Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Rannpháirtíocht leanaí sa saol polaitiúil agus daonlathach

Réimse téamach 1 de Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh Gníomhaíochtaí an Aontais arb é is aidhm dóibh leanaí a chumasú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina mbaill de shochaithe daonlathacha

EU strategy on the rights of the child - pillar 1

An ceart chun éisteacht a fháil

Luaitear an méid seo a leanas in Airteagal 24 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh: ‘Féadfaidh [leanaí] a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht.’

Leagtar síos freisin in Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Linbh an ceart atá ag gach leanbh éisteacht a fháil agus aird chuí a bheith tugtha ar a thuairimí i gcomhréir lena aois agus lena aibíocht.

Déanann an Coimisiún Eorpach ceart an linbh chun éisteacht a fháil a chur chun cinn agus a chosaint ina reachtaíocht agus ina bheartais. Is gníomhaithe don athrú iad leanaí agus is mian leis an gCoimisiún tacú leo agus iad ag cur le hathruithe sa saol. Chuathas i gcomhairle le leanaí maidir leis an straitéis le cabhair ó na príomheagraíochtaí um chearta leanaí agus beidh baint acu le cur chun feidhme agus monatóireacht na straitéise.

Gníomhaíochtaí an Aontais arb iad is aidhm dóibh leanaí a chumasú le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus ina mbaill de shochaithe daonlathacha

Faoi Straitéis an Aontais maidir le cearta an linbh, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé an méid seo a leanas:

  • Ardán Rannpháirtíochta Leanaí de chuid an Aontais a bhunú, i gcomhpháirt le Parlaimint na hEorpa agus le heagraíochtaí um chearta leanaí, chun sásraí rannpháirtíochta leanaí atá ann cheana a nascadh ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus leanaí a thabhairt isteach sna próisis chinnteoireachta ar leibhéal an Aontais.
  • spás a chruthú do leanaí le bheith rannpháirteach go gníomhach sa Chomhshocrú Aeráide Eorpach trí ghealltanais a thabhairt nó trí bheith ina nAmbasadóirí Comhshocraithe. Trí ról a thabhairt do scoileanna san oideachas aeráide, fuinnimh agus comhshaoil inbhuanaithe, cabhróidh an Chomhghuaillíocht ‘Oideachas ar mhaithe leis an Aeráid’ le leanaí a bheith ina ngníomhaithe don athrú i gcur i bhfeidhm an Chomshocraithe Aeráide agus an Chomhaontaithe Ghais don Eoraip
  • leaganacha agus formáidí den Chairt um Chearta Bunúsacha agus de phríomhionstraimí eile de chuid an Aontais a fhorbairt agus a chur chun cinn a bheidh inrochtana, cuimsitheach go digiteach agus oiriúnach do leanaí;
  • treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun cinn maidir le teanga atá oiriúnach do leanaí a úsáid i ndoiciméid agus in imeachtaí agus cruinnithe na ngeallsealbhóirí le rannpháirtithe leanaí;
  • leanaí a áireamh san Fhóram um Chearta Bunúsacha de chuid Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) agus sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;
  • comhairliúcháin a bhaineann go sonrach le leanaí a dhéanamh le haghaidh tionscnaimh ábhartha amach anseo
  • saineolas agus cleachtais maidir le rannpháirtíocht leanaí a neartú i measc fhoireann an Choimisiúin agus fhoireann ghníomhaireachtaí an Aontais, beartais maidir le cosaint leanaí agus beartais choimirce ina measc.