I dteannta a chéile, is ionann an tAontas agus an India agus thart ar an gceathrú cuid de dhaonra an domhain, le dhá bhilliún duine, agus thart ar 25% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain. Is é an comhaontú trádála idir an tAontas agus an India an comhaontú trádála is mó a thug an tAontas agus an India araon i gcrích riamh agus tabharfaidh sé buntáiste iomaíoch suntasach don Aontas i bpríomhearnálacha tionsclaíocha agus agraibhia. Leis an gcomhaontú trádála, neartófar trádáil, infheistíocht agus naisc pholaitiúla idir an dá dhaonlathas is mó ar domhan. Déanfar an méid seo a leanas a bhuí leis:
- deireadh a chur le bacainní trádála agus nósanna imeachta a shimpliú
- deiseanna nua easpórtála a chur ar fáil
- slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú tríd an soláthar a éagsúlú

Deiseanna d’easpórtálaithe an Aontais
Leis an gcomhaontú, tabharfar rochtain fhabhrach do chuideachtaí an Aontais ar an tír is mó daonra ar domhan (beagnach 1.5 billiún duine) agus ar an gceathrú geilleagar is mó.
Ó tharla go bhfuil 6,000 cuideachta Eorpach ag feidhmiú san India, leis an gcomhaontú, cuirfear borradh faoin iomaíochas agus cruthófar deiseanna nua ar fud earnálacha éagsúla.
Is iad seo a leanas na príomhbhuntáistí d’easpórtálaithe an Aontais:
Na buntáistí d’fheirmeoirí an Aontais
Tabharfaidh an comhaontú cosaint freisin d’earnálacha íogaire na hEorpa. Déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:
- a tharaifí reatha ar tháirgí íogaire, mar atá mairteoil, siúcra, rís, circeoil, púdair bhainne, mil, bananaí, cruithneacht bhog, gairleog agus eatánól a choinneáil ar bun
- iompórtálacha teoranta táirgí, mar atá caoireoil agus feoil ghabhair, grán milis, fíonchaora, cúcamair, oinniúin thriomaithe, rum atá déanta as molás, agus stáirsí a cheadú
Le sásra coimirce déthaobhach, beifear in ann gníomhú i gcás ina gcruthódh iompórtálacha aon deacrachtaí.
Rialacha dochta maidir le sláinte agus sábháilteacht bia
Tá bia sábháilte sláintiúil ag muintir na hEorpa a bhuí leis na caighdeáin sláinte agus bhia is airde ar domhan agus leis an gcomhaontú nua seo, cosnófar na caighdeáin sin. Déanfar an méid seo a leanas chun a chinntiú go gcoinnítear na caighdeáin sin:
Ceisteanna coitianta
Cén fáth a bhfuil Comhaontú Saorthrádála (CST) caibidlithe ag an Aontas leis an India?
Is í an India an ceathrú geilleagar is mó ar domhan leis an daonra is mó ar domhan freisin, ach tá easpórtálacha an Aontais chuig an India fós réasúnta íseal, i gcomparáid lenár n-easpórtálacha chuig áiteanna eile. Is é is cúis leis sin, go pointe áirithe, na taraifí an-ard a ghearrann an India ar earraí iompórtáilte. Leis an gcomhaontú, laghdófar taraifí agus ualaí riaracháin, rud a fhágfaidh go mbeidh an trádáil níos éasca, níos saoire agus níos tapa. Rachaidh sé chun tairbhe do thomhaltóirí freisin.
Cén difear a dhéanfaidh an comhaontú d’easpórtálacha an Aontais?
Leis an gcomhaontú, meastar go ndéanfar easpórtálacha an Aontais chuig an India a mhéadú faoi dhó. Tacaíonn na heaspórtálacha a dhéantar faoi láthair le 800,000 post san Eoraip cheana féin. Leis an gcomhaontú trádála, cruthófar deiseanna nua gnó, rud a chothóidh cruthú post dá réir.
Cén chaoi a dtacóidh an comhaontú leis an aistriú glas?
Tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag an India go n-oibreoidh siad le chéile ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar úsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha. Oibreoidh siad i dtreo comhaontuithe idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm, mar atá Comhaontú Pháras, an Coinbhinsiún maidir leis an mBithéagsúlacht, agus an Coinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis fána agus Flóra Fiáine i mBaol.
Cad iad na chéad chéimeanna eile?
1. Foilsiú na ndréacht-téacsanna caibidlithe
2. Athbhreithniú dlíthiúil agus aistriúchán go teangacha oifigiúla uile an Aontais
3. Togra le haghaidh an chomhaontaithe chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh lena shíniú agus lena thabhairt i gcrích
4. Glacadh ag an gComhairle
5. Síniú an chomhaontaithe idir an tAontas agus an India
6. Comhaontú Pharlaimint na hEorpa i dtaca leis an gcomhaontú
7. Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích
A luaithe a dhaingneoidh an India an comhaontú freisin, féadfaidh sé teacht i bhfeidhm.
Cúlra
Thosaigh an tAontas agus an India ar chomhaontú saorthrádála a chaibidliú in 2007. Cuireadh na cainteanna ar fionraí in 2013 agus tús leo an athuair in 2022. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil i mí Eanáir 2026.
In éineacht leis an gcomhaontú saorthrádála, tá comhaontuithe maidir le tásca geografacha agus cosaint infheistíochta á gcaibidliú ag an Aontas agus ag an India freisin.