Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Comhar a bhunú le scoil nó institiúid oideachais eile

A bhuí le cláir agus ardáin ar líne de chuid an Aontais Eorpaigh, is féidir le hinstitiúidí oideachais ar gach leibhéal a bheith ag obair le chéile.

Forbhreathnú

Cuireann an Coimisiún Eorpach deiseanna éagsúla ar fáil d’institiúidí oideachais ar gach leibhéal ar na caíonna seo

  • tacaíocht at thabhairt d’ardáin ar líne lenar féidir le hinstitiúidí oideachais agus an fhoireann teagaisc bheith ag comhoibriú
  • gníomhaíochtaí malartaithe a thairiscint do mhic léinn agus do bhaill foirne oideachasúla

Tionscadail Erasmus+

Maidir le hinstitiúidí oideachais agus eagraíochtaí eile, cuirtear deiseanna ar fáil faoi Erasmus+ chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • gníomhaíochtaí forbartha agus líonraithe a dhéanamh
  • comhpháirtíochtaí a bhunú le heagraíochtaí ó thíortha eile, chun torthaí nuálacha a bhaint amach nó chun dea-chleachtais a mhalartú
  • malartuithe idirnáisiúnta a dhéanamh, i gcás mic léinn, baill foirne, oiliúnaithe, printísigh, oibrithe deonacha, oibrithe don óige agus daoine óga

Pobal ar líne le haghaidh scoileanna

Is é eTwinning tionscnamh suaitheanta an Aontais Eorpaigh le haghaidh comhar scoile ar líne. Cuireann sé timpeallacht shábháilte ar fáil do mhúinteoirí ar fud na hEorpa chun naisc a fhorbairt, smaointe a chomhroinnt, agus oibriú le chéile ar thionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Is cuid den Ardán Eorpach um Oideachas Scoile é eTwinning, pointe cruinnithe ar líne do bhaill foirne scoileanna, do thaighdeoirí, do lucht déanta beartas agus do ghairmithe eile in earnáil an oideachais scoile.

Pobal ar líne don fhoghlaim aosach

Is pobal ilteangach faoin oideachas aosach atá oscailte do chách é EPALE. Is féidir le múinteoirí nó le haon duine eile a bhfuil ról gairmiúil aige san oideachas aosach ar fud na hEorpa leas a bhaint as.

Comhar sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint

Cuirtear deiseanna ar fáil chun malartuithe a dhéanamh sa ghairmoideachas agus ghairmoiliúint faoin gclár Erasmus+ freisin. Chomh maith leis sin, tacaítear le comhar breise idirnáisiúnta faoin gclár le haghaidh institiúidí a bhfuil dea-cháil orthu ó thaobh malartuithe den sórt sin a eagrú.

Eagraíochtaí comhpháirtíochta a aimsiú le haghaidh tionscadail oideachais

Is minic a bhíonn comhoibriú le heagraíochtaí comhpháirtíochta i gceist chun maoiniú oideachais an Aontais Eorpaigh a fháil.

Má tá spéis leis an eagraíocht lena mbaineann tú iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú, is féidir comhpháirtithe maoiniúcháin a aimsiú don tionscadal oideachais atá agat.