An fhírinne a scagadh ón mbréag
Sa lá atá inniu ann, faighimid níos mó eolais ar líne ná riamh. Ailt nuachta, comhairle sláinte, maímh eolaíocha, díospóireachtaí polaitiúla - níl an t-eolas sin go léir iontaofa. I ngeall ar mhaímh bhréagacha, ábhar cúbláilte agus comhthéacs atá in easnamh, is minic a bhíonn sé níos deacra a bheith muiníneach as eolas.
Tá an tAontas ag obair chun an spás faisnéise a dhéanamh níos iontaofa, agus chun na huirlisí a thabhairt duit le dul i ngleic leis go muiníneach.
Cén áit ar féidir leat eolas a fháil le bheith muiníneach as?
Tosaíonn eolas iontaofa le foinsí iontaofa. Seo a leanas roinnt áiteanna maithe le tosú:
Le linn falscaí, déanann údaráis phoiblí eolas fíor-ama a rianú agus a chur ar fáil maidir le leathadh na tine, cáilíocht an aeir agus na bealaí aslonnaithe chun cabhrú leat fanacht sábháilte. Cuireann eagraíochtaí nuachta seanbhunaithe nuashonruithe fíoraithe ar fáil maidir le srianadh dóiteáin, dúnadh bóithre, agus bearta éigeandála. Míníonn na húdaráis sláinte conas tú féin a chosaint ar dheatach falscaithe, agus is féidir le seiceálaithe fíricí cabhrú leat maímh bhréagacha a aithint a d’fhéadfadh tú a chur i mbaol.
An chaoi a n-oibríonn ionramháil ar líne
Níl i gceist le bheith ar an eolas faoin áit le breathnú ach cuid den phictiúr, nó tá sé tábhachtach freisin a aithint cén uair atá rud éigin deartha chun ionramháil a dhéanamh ort. Seo a leanas cuid de na bearta is coitianta ar cheart súil a choinneáil amach dóibh:
Is éard is domhainbhrionnuithe ann íomhánna, físeáin nó taifeadtaí fuaime a rinneadh a chur in eagar nó a ghiniúint trí úsáid a bhaint as an intleacht shaorga nó as bogearraí eagarthóireachta fuaime/físeáin chun a thabhairt le fios go ndúirt duine nó go ndearna duine rud nach ndearnadh i ndáiríre.
Feic na comharthaí
Sula gcreideann tú nó sula roinneann tú rud éigin a thagann tú trasna air ar líne, déan seiceáil thapa.
An bhfuil tú in amhras faoi rud éigin?
Tá sé tábhachtach ábhar cúblála a aithint. Baineann an tábhacht chéanna leis an méid a dhéanann tú ina dhiaidh sin.
Ná roinn é: Braitheann ábhar cúblála ar dhaoine a bhfuil ciall mhaith acu é a chur ar aghaidh.
Déan é a thuairisciú: San Aontas Eorpach, ní mór d’ardáin uile na meán sóisialta deis a thabhairt duit ábhar míthreorach nó bréagach a chur in iúl go díreach. Ceanglaítear orthu beart a dhéanamh maidir le hábhar tuairiscithe, mar sin baineann tábhacht leis an méid a thuairiscíonn tú.
An chaoi a bhfuil spás faisnéise níos sláintiúla á fhorbairt ag an Aontas
🌐 Ardáin ar líne a thabhairt chun cuntais
Tá rialacha tugtha isteach ag an Aontas chun ardáin mhóra ar líne a dhéanamh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí. Faoi na rialacha sin, ní mór d’ardáin measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha agus aghaidh a thabhairt orthu, bréagaisnéis agus ábhar díobhálach eile a scaipeadh ina measc, nó gearrfar fíneálacha suntasacha orthu.
⚙️ Trédhearcacht a mhéadú maidir le fógraíocht pholaitiúil agus ábhar a ghintear leis an intleacht shaorga
Le rialacha an Aontais, is féidir le saoránaigh a fheiceáil cé atá taobh thiar d’fhógraí polaitiúla agus a thuiscint cathain a gineadh nó a cúbláladh ábhar go saorga, domhainbhrionnuithe san áireamh.
📝 Na meáin shaora agus neamhspleácha a chosaint
Tá iriseoireacht shaor neamhspleách ríthábhachtach do spás faisnéise sláintiúil. Tá dlíthe ag an Aontas lena gcosnaítear neamhspleáchas eagarthóireachta agus lena gcosnaítear iriseoirí, gníomhaithe agus taighdeoirí ar chaingean dlí mhí-úsáideach atá ceaptha chun iad a chur ina dtost.
🏢 Cabhrú le saoránaigh litearthacht dhigiteach agus litearthacht sna meáin a fhorbairt
Tacaíonn an tAontas le tionscnaimh litearthachta sna meáin, rud a chuidíonn le daoine de gach aois na scileanna a fhorbairt chun eolas iontaofa a aimsiú agus chun dul i ngleic leis an timpeallacht ar líne go muiníneach.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 16 Iúil 2026
