Príomhfhigiúirí
Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha
- Bagairtí slándála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo
Leis an teannas domhanda atá ag dul i méid, tá gá le hullmhacht mhéadaithe agus le cumas mearfhreagartha.
- Caiteachas straitéiseach Eorpach
Trí infheistíocht a dhéanamh i nuálaíocht agus i dtáirgeadh na hEorpa, neartaítear neamhspleáchas agus cumais an Aontais.
- Brú ar theorainneacha
Tá gá le hacmhainneacht fheabhsaithe do bhainistiú teorainneacha i ngeall ar bhrú breise ar theorainneacha seachtracha na hEorpa.
Infheistíocht a dhéanamh sa chosaint, sa tslándáil agus sa spás
Tríd an gCiste Eorpach um Iomaíochas, tiomnóidh an tAontas €131 bhilliún chun tacú le hinfheistíocht sa chosaint, sa tslándáil agus sa spás, méadú faoi chúig i gcomparáid leis an tréimhse bhuiséid atá ann faoi láthair.
- Tacaíocht don chosaint
Beidh na Ballstáit agus na réigiúin in ann tacú le tionscadail a bhaineann leis an gcosaint ar bhonn deonach, i gcomhréir le tosaíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha.
- Soghluaisteacht mhíleata
Tiocfaidh méadú faoi dheich ar chistiú soghluaisteachta míleata faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, rud a chumasóidh bonneagar a fhreastalaíonn ar riachtanais shibhialta agus mhíleata.
- Slándáil fuinnimh
Tacófar le tionscadail fuinnimh agus iompair trasteorann chun slándáil fuinnimh na hEorpa a fheabhsú.
- Infheistíochtaí criticiúla
Le hinfheistíochtaí, neartófar freisin an chibearshlándáil, an t-iompar agus forbairt an bhonneagair chriticiúil.
Cur chuige daingean cothrom i leith na himirce agus na slándála
Leithdháilfear €81 bhilliún sa bhuiséad nua chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin na himirce agus na slándála inmheánaí, trí huaire níos mó ná an CAI reatha.
- Mearfhreagairt
Tacóidh cistí leis na Ballstáit freagairt thapa a thabhairt ar fhorbairtí ar an láthair.
- Slándáil teorann
Beidh na huirlisí agus an teicneolaíocht is gá ag gardaí teorann chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint.
- Forfheidhmiú an dlí
Le hinfheistíochtaí, neartófar freisin an chibearshlándáil, an t-iompar agus forbairt an bhonneagair chriticiúil.
- Athchóiriú na himirce
Cuideoidh an cistiú chun an Comhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann a chur i bhfeidhm, rud a chinnteoidh córas imirce atá cothrom daingean réamhbhreathnaitheach.
A bhfuil i gceist leis sin don Aontas
Leis an mbuiséad fadtéarmach seo, tá bearta tábhachtacha á ndéanamh ag an Aontas chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
- an Eoraip a choinneáil níos sábháilte agus níos sláine, le freagairtí níos tapúla ar ghéarchéimeanna domhanda
- a chuid cumas chosanta agus slándála féin a neartú
- tacú leis an nuálaíocht sa chosaint ar fud na réigiún agus na mBallstát
- córas bainistithe imirce atá cothrom daingean a fhorbairt, agus teorainneacha á gcoinneáil slán dea-bhainistithe ag an am céanna.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 15 Eanáir 2026
