An comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Astráil i mbeagán focal Thug an tAontas agus an Astráil caibidlíocht i gcrích maidir le comhaontú saorthrádála i mí an Mhárta 2026. Leis an gcomhaontú, déanfar an méid seo a leanas:deireadh a chur le breis agus 99% de tharaifí ar easpórtálacha an Aontais chuig an Astráilfeabhas a chur ar rochtain ar amhábhair chriticiúlaneartú a dhéanamh ar naisc straitéiseacha leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach Tá an comhaontú ina chuid de straitéis an Aontais chun comhpháirtíochtaí trádála domhanda a éagsúlú agus slabhraí soláthair a neartú. Tá an comhar leis an Astráil fadréimseach, agus cumhdaíonn sé slándáil agus cosaint, taighde agus nuálaíocht, oideachas, cúrsaí digiteacha, an aeráid, an comhshaol. Shínigh an tAontas agus an Astráil Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta freisin. Na príomhbhuntáistí Déanann an tAontas agus an Astráil breis agus €89.2 billiún d’earraí agus de sheirbhísí a thrádáil in aghaidh na bliana cheana féin, rud a thacaíonn le beagnach 460,000 post san Aontas. Meastar go mbeidh tionchar dearfach láidir ag an gcomhaontú ar gheilleagar an Aontais. suas le €1 bhilliúncoigilteas dleachta bliantúil ar easpórtálacha an Aontais33%méadú ar easpórtálacha bliantúla an Aontais sna deich mbliana amach romhainn€4 bhilliúnan méadú a mheastar a thiocfaidh ar OTI an Aontais faoi 2030 Anuas ar na huimhreacha, déanfar an méid seo a leanas a bhuí leis an gcomhaontú: deimhneacht dhlíthiúil a thabhairt do chuideachtaí an Aontais trí rialacha cobhsaí intuarthacuidiú le gnólachtaí, idir bheag agus mhór, pleanáil a dhéanamh don fhás fadtéarmach san Astráilslabhraí soláthair a dhaingniú le haghaidh amhábhair chriticiúlatreisiú a dhéanamh ar chosaint mhaoin intleachtúil an Aontaiscuidiú chun góchumadh agus sáruithe eile a chosc Cé na tionscail a bhainfidh tairbhe as laghduithe taraife? EarraíIs iad easpórtálaithe innealra, mótarfheithiclí agus ceimiceán an Aontais a bhaineann an tairbhe is láithrí as. Cuirtear deireadh le taraifí ar na hearraí sin, ar fiú na billiúin euro iad agus iad á n-easpórtáil, ón gcéad lá den chomhaontú. SeirbhísíÓ thaobh seirbhísí de, gheobhaidh cuideachtaí an Aontais rochtain níos fearr ar an méid seo a leanas: seirbhísí gairmiúla agus seirbhísí gnó,iompar muirí, agusseirbhísí airgeadais. Leagtar síos sa chomhaontú freisin rialacha maidir le sreafaí sonraí agus cuirtear toirmeasc ar cheanglais logánaithe sonraí, ar céim thábhachtach é do chuideachtaí digiteacha agus teicneolaíochta. Cé na buntáistí d’fheirmeoirí agus do tháirgeoirí bia? Beidh deiseanna nua easpórtála ag feirmeoirí an Aontais nuair a chuireann an Astráil deireadh le taraifí ar phríomhtháirgí amhail cáis, fíon, seacláid nó brioscaí agus aráin. An tráth céanna, cosnaítear earnálacha íogaire san Aontas trí theorainneacha iompórtála.I gcás earnálacha íogaire talmhaíochta, ina measc sin mairteoil, caoireoil agus feoil ghabhair, siúcra, rís, agus táirgí déiríochta áirithe, ceadófar leis an gcomhaontú iompórtálacha ón Astráil ar tharaifí nialasacha nó ar tharaifí laghdaithe, ach iad i méideanna teoranta agus faoi réir coinníollacha áirithe.Cuirfidh sásra coimirce ar a chumas don Aontas gníomhú go tapa má chruthaíonn borradh ar iompórtálacha Astrálacha deacrachtaí d’fheirmeoirí an Aontais.Leis an gcomhaontú, cosnófar tásca geografacha an Aontais freisin, rud a chiallaíonn nach féidir ainmneacha amhail Champagne nó Parmigiano Reggiano a úsáid ach amháin le haghaidh táirgí a dhéantar i ndáiríre ina réigiúin ainmnithe. Ina measc sin tá:165 tháirge talmhaíochta agus bia231 dheoch bhiotáilleachLe comhaontú déthaobhach nuachóirithe maidir le fíon, tabharfar cosaint bhreise do níos mó ná 1,600 tásc geografach fíona de chuid an Aontais, ina measc sin thart ar 50 ceann nua a cuireadh leis an liosta le déanaí.Beidh na hiompórtálacha uile ón Astráil fós faoi réir dhianrialacháin sláinte agus sábháilteachta an Aontais. Conas a chinntíonn an comhaontú soláthar amhábhar criticiúil na hEorpa? Is táirgeoir mór alúmanaim, litiam agus mangainéise í an Astráil, agus tá siad uile riachtanach do thionscal an Aontais, go háirithe le haghaidh fuinneamh glan agus teicneolaíochtaí digiteacha.Leis an gcomhaontú, laghdófar nó cuirfear deireadh le taraifí ar na hábhair sin, agus cuirfear feabhas ar an gcomhar idir an tAontas agus an Astráil maidir le slándáil an tslabhra soláthair.Tá tábhacht leis sin mar go mbraitheann an tAontas go mór ar iompórtálacha amhábhar criticiúil, agus mar go bhfuil an t-éileamh domhanda ag dul i méid. Tríd an soláthar a éagsúlú, cinnteofar leanúnachas do thionscail straitéiseacha amhail feithiclí leictreacha, táirgeadh ceallraí agus fuinneamh in-athnuaite.Cuimsítear sa chomhaontú forálacha speisialta comhshaoil agus sábháilteachta chun a chinntiú go ndéanfar na hábhair sin a eastóscadh ar bhealach inbhuanaithe, agus chomhaontaigh an dá thaobh feabhas a chur ar an gcomhar maidir le hamhábhair chriticiúla, tionscadail ghaolmhara a chómhaoiniú ina measc sin. Cé na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta atá san áireamh sa chomhaontú? Tá níos mó i gceist leis an gcomhaontú ná trádáil. Cuimsítear ann gealltanais atá ceangailteach ó thaobh dlí i ndáil leis an aeráid, cearta saothair agus cosaint an chomhshaoil. Tá an méid seo a leanas ar na príomhghealltanais inbhuanaitheachta: seasamh le croíphrionsabail na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS), ina measc sin deireadh a chur le saothar leanaí agus an tsaoirse comhlachais a chosaintcur chun feidhme na gconarthaí daingnithe uile lena gcosnaítear cearta na mbanan dífhoraoisiú, trádáil neamhdhleathach fiadhúlra agus iascaireacht neamhdhleathach a chomhraccomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun feidhmerialacha sláinte agus sábháilteachta an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le gach iompórtáil ón Astráil Déanann an comhaontú trádáil in earraí agus seirbhísí glasa a léirscaoileadh freisin, amhail fuinneamh in-athnuaite agus táirgí atá tíosach ar fhuinneamh.Cén uair a thiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm? Is iad seo a leanas na céimeanna daingniúcháin: Foilsiú na ndréacht-téacsanna caibidlitheAthbhreithniú dlíthiúilTogra a chur faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh lena shíniú agus lena thabhairt i gcríchAn Chomhairle é a ghlacadhAn tAontas agus an Astráil an comhaontú a shíniúComhaontú Pharlaimint na hEorpa i dtaca leis an gcomhaontúCinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích A luaithe a dhaingneoidh an Astráil an comhaontú freisin, féadfaidh sé teacht i bhfeidhm. Cúlra Thosaigh an tAontas agus an Astráil ar chomhaontú saorthrádála a chaibidliú i mí Iúil 2018. Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil i mí an Mhárta 2026.Is é an comhaontú an ceann is déanaí sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, a bhfuil tábhacht straitéiseach leis, tar éis bailchríoch a chur ar an gcaibidlíocht i ndáil le comhaontú saorthrádála leis an Indinéis i mí Mheán Fómhair 2025, agus leis an India i mí Eanáir 2026. Naisc ghaolmhara Caidreamh trádála an Aontais leis an AstráilAn comhaontú idir an tAontas agus an Astráil: DoiciméidCaibidlíochtaí agus comhaontuithe trádála an AontaisBeartas trádála an AontaisMíniú ar thrádáil an Aontais ar fud an domhain Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Márta 2026
An comhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus an Astráil i mbeagán focal Thug an tAontas agus an Astráil caibidlíocht i gcrích maidir le comhaontú saorthrádála i mí an Mhárta 2026. Leis an gcomhaontú, déanfar an méid seo a leanas:deireadh a chur le breis agus 99% de tharaifí ar easpórtálacha an Aontais chuig an Astráilfeabhas a chur ar rochtain ar amhábhair chriticiúlaneartú a dhéanamh ar naisc straitéiseacha leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach Tá an comhaontú ina chuid de straitéis an Aontais chun comhpháirtíochtaí trádála domhanda a éagsúlú agus slabhraí soláthair a neartú. Tá an comhar leis an Astráil fadréimseach, agus cumhdaíonn sé slándáil agus cosaint, taighde agus nuálaíocht, oideachas, cúrsaí digiteacha, an aeráid, an comhshaol. Shínigh an tAontas agus an Astráil Comhpháirtíocht Slándála agus Cosanta freisin.