Téann an Coimisiún i mbun comhairle go córasach le linn mórthionscnaimh nua a bheith á n-ullmhú, meastóireacht ar bheartais atá ann cheana ina measc. Tá 245 comhairliúchán poiblí ar líne seolta ag an gCoimisiún ón uair a chuaigh Coimisiún von der Leyen i mbun oifige an 1 Nollaig 2019. Tá raon i bhfad níos leithne ná sin ag baint le ról agus luach an chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara, áfach. Is dóchúla go nglacfaidh páirtithe leasmhara beartais nua agus go ngeallfaidh siad iad a chur chun feidhme i gceart más rud é go raibh baint acu sin is mó dá ndéanann siad difear i bpróiseas oscailte trédhearcach inar tugadh aird cheart ar a dtuairimí agus ar a gcuid sonraí. Is dlúthchuid de na SDGanna iad comhpháirtíochtaí agus bíonn siad riachtanach chun dul chun cinn a choinneáil ar siúl i gcaitheamh ama. An Comhshocrú Aeráide Eorpach – Tiomantas an Aontais don fhorbairt inbhuanaithe Is tionscnamh nua neamhreachtach é an Comhshocrú Aeráide Eorpach chun páirtithe leasmhara éagsúla a thabhairt le chéile agus é mar aidhm aige gealltanas a fháil uathu go ndéanfaidh siad gníomh ar mhaithe leis an aeráid, an comhshaol agus an inbhuanaitheacht. Is é is cuspóir dó daoine agus eagraíochtaí a chur ar an eolas agus a spreagadh, agus comhar eatarthu a chothú. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag plé ar bhealach fóinteach le páirtithe leasmhara i réimsí beartais éagsúla chun beartais a cheapadh atá ríthábhachtach chun na SDGanna a chur i gcrích. Preaseisiúint: The European Climate Pact: empowering citizens to shape a greener Europe [An Comhshocrú Aeráide Eorpach: saoránaigh a chumhachtú chun Eoraip níos glaise a mhúnlú] An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa Is éard a bheidh i gceist leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa, ar mórchleachtas daonlathach uile-Eorpach é, fóram poiblí nua chun díospóireacht oscailte uileghabhálach thrédhearcach struchtúrtha a éascú le saoránaigh i dtaca le roinnt príomhthosaíochtaí agus príomhdhúshláin, cur chun feidhme na SDGanna ina measc. Is é atá d’aidhm aige gach cearn den Eoraip, ní hamháin na príomhchathracha, a thabhairt le chéile agus an ceangal a neartú idir muintir na hEorpa agus na hinstitiúidí a fhreastalaíonn orthu. Ardán il-pháirtithe leasmhara maidir le SDGanna An t-ardán il-pháirtithe leasmhara ardleibhéil maidir le cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Tháinig deireadh le sainordú an ardáin il-pháirtithe leasmhara maidir le SDGanna an 31 Nollaig 2019.