteanna agus freagraí maidir leis an bpacáiste um fhuinneamhéifeachtúlacht lárionad sonraí 

Tuarascáil maidir le fuinneamhéifeachtúlacht lárionad sonraí san Aontas Eorpach - Fuinneamh 

Preaseisiúint: Fuinneamhéifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht na lárionad sonraí san Aontas feabhsaithe ag an gCoimisiún 

 

Dáta foilsithe
21 Meán Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide