
Tá Comhshocrú don Mheánmhuir leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach agus ag an Ardionadaí lena gcuirfear dlús leis an gcomhar agus leis an nasc eacnamaíoch ar fud na Meánmhara. Cuireann an Comhshocrú le naisc stairiúla chultúrtha agus leis an obair a rinne an tAontas roimhe seo sa réigiún chun spás coiteann don Mheánmhuir a chruthú atá nasctha rathúil athléimneach slán.
Is é an sprioc atá ann tairbhí frithpháirteacha a chruthú, idir fhuinneamh glan a tháirgeadh agus infheistíocht phríobháideach a scaoileadh. Cuideoidh an méid sin chun tionscadail réigiúnacha ar scála mór a spreagadh lena gcruthófar deiseanna do dhaoine agus do ghnólachtaí, agus béim ar leith á leagan ar an óige, ar mhná agus ar ghnólachtaí beaga.
Is ar thrí réimse comhair a oibreoidh an tAontas lena chomhpháirtithe sa Mheánmhuir Theas:
- daoine ina gceann feadhna
- ardoideachas agus gairmoiliúint a chur chun cinn trí Ollscoil na Meánmhara a bhunú agus trí chláir theicniúla agus ghairme atá ann cheana a uas-scálú
- scileanna agus poist a fhorbairt, agus tionscnaimh a chur i bhfeidhm i réimse na soghluaisteachta, an chultúir, na turasóireachta agus an spóirt, agus béim láidir á leagan ar an óige.
- geilleagair atá níos láidre, níos inbhuanaithe agus níos comhtháite
- borradh a chur faoin bhfuinneamh agus faoi theicneolaíochtaí glana
- slabhraí soláthair breise a chomhtháthú, ina measc sin sna hearnálacha sláinte agus talmhaíochta, agus in amhábhair chriticiúla
- feabhas a chur ar bhonneagair dhigiteacha a thugann geilleagair agus saoránaigh níos gaire dá chéile
- cuidiú chun geilleagar gorm níos inbhuanaithe a thógáil in imchuach na Meánmhara.
- an tslándáil, an ullmhacht agus bainistiú imirce
- tionscnaimh a sheoladh maidir le hullmhacht agus athléimneacht na Meánmhara i leith tubaistí
- cur chuige cuimsitheach a chur chun cinn maidir le bainistiú imirce
- fóram réigiúnach a bhunú don Aontas agus do thíortha na Meánmhara Theas maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil.
Tá an Comhshocrú oscailte freisin don rannpháirtíocht le comhpháirtithe lasmuigh den Mheánmhuir Theas, ina measc sin an Mhurascaill, an Afraic Fho-Shahárach, na Balcáin Thiar agus an Tuirc.
Táthar ag súil le formhuiniú polaitiúil ó na comhpháirtithe uile i mí na Samhna 2025. A luaithe a fhormheasfar an Comhshocrú, déanfar é a fhíorú trí Phlean Gníomhaíochta tiomnaithe.
Tuilleadh eolais
Eoraip dhomhanda: ár gcumhacht agus ár gcomhpháirtíochtaí a ghiaráil
- Dáta foilsithe
- 16 Deireadh Fómhair 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
An nuacht ghaolmhar
An 9 Bealtaine déantar Lá na hEorpa a cheiliúradh. Is comóradh é ar Dhearbhú Schuman, inar mhol Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, Robert Schuman, go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach. Ba é an togra sin an chéad chéim i dtreo lánpháirtiú na hEorpa.
Bliain ab ea í inar éirigh an domhan níos míshocra agus níos ilroinnte. Ghlac an tAontas Eorpach níos mó freagrachta as a shlándáil féin agus chuir sé dlús leis na hiarrachtaí chun borradh a chur faoina chosaint agus faoina ullmhacht. Lean sé de thorthaí a bhaint amach do shaoránaigh agus do ghnólachtaí.
In a world marked by uncertainty, the EU kept its course on what really matters. Discover 10 EU takeaways from 2025.
Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí uaidh maidir leis an Smacht Reachta, scrúdaíonn an Coimisiún Eorpach forbairtí i dtaca leis an smacht reachta i ngach Ballstát, chomh maith le ceithre thír is iarrthóirí, is iad sin an Albáin, Montainéagró, an Mhacadóin Thuaidh agus an tSeirbia.