Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 19 Iúil 2024
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad

Dlí nua chun táirgí ar mhargadh an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe

The shoe sole manufacturing company Zamora

 

Tá dlí de chuid an Aontais tar éis teacht i bhfeidhm lena mbeifear in ann ceanglais éicidhearthóireachta agus eolas a leagan síos le haghaidh beagnach gach catagóire earraí fisiceacha a thagann isteach ar mhargadh an Aontais. Cuireann an Rialachán nua maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe leis an Treoir atá ann cheana maidir le hÉicidhearthóireacht, rud nach gcumhdaíonn faoi láthair ach táirgí a bhaineann le fuinneamh. Is é is aidhm dó feabhas suntasach a chur ar chiorclaíocht, ar fheidhmíocht fuinnimh agus ar ghnéithe inbhuanaitheachta comhshaoil eile de tháirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

Is éard atá i gceist leis an éicidhearthóireacht saincheisteanna comhshaoil a chomhtháthú i ngach céim den phróiseas forbartha táirgí. Tá sé ríthábhachtach, i ndomhan mar a bhfuil éileamh chomh mór sin ar tháirgí éifeachtúla agus inbhuanaithe, mar bhealach chun tomhaltas fuinnimh agus acmhainní a laghdú. 

Tá an tAontas Eorpach gníomhach sa réimse seo le fada an lá. Seans go n-aithneofá an lipéad fuinnimh atá ar do mheaisín níocháin nó ar do chuisneoir, mar shampla, lipéad atá againn a bhuí leis an Aontas. Ach tá níos mó i gceist le hinbhuanaitheacht comhshaoil ná díreach éifeachtúlacht fuinnimh. Agus an rialachán i bhfeidhm, beidh ar tháirge inbhuanaithe ceann amháin nó níos mó de na saintréithe seo a leanas a léiriú:

  • go n-úsáideann sé níos lú fuinnimh
  • go maireann sé níos faide
  • go bhféadfar é a dheisiú go héasca
  • go bhféadfar páirteanna a bhaint as a chéile go héasca agus a chur in úsáid a thuilleadh
  • go bhfuil níos lú substaintí ann ar údar imní iad
  • go bhféadfar é a athchúrsáil go héasca
  • go bhfuil níos mó ábhar athchúrsáilte ann
  • go bhfuil lorg carbóin agus lorg comhshaoil níos ísle aige ar feadh a shaolré

Tugtar isteach leis an Rialachán freisin bearta chun toirmeasc a chur ar scriosadh teicstílí agus coisbhirt nár díoladh agus osclaítear bealach chun toirmisc chomhchosúla a leathnú chuig earnálacha eile, má tá fianaise ann go bhfuil gá leo. Ceanglófar ar chuideachtaí freisin eolas bliantúil a nochtadh go poiblí ar a suíomhanna gréasáin, amhail líon agus meáchan na dtáirgí a bhfuair siad réidh leo, chomh maith leis na fáthanna a ndearna siad amhlaidh. Ar deireadh, cumasaíonn sé critéir éigeantacha maidir le Soláthar Poiblí Glas chun maoiniú poiblí a chaitheamh ar dhóigh níos inbhuanaithe. Go deimhin, caitheann údaráis phoiblí san Aontas thart ar €1.8 trilliún ar oibreacha, earraí agus seirbhísí a cheannach.

Leis an dlí nua seo, féachann an tAontas le tógáil ar an dea-theist atá air le fada maidir le buntáistí a chur ar fáil do ghnólachtaí, do thomhaltóirí agus don chomhshaol. Tar éis an tsaoil, in 2021 amháin, i ngeall ar thionchar na mbeart éicidhearthóireachta atá ann faoi láthair, lena gcumhdaítear 31 ghrúpa táirgí, sábháladh €120 billiún de chaiteachas fuinnimh do thomhaltóirí an Aontais agus mar thoradh air sin tháinig laghdú 10% ar an méid fuinnimh a úsáideann na táirgí i gceist.

Tuilleadh eolais

An Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe

Beartas agus éicidhearthóireacht táirgí inbhuanaithe

An Comhaontú Glas don Eoraip

Sonraí

Dáta foilsithe
19 Iúil 2024
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide