Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Straitéis an Aontais um an Artach a bheith ag athrú go tapa

  • Alt nuachta
  • 20 Deireadh Fómhair 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
A picture of an Arctic landscape by the sea

Tá an tArtach ag athrú go tapa. Tá tírdhreach slándála agus eacnamaíoch an Artaigh á athmhúnlú ag an athrú aeráide, ag teannas geopholaitiúil, ag iomaíocht straitéiseach, ag gníomhaíocht mhíleata agus ag bealaí nua loingseoireachta. Tá straitéis nua um an Artach curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún agus an Ardionadaí, straitéis atá ina creat nua um chomhar le comharsana ó thuaidh dínn atá ar aon intinn linn féin, agus na daoine, an tslándáil, an aeráid agus an rathúnas ina lár istigh.

Is iad na ceithre thosaíocht a ghabhann leis an straitéis sin

  • an tslándáil agus an athléimneacht a neartú san Artach chun cur leis an ullmhacht, chun bonneagar criticiúil a chosaint agus chun treisiú le cumas na hEorpa oibriú sna cúinsí atá i gceist san Artach. Tacófar leis an obair sin trí mhol nua um shlándáil mhuirí
  • aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide, athrú a bhfuil ag géarú ar an luas atá faoi, trí thaighde aeráide a neartú, agus trí thacú le freagairtí éifeachtacha
  • áit shlán ó thaobh cúrsaí geilleagair de a dhéanamh den Artach, trí mhol nua an Aontais um thaighde polach, agus tríd an Oifig Eorpach um Chomhordú Polach a neartú
  • deiseanna a chruthú do mhuintir an Artaigh trí thacú le rialtais áitiúla an Artaigh i dtaobh aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna

Is cuid den Artach atá san Aontas. Breis agus leathmhilliún saoránach den Aontas i Ríocht na Danmhairge, san Fhionlainn agus sa tSualainn, is san Artach atá cónaí orthu. An luas atá faoi théamh an Artaigh, tá sé ceithre huaire níos tapa ná meánluas an téimh ar fud an domhain, rud a bhfuil éiceachórais thíos leis, agus a bhfuil slite beatha agus pobail á n-athrú dá réir. 

Trí na bearta nithiúla atá sa straitéis nua, tá an tAontas ag féachaint leis an Artach a chur chun sinn sa chaoi go mbeidh sé cobhsaí réamhbhreathnaitheach, rud atá sé a dhéanamh i ndlúthchomhar le comhpháirtithe agus pobail Artacha.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint - Straitéis nua um an Artach leagtha amach ag an Aontas

Bileog eolais – Comharsanacht Thuaidh na hEorpa: Straitéis nua um an Artach

An tAontas Eorpach agus an tArtach 

 

Dáta foilsithe
20 Deireadh Fómhair 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide

An nuacht ghaolmhar

  • Alt nuachta

Tá plean leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach chun réigiúin an Aontais atá ag críochantacht leis an Rúis, an Bhealarúis agus an Úcráin a dhéanamh níos sláine, níos athléimní agus níos tarraingtí mar áiteanna cónaithe agus oibre.

Am léitheoireachta: 2 nóiméad
  • Alt nuachta

Foghlaim faoi chóras teorannacha digiteacha an Aontais do náisiúnaigh tríú tír, faoin gcaoi a n-oibreoidh sé, agus faoin gcaoi a ndéanfaidh sé rialú teorann an Aontais níos sláine, níos éifeachtúla agus níos tapúla

Am léitheoireachta: 2 nóiméad
  • Press release

The EU put forward a new strategy for a secure, prosperous and resilient Blac Sea region, to boost connections and growth by linking Europe with the South Caucasus, Central Asia, and beyond. It will also reinforce the EU’s geopolitical role as a reliable actor in the region.

Am léitheoireachta: 8 nóiméad