Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
  • Alt nuachta
  • 9 Bealtaine 2025
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad

Ceiliúradh á dhéanamh ar 75 bliana den Eoraip, an fhís a fíoraíodh

Open Doors Day at the European Institutions 2025

 

Tá blas na fírinne inniu go fóill ar fhocail fháidhiúla Robert Schuman 75 bliana ó shin.

‘Ní d’aon iarracht amháin a thógfar an Eoraip, ná de réir aon phlean amháin. Is trí thorthaí nithiúla a bhaint amach, rud as a dtiocfaidh dlúthpháirtíocht de facto, a thógfar í.’

An 9 Bealtaine 1950, nuair a bhí Robert Schuman ina Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, chuir sé plean i láthair le haghaidh comhar níos doimhne san Eoraip. Bheadh sé sin ina bhunchloch do thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa. Tugtar Dearbhú Schuman ar an óráid a thug sé an lá sin, agus glactar leis go forleathan gur tháinig an tAontas Eorpach ar an saol an lá sin. Sin é an fáth a ndéanaimid ceiliúradh ar Lá na hEorpa inniu. 

Siar in 1950, bhí tíortha na hEorpa fós ag teacht chucu féin ón léirscrios daonna agus eacnamaíoch a rinneadh le linn an Dara Cogadh Domhanda. Ach bhí grúpa polaiteoirí Eorpacha ann agus rún daingean acu nach ndéanfar na botúin chéanna arís. Bhí fís chomhroinnte acu d’Eoraip aontaithe lena gcuirfí cosc ar níos mó coinbhleachta idir tíortha na hEorpa. Réitigh plean Schuman an bealach chun an fhís sin a fhíorú.

Forbraíodh an plean i gcomhar le Jean Monnet, agus bhí sé bunaithe ar dhá chroíphrionsabal – an tsíocháin agus an dlúthpháirtíocht. Bhainfí amach iad trí thionscail ghuail agus chruach Iarthar na hEorpa a chomhtháthú. Mar sin, in 1952, cruthaíodh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, inar tháinig an Ghearmáin, an Fhrainc, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg le chéile chun a dtionscail ghuail agus chruach a reáchtáil faoi chomhbhainistíocht. 

I rith na mblianta ina dhiaidh sin, leathnaíodh an comhar sin chuig go leor réimsí eile agus leathnaigh sé thír bhunaidh an Chomhphobail do Ghual agus Cruach go dtí 27 mBallstát an Aontais Eorpaigh nua-aimseartha. 

Le linn na tréimhse sin, cliseadh ar an gcumannachas agus ar dheachtóirí ar an mór-roinn seo againne, agus tógadh agus thit Balla Bheirlín. Agus chonaiceamar cuid de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas, ó bhunú an Mhargaidh Aonair go Erasmus agus ó Schengen go dtí an Euro. Inniu tá ceiliúradh á dhéanamh againn, ní amháin ar an gcomóradh speisialta seo, ach ar an méid atá bainte amach agus tógtha againn le chéile, agus tuilleadh nach iad. 

Chun Lá na hEorpa a cheiliúradh, osclaíonn na hinstitiúidí Eorpacha a ndoirse do gach saoránach agus eagróidh siad gníomhaíochtaí éagsúla ar líne agus ar an láthair sa Bhruiséil, in Strasbourg agus i Lucsamburg. Glac páirt sa cheiliúradh! Cuirtear na gníomhaíochtaí go léir ar fáil saor in aisce, agus ní gá clárú dóibh.

Tuilleadh eolais

Imeachtaí Lá na hEorpa

Ceiliúradh an Choimisiúin Eorpaigh ar Lá na hEorpa 2025

Dearbhú Schuman

Robert Schuman: ailtire thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa

Sonraí

Dáta foilsithe
9 Bealtaine 2025
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide