Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An tAontas Eorpach in 2025: bliain shoiléireachta agus dhiongbháilteachta

  • Alt nuachta
  • 6 Márta 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 3 nóiméad
Ursula von der Leyen taking a selfie with school children

 

Bliain ab ea í inar éirigh an domhan níos míshocra agus níos ilroinnte. Ghlac an tAontas Eorpach níos mó freagrachta as a shlándáil féin agus chuir sé dlús leis na hiarrachtaí chun borradh a chur faoina chosaint agus faoina ullmhacht. Lean sé de bheith ag freastal ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, chruthaigh sé níos mó deiseanna agus chomhdhlúthaigh sé cearta an duine aonair. Níl iontu sin ach cuid de thorthaí na Tuarascála Ginearálta ar ghníomhaíochtaí an Aontais in 2025

An chosaint agus an tslándáil a bhí chun tosaigh ar an gclár oibre. Mhéadaigh an tAontas a chuid iarrachtaí saoránaigh a chosaint agus a chinntiú go mbeidh sé d’acmhainn ag an Eoraip an tsíocháin a choinneáil trí dhíspreagadh inchreidte. Leis an bpacáiste Ullmhacht 2030, chuir sé tús leis an mborradh is suntasaí riamh ar infheistíocht cosanta na hEorpa. Ag an am céanna, leag an tAontas amach Straitéis nua um Aontas na hUllmhachta.  

Mar a tharla le trí bliana anuas, lean an tAontas de thacaíocht pholaitiúil, airgeadais, dhaonnúil agus mhíleata a chur ar fáil don Úcráin agus dá muintir. D’fhorchuir sé smachtbhannaí chun teorainn a chur le cumas na Rúise a cogadh a mhaoiniú agus faoi dheireadh 2025, bhí €193.3 billiún curtha ar fáil ag an Aontas, in éineacht leis na tíortha den Aontas, ó thús an chogaidh. Ag an am céanna, chuir sé conair na hÚcráine i dtreo ballraíocht san Aontas chun cinn. 

Níos gaire don bhaile, d’oibrigh sé gan stad gan staonadh chun a bhonn tionsclaíoch a neartú, dlús a chur leis an aistriú glan agus leis an aistriú digiteach agus an margadh aonair a dhoimhniú.  

Bhí an méid seo a leanas ar na príomhghníomhaíochtaí eile in 2025: 

Iomaíochas 

  • Faoi threoir an Chompáis Iomaíochais agus an Chomhaontaithe maidir le Tionsclaíocht Ghlan, d’oibrigh an tAontas chun an bhearna nuálaíochta a dhúnadh, spleáchais a laghdú agus an uaillmhian aeráide a ailíniú leis an bhfás eacnamaíoch.
  • Mhol an Coimisiún Eorpach straitéis um an Margadh Aonair chun gur fusa a bheidh sé gnó a dhéanamh san Aontas.
  • Thug an tAontas tionscnaimh nua isteach chun an rómhaorlathas a laghdú, cánachas a nuachóiriú agus tacú le hiomaíocht chóir.
  • Chun an t-iomaíochas fadtéarmach a spreagadh, rinne an tAontas infheistíochtaí straitéiseacha i dteicneolaíochtaí glana, sa nuálaíocht dhigiteach agus in amhábhair chriticiúla.

An talmhaíocht 

  • Lean an tAontas Eorpach dá chuid oibre chun a chinntiú go leanfaidh an fheirmeoireacht de bheith ina cuid lárnach den dóigh bheatha Eorpach, agus ag an am céanna gníomhú ar son an athraithe aeráide chun slándáil bia agus uisce a chinntiú. 

Eolaíocht agus nuálaíocht 

  • Sheol an tAontas an feachtas Roghnaigh an Eoraip chun go mbeidh an Eoraip ar an áit is fearr ar domhan don eolaíocht agus don taighde. 

An leibhéal domhanda 

  • In éineacht leis na tíortha den Aontas, d’fhan an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí maidir le tubaistí nádúrtha agus fóirithint coinbhleachta agus ba é an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan é. 

In 2025, cheiliúir an tAontas 75 bliana de dhearbhú Schuman chomh maith. Ba é Robert Schuman, Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, a chuir an dearbhú i láthair an 9 Bealtaine 1950, agus moladh ann go gcruthófaí an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, an réamhtheachtaí den Aontas Eorpach mar atá inniu ann. 

Tuilleadh eolais

Tuarascáil ghinearálta ar ghníomhaíocht an Aontais 

Sonraí

Dáta foilsithe
6 Márta 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide