Forbhreathnú
Bunús an ama, nuair a chuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil bíonn comhar idir eagraíochtaí ó thíortha éagsúla i gceist. Tá seirbhísí éagsúla ann chun comhpháirtithe a chuardach, a chabhróidh leat eagraíochtaí a aimsiú ar mian leo bheith rannpháirteach i dtograí, nó tairiscintí ar chomhoibriú a dhéanamh tú féin.
Conas comhpháirtithe a aimsiú i réimse an oideachais
Gníomhaireachtaí náisiúnta Erasmus+
Bíonn gníomhaireachtaí náisiúnta don chlár Erasmus+ suite sna tíortha atá rannpháirteach sa chlár atá i gceist, agus is féidir leo cabhrú leat comhpháirtithe a aimsiú le haghaidh tionscadal.
Tuilleadh eolais faoi gcaoi ar féidir le gníomhaireachtaí náisiúnta cabhrú leat comhpháirtí a aimsiú
Bunachar sonraí thorthaí tionscadal Erasmus+
Tá bunachar sonraí ag Erasmus+ de na torthaí a tháinig as na tionscadail a rinneadh faoin gclár, ina bhfuil sonraí faoi thionscadail a eagraíodh san am atá thart, chomh maith le sonraí teagmhála na n-eagraíochtaí rannpháirteacha.
Comhpháirtithe le haghaidh tionscadail don óige
Is ardán é Otlas le haghaidh comhpháirtíochtaí idirnáisiúnta inar féidir teacht ar eagraíochta agus grúpaí neamhfhoirmiúla atá ag obair ar thionscadail don óige.
Comhpháirtithe le haghaidh tionscadail i scoileanna Eorpacha
Is ríomhphobal é eTwinning le haghaidh múinteoirí agus baill foirne scoileanna, inar féidir teacht ar chomhpháirtithe féideartha le haghaidh tionscadail ar líne agus as líne.
Is ardán comhoibríoch ar líne é Tairseach Oideachais Scoile le haghaidh baill foirne oideachais i scoileanna. Is féidir ardáin a aimsiú ann chun comhpháirtithe a chuardach le haghaidh
- deiseanna do bhaill foirne oideachais i scoileanna malartú a dhéanamh
- comhpháirtíochtaí straitéiseacha idir scoileanna chun cleachtais nuálacha oideachais a chur chun cinn
Comhpháirtithe le haghaidh tionscadail oideachais aosaigh
Is féidir leat smaointe a mhalartú agus deiseanna don líonrú a aimsiú freisin le daoine aonair nó le heagraíochtaí atá bainteach le hoideachas aosach le cuardach comhpháirtithe EPALE.
Comhpháirtíochtaí sa ghairmoiliúint
Is líonra é an Comhaontas Eorpach do Phrintíseachtaí a bhíonn ag obair chun printíseachtaí a fheabhsú san Eoraip, agus is féidir leat teacht ar chomhpháirtithe féideartha ann le haghaidh tionscadal gairmoiliúna.
Tacaíonn an tSeachtain Eorpach um Scileanna Gairme leis an líonrú agus an comhar idir foghlaimeoirí, tuismitheoirí, gnólachtaí, soláthraithe oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí oideachais aosaigh, comhlachais thráchtála agus eagraíochtaí gairmiúla eile, taighdeoirí, comhairleoirí gairmthreorach, agus údaráis phoiblí.