Agus muid ag druidim le comóradh 25 bliana na Cairte um Chearta Bunúsacha an 7 Nollaig 2025, tá a cearta, a saoirsí agus a prionsabail fós chomh suntasach céanna agus a bhí siad an tráth a bunaíodh í.
Mar chuid de na gníomhaíochtaí ceiliúrtha, tá sraith físeán á foilsiú ag an gCoimisiún Eorpach ina léirítear guthanna daoine ar fud an Aontais. Sna hagallaimh ghearra seo, a taifeadadh in Amstardam, i Maidrid, i gCóbanhávan agus i mBúcairist, tá machnamh pearsanta ó dhaoine éagsúla ar a bhfuil i gceist le cearta bunúsacha i saol laethúil daoine. Is é is aidhm do na físeáin feasacht ar an gCairt a mhúscailt agus béim a leagan ar a hábharthacht do dhaoine aonair ar fud comhthéacsanna sóisialta agus cultúrtha éagsúla.
An 7 Nollaig 2025, rinneamar ceiliúradh ar chomóradh 25 bliana na Cairte um Chearta Bunúsacha, agus tá a cearta, a saoirsí agus a prionsabail fós chomh suntasach céanna agus a bhí siad an tráth a bunaíodh í.
Rinneamar ceiliúradh ar an gcomóradh ag an gcomhdháil dar teideal ‘25 Bliana de Chearta: Machnamh a dhéanamh ar Thionchar na Cairte’ (10-11 Nollaig 2025), arna eagrú go comhpháirteach ag an gCoimisiún Eorpach, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ag Uachtaránacht na Danmhairge ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Ní hamháin gur chloch mhíle thábhachtach a bhí sa chomhdháil, ach chuir sí ardán ar fáil freisin chun plé agus machnamh a dhéanamh ar thodhchaí na Cairte.
Mar chuid de na gníomhaíochtaí ceiliúrtha, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach sraith físeán ina léirítear guthanna daoine ar fud an Aontais. Sna hagallaimh ghearra seo, a taifeadadh in Amstardam, i Maidrid, i gCóbanhávan agus i mBúcairist, tá machnamh pearsanta ó dhaoine éagsúla ar a bhfuil i gceist le cearta bunúsacha i saol laethúil daoine. Ba é aidhm na bhfíseán feasacht ar an gCairt a mhúscailt agus béim a leagan ar a hábharthacht do dhaoine aonair ar fud comhthéacsanna sóisialta agus cultúrtha éagsúla.
Féach ar gach ceann de na físeáin #EUCHARTER25!
Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh
Tá an tAontas bunaithe ar luachanna bunaidh na gceart bunúsach, an daonlathais agus an smachta reachta. Tá dlúthnasc idir na luachanna sin, ós rud é go bhfuil urraim do chearta bunúsacha bunriachtanach i sochaithe daonlathacha atá bunaithe ar an smacht reachta.
Tá sé d’aidhm ag an Aontas a luachanna bunaidh agus a chearta bunúsacha a chosaint agus a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh den Aontas araon. Tá cosaint agus cur chun cinn na gceart bunúsach laistigh den Aontas bunaithe ar na Conarthaí bunaidh agus ar Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá an luach céanna acu go léir agus atá ag an dlí príomhúil ceangailteach. Rinneadh an Chairt ceangailteach ar an Aontas faoin dlí ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin i mí na Nollag 2009.

