
Nuair a thagann níos mó tíortha isteach san Aontas Eorpach, ní mór dúinn a bheith réidh. Sin an fáth a bhfuil athbhreithniú déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar na gníomhaíochtaí is gá chun an tAontas agus na tíortha atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas a ullmhú do mhéaduithe amach anseo.
Leis na bearta nua, ullmhófar rialachas, bearta agus buiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh an mhéadaithe agus déanfar neartú ar chosaint luachanna an Aontais agus ar an smacht reachta.
Beartais a oiriúnú i leith Aontas níos leithne
Is féidir leis an Aontas níos mó tíortha a thabhairt isteach laistigh den Chonradh agus den chreat buiséadach atá ann cheana. Bheadh gá le roinnt feabhsuithe, áfach, ó thaobh acmhainneacht riaracháin agus cur chun feidhme de.
Maidir le socruithe buiséadacha, is féidir le buiséad an Aontais freastal ar Bhallstáit nua agus leanúint de thosaíochtaí reatha an Aontais a mhaoiniú ag an am céanna.
Rialachas a neartú ar mhaithe le hAontas níos mó
Má thagann níos mó tíortha isteach san Aontas, ní mór an chinnteoireacht a bheith níos gasta agus níos éifeachtaí. Molann an Coimisiún úsáid níos mó a bhaint as na féidearthachtaí faoi na Conarthaí chun inniúlacht gníomhaithe an Aontais a neartú, an méid seo a leanas san áireamh:
- aistriú ó aontoilíocht go vótáil trí thromlach cáilithe i bpríomhréimsí, cuir i gcás chun na cnuasaigh chaibidlíochta a oscailt, rud a chuideoidh i dtaobh próiseas an mhéadaithe a dhéanamh níos dinimiciúla
- nósanna imeachta Airteagal 7 a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí (i.e. an fhéidearthacht cearta áirithe Ballstáit a chur ar fionraí má sháraíonn sé bunluachanna an Aontais go tromchúiseach), ina measc sin tráthchláir a d’fhéadfadh a bheith ann
Leanfaidh na Tuarascálacha bliantúla maidir le Méadú agus an Smacht Reachta de bheith ina bpríomhuirlisí monatóireachta.
Tíortha is iarrthóirí a lánpháirtiú de réir a chéile san Aontas
Treisíonn na bearta lánpháirtiú na dtíortha is iarrthóirí de réir a chéile san Aontas tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- deiseanna a shainaithint chun comhtháthú a dhoimhniú in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh, iompar, cúrsaí digiteacha agus cosaint
- idirphlé bliantúil a sheoladh le tíortha is iarrthóirí chun dul chun cinn a rianú, deiseanna a shainaithint, agus aghaidh a thabhairt ar bhearnaí sa lánpháirtiú de réir a chéile
Coimircí earnála agus institiúideacha
Moltar sna bearta coimircí níos láidre do chonarthaí aontachais amach anseo ionas go leanfar de na gealltanais a tugadh le linn na caibidlíochta a urramú tar éis an aontachais.
- Le coimirce institiúideach thiomnaithe, thabharfaí aghaidh ar sháruithe tromchúiseacha ar na bunluachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar phrionsabal an chomhair dhílis. Sna cásanna is tromchúisí, d’fhéadfaí a áireamh ar na bearta cearta vótála na Comhairle a chur ar fionraí.
- D’fhéadfaí socruithe idirthréimhseacha a úsáid freisin i gcás inar gá, cuir i gcás le haghaidh saorghluaiseacht oibrithe agus seirbhísí, talmhaíocht, táirgí íogaire, maoiniú agus rannpháirtíocht i gcórais choiteanna de chuid an Aontais.
Na chéad céimeanna eile
Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle Eorpach agus ar Pharlaimint na hEorpa an plé agus na hullmhúcháin institiúideacha a chur chun cinn.
Oibreoidh sé leis an Aontas agus le tíortha is iarrthóirí chun an chaibidlíocht aontachais a ailíniú le hullmhúcháin inmheánacha an Aontais agus cuirfidh sé treochláir i láthair do Mhontainéagró, don Albáin, don Mholdóiv agus don Úcráin.
Is príomhthosaíocht don Choimisiún i gcónaí é méadú an Aontais agus is spreagadh tábhachtach é don tslándáil, don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don rathúnas fadtéarmach san Eoraip.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 6 Deireadh Fómhair 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide