Plean Sáraithe Ailse na hEorpa
Is gealltanas polaitiúil é Plean Sáraithe Ailse na hEorpa darb aidhm an taoide a chasadh in aghaidh na hailse agus céim chun cinn eile a thógáil i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa atá láidir agus Aontas Eorpach atá níos sláine, níos ullmhaithe agus níos athléimní dá réir.
In 2024 rinneadh diagnóis ailse ar 2.7 milliúin duine san Aontas, agus fuair 1.3 milliúin duine eile bás den ailse, breis agus 2,000 duine óg ina measc. Mura ndéanaimid beart cinntitheach anois, tiocfaidh méadú 24% ar an líon cásanna ailse faoi 2035, rud a fhágfaidh gurb í an ailse an tsiocair bháis is mó san Aontas.
Tacaítear leis na gníomhartha faoi Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa le cláir mhaoiniúcháin éagsúla, ina measc sin EU4Health, an clár Fís Eoraip agus an clár don Eoraip Dhigiteach.
Agus muid i dteannta a chéile, is féidir leis an Aontas oibriú i dtreo:
- glúin saor ó thobac: a chinntiú gur lú ná 5% den daonra a bheidh ag úsáid tobac faoi 2040
- tomhaltas díobhálach alcóil a laghdú i gcomhréir leis na cuspóirí ar a ndíríonn Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (laghdú coibhneasta 10% ar a laghad ar úsáid dhíobhálach alcóil faoi 2025) agus an teagmháil atá ag daoine óga le margaíocht alcóil a laghdú
- truailliú an chomhshaoil a laghdú trí chaighdeáin an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a ailíniú le treoirlínte na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an teagmháil atá ag daoine le substaintí carcanaigineacha agus an radaíocht a laghdú
- cur leis an eolas sláinte atá ag daoine agus lena litearthacht sláinte ar mhaithe le stíleanna maireachtála níos folláine a chur chun cinn

I mí an Mheithimh 2024 glacadh Moladh nua chun tacú leis na Ballstáit ina gcuid iarrachtaí an ailse a chosc trí vacsaíniú. Agus é ina chuid de Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa agus ina phríomhcholún d’Aontas Sláinte na hEorpa, tá sé dírithe ar bhorradh a chur faoi ghlacadh dhá vacsaín thábhachtacha lenar féidir ionfhabhtuithe víreasacha a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le hailse a chosc: Papalómaivíris dhaonna (HPV) agus Heipitíteas B (HBV), chomh maith le feabhas a chur ar an monatóireacht ar rátaí cumhdaigh.
Spriocanna an Phlean Ailse do 2030
Feabhas a chur ar aimsiú luath ailse
Ailse a aimsiú go luath de scagthástáil, is féidir leis sin cabhrú ó thaobh daoine a shábháil ón mbás. Ó thaobh na rochtana de, áfach, tá éagothromaíochtaí ann idir na Ballstáit go fóill.
Tá éagsúlacht ann i measc na mBallstát maidir le líon na ndaoine leochaileacha a ndéantar tástáil orthu. Is éard atá sa líon sin raon idir
Leis an g cur chuige nua maidir le brath ailse a glacadh i mí na Nollag 2022, tacóidh an Coimisiún leis na Ballstáit chun a chinntiú go gcuirtear scagthástálacha ailse cíche, ceirbheacs agus colaireictí ar fáil do 90% de dhaonra an Aontais atá ina dteideal sin. Moltar sa Mholadh freisin go leathnófar scagthástáil eagraithe ailse daonrabhunaithe chun ailse scamhóg, próstatach agus, i gcúinsí áirithe, ailsí gastracha a áireamh, bunaithe ar thaighde breise a dhéanamh.
Ba cheart an ceart céanna a bheith ag gach duine cúram, diagnóis agus cóireáil ar ardchaighdeán a fháil, ba cheart an rochtain chéanna a bheith acu ar chógais, agus ba cheart an seans céanna a bheith acu teacht slán, is cuma cén áit a gcónaíonn siad.
Ach na rátaí marthanais atá ann i dtíortha éagsúla i ndiaidh cóireáil ailse cíche, tá difríocht 20% eatarthu, agus na rátaí marthanais cúig bliana atá ann maidir le hailse drólainne, is raon idir 49% agus 68% atá iontu.
Le Plean Ailse an Aontais, foráiltear d’ardán de chuid an Aontais chun feabhas a chur ar rochtain ar chógais ailse, sin agus tacaíocht don lucht saothair a oibríonn i réimse na hailse trí chlár oiliúna idir-speisialtachta atá á chur i bhfeidhm i níos mó ná 100 ionad ailse ar fud an Aontais.
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún cumais dhigiteacha na n-ionad ailse a neartú chomh maith. Mar chuid de sin, déanfar úsáid an teilileighis agus na cianmhonatóireachta a leathnú trí thionscnamh nua, is é sin eCAN Plus, rud a seoladh i mí an Mheithimh 2025.

Feabhas a chur ar an gcáilíocht saoil atá ag othair ailse agus daoine a tháinig slán ón ailse
Meastar go bhfuil os cionn 12 mhilliún duine san Eoraip a tháinig slán ón ailse, tuairim agus 300,000 duine a tháinig slán ó ailse óige ina measc, a bhuí sin leis an dul chun cinn atá déanta maidir leis an aimsiú luath, teiripí éifeachtacha agus an cúram tacúil.
A bhuí leis an dul chun cinn maidir le luathbhrath, teiripí éifeachtacha agus cúram tacúil, meastar go bhfuil
thart ar 300,000 duine a tháinig slán ó ailse óige san áireamh
Cé gur cúis dóchais é sin, is gá cúram leantach iomchuí agus rochtain ar chosaint shóisialta, a bheith ann freisin.
Tionscnaimh shuaitheanta
- Lárionad Eolais um Ailse
- Diagnóisic agus Cóireáil Ailse do Chách
- An Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse
- Tionscnamh Eorpach um an Ailse a Thuiscint
- Deireadh a chur le hailsí a eascraíonn as an bpapalómaivíreas daonna
- Tionscnamh um cháilíocht saoil níos fearr d’othair ailse
- Scéim Scagtha Ailse an Aontais
- Clárlann Éagothromaíochtaí Ailse
- Líonra an Aontais d’Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse
- Tionscnamh um chabhrú le Leanaí a bhfuil Ailse orthu
- Líonraí Nua Saineolais (le haghaidh réimsí cothrománacha ailse)
Doiciméid
- 4 FEABHRA 2025
- 22 BEALTAINE 2024
- 2 FEABHRA 2022
- 31 EANÁIR 2022
- 5 FEABHRA 2021
- 3 FEABHRA 2021
- български(456.2 KB - HTML)
- español(362.09 KB - HTML)
- čeština(352.29 KB - HTML)
- dansk(349.71 KB - HTML)
- Deutsch(364.62 KB - HTML)
- eesti(343.55 KB - HTML)
- ελληνικά(463.84 KB - HTML)
- français(372.65 KB - HTML)
- hrvatski(344.11 KB - HTML)
- italiano(359.9 KB - HTML)
- latviešu(352.56 KB - HTML)
- lietuvių(355.52 KB - HTML)
- magyar(370.12 KB - HTML)
- Malti(363.33 KB - HTML)
- Nederlands(358.24 KB - HTML)
- polski(366.44 KB - HTML)
- português(358.78 KB - HTML)
- română(370.3 KB - HTML)
- slovenčina(361.02 KB - HTML)
- slovenščina(347.3 KB - HTML)
- suomi(352.2 KB - HTML)
- svenska(346.13 KB - HTML)
Naisc ghaolmhara
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Aibreán 2026