|
|
An t-athrú aeráide agus dúshláin chomhshaoil eile: Is é is dóichí gur mó ná 1.5℃ a bheidh an téamh domhanda sa scór bliain amach romhainn agus méadóidh sé i dtreo 2℃ roimh lár an chéid, rud a chuirfidh leis an mbrú atá ar shábháilteacht uisce agus bia ar fud an domhain. Faoi 2050, beidh cúnamh daonnúil ag teastáil ó 200 milliún duine agus is é is cúis leis sin éifeachtaí éiceolaíocha.
|
|
|
An hipearnascacht dhigiteach agus claochluithe teicneolaíocha: Tá gach seans ann go dtiocfaidh méadú ar líon na ngléasanna nasctha ó 30.4 billiún in 2020 go 200 billiún in 2030. Is é an toradh a bheidh ar nascthacht mhéadaithe réada, áiteanna agus daoine táirgí nua, seirbhísí nua, samhlacha nua gnó, agus pátrúin nua mhaireachtála agus oibre. A bhuí le huaillmhian cheannaireachta domhanda na hEorpa sa dá aistriú, d’fhéadfadh sí áit lárnach a bheith aici i margadh brabúsach atá ag teacht chun cinn agus cineálacha nua post a chruthú, cuir i gcás poist ghlasa in earnálacha atá bunaithe cheana féin agus in earnálacha atá ag teacht chun cinn.
|
|
|
An brú atá ar an daonlathas agus ar luachanna: Amhail ó 2020, bhí cónaí ar 34% de dhaonra an domhain i dtíortha ina raibh meath ag teacht ar an rialachas daonlathach, agus ní raibh cónaí ach ar 4% i dtíortha a bhí ag éirí níos daonlathaí. An mhífhaisnéis ar mórscála, í á cumhachtú ag uirlisí nua agus ardáin ar líne, beidh sí ina dúshlán méadaitheach do chórais dhaonlathacha agus is í a spreagfaidh cogaíocht faisnéise de chineál nua. |
|
|
Athruithe ar an ord domhanda agus ar an déimeagrafaíocht: Tá an domhan ag éirí níos ilpholaí de réir a chéile. Is cosúil gurb í an tSín an geilleagar is mó a bheidh againn ar domhan roimh dheireadh na ndeich mbliana seo, agus tá an fhéidearthacht ann go sáróidh an India an tAontas san fhiche bliain atá le teacht. Meastar gur 8.5 billiún duine a bheidh i ndaonra an domhain in 2030 agus 9.7 billiún in 2050, ach meastar go laghdóidh daonra an Aontas 5%, agus nach mbeidh cónaí ach ar bheagán níos mó ná 420 milliún ann faoi 2050. |
|