Ar aghaidh go dtí an príomhábhar

An próiseas caibidlíochta maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus NextGenerationEU

I dteannta a chéile, is iad buiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027 agus an ionstraim théarnaimh NextGenerationEU an pacáiste spreagtha is mó dár maoiníodh riamh ó bhuiséad an Aontais. Pacáiste dar luach níos mó ná €2.0 trilliún is ea é.

Comhaontaíodh é tar éis próiseas caibidlíochta. Cuireadh tús leis an bpróiseas le togra ón gCoimisiún i mí Bealtaine 2018. Tar éis do phaindéim an choróinvíris an Eoraip a bhualadh, tháinig an dara togra i mí Bealtaine 2020 chun a chinntiú gur féidir leis an mbuiséad tacú le téarnamh na hEorpa ar bhealach níos fearr. Cuimsíodh NextGenerationEU mar chuid den dara togra sin.

I mí Iúil 2020, tar éis caibidlíocht a mhair ar feadh ceithre lá agus oíche, d’fhormhuinigh cinn stáit nó rialtais an Aontais Eorpaigh an chéad bhuiséad fadtéarmach eile agus NextGenerationEU. An 10 Samhain 2020, ghlac Parlaimint na hEorpa an comhaontú freisin.

Cuireadh an chéim dheiridh sa phróiseas i gcrích an 17 Nollaig 2020 le glacadh deiridh phacáiste 2021-2027 ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

I ndiaidh an phróisis sin, agus tar éis ghlacadh nó dhaingniú na rialacha ábhartha breise agus an rialacháin, is féidir le daoine ar fud an Aontais agus lasmuigh de iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón 1 Eanáir 2021.

Caibidlíocht chríochnaitheach

[node:146909:view-mode:teaser]{EU budget: European Commission welcomes the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027 as Teaser}

[node:146923:view-mode:teaser]{Questions and answers on the adoption of the EU's long-term budget for 2021-2027 as Teaser}

[node:144174:view-mode:teaser]{Questions and Answers on the agreement on the €1.8 trillion package to help build greener, more [...] t Europe * as Teaser}

[node:144104:view-mode:teaser]{EU budget: European Commission welcomes agreement on €1.8 trillion package to help build greene [...] ent Europe as Teaser}

[node:140593:view-mode:teaser]{NextGenerationEU: Commission presents next steps for €672.5 billion Recovery and Resilience Fac [...] h Strategy as Teaser}

[node:137878:view-mode:teaser]{Speech by President von der Leyen at the European Parliament Plenary on the conclusions of the [...] July 2020 as Teaser}

Rún ó Pharlaimint na hEorpa, an 23 Iúil 2020

Conclúidí na Comhairle Eorpaí, an 21 Iúil 2020

 

Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027
leithdháiltí iomlána in aghaidh an cheannteidil

  CAI NGEU IOMLÁN
1. An Margadh Aonair, an Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha 149.5 11.5 161.0
2. Comhtháthú, Teacht Aniar agus Luachanna 426.7 776.5 +1,203.2
3. Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol 401.0 18.9 419.9
4. Imirce agus Bainistiú Teorainneacha 25.7 - 25.7
5. Slándáil agus Cosaint 14.9 - 14.9
6. An Chomharsanacht agus an Domhan 110.6 - 110.6
7. An Riarachán Poiblí Eorpach 82.5 - 82.5
IOMLÁN +1,210.9 806.9 +2 017.8
IOMLÁN i bpraghsanna 2018 +1,074.3 750.0 +1,824.3

 

Ní bhaineann buiséad an Aontais le tíortha a bheith ag ligean chucu agus uathu, agus níor bhain riamh. Baineann gach tír tairbhe as rannpháirtíocht sa mhargadh aonair, iad go léir ag tabhairt aghaidh ar dhúshlán na himirce agus ag troid i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an athraithe aeráide i dteannta a chéile.

I gcás an bhuiséid áirithe sin, gheobhaidh gach Ballstát acmhainní breise chun an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta a mhaoiniú tar éis phaindéim COVID-19.

D’ainneoin sin, tá imchlúdach de réir tíre ann i gcás cláir ar leith. Tá eolas fúthu sin ar fáil anseo.

Togra ón gCoimisiún, Bealtaine 2020

I mí na Bealtaine 2020 mhol an Coimisiún buiséad láidir, nua-aimseartha, athchóirithe fadtéarmach an Aontais, buiséad a gcuirtear dlús leis trí Next Generation EU. Is ionstraim éigeandála, shealadach théarnaimh é Next Generation EU a chuideoidh chun an damáiste láithreach eacnamaíoch agus sóisialta a rinne paindéim an choróinvíris a dheisiú, dlús a chur leis an téarnamh agus ullmhú le haghaidh todhchaí níos fearr don chéad ghlúin eile.

Leis an togra sin, tógtar ar thogra 2018 ón gCoimisiún agus ar an dul chun cinn suntasach atá déanta cheana i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle. Le deimhin a dhéanamh de go gcuirfear an Plean Téarnaimh chun feidhme go héifeachtach, agus go rachaidh sí i bhfeidhm ar gach duine san Aontas Eorpach agus ar ár gcomhpháirtithe domhanda, tá an Coimisiún ag cur réimse ionstraimí i ngníomh, iad bunaithe ar thrí cholún.

Le buiséad molta an Aontais, cuirfear maoiniú ar fáil le haghaidh téarnamh socheacnamaíoch, deiseofar an Margadh Aonair agus déanfar é a athbheochan, cinnteofar cothrom iomaíochta agus tacófar le hinfheistíochtaí práinneacha san aistriú glas agus san aistriú digiteach go háirithe, infheistíochtaí atá ina gcuid lárnach de rathúnas agus d'athléimneacht na hEorpa amach anseo.

Infheistíochtaí nach bhfacthas roimhe chun an Eoraip a chur ar a seanléim arís agus í a ath-thógáil

Ábhar do na meáin

Preaseisiúint

Questions and Answers related to the MFF proposal and the sectoral programmes presented in May 2020.

Speeches by President von der Leyen and European Commissioners on the proposals for the 2021-2027 EU long-term budget and sectoral programmes.

[node:137800:view-mode:teaser]{Opening remarks by President von der Leyen at the joint press conference with President Michel [...] July 2020 as Teaser}

[node:134075:view-mode:teaser]{Speech by President von der Leyen at the European Parliament Plenary on the EU Recovery package as Teaser}

  • Factsheet

Factsheets on the Commission's proposal for the 2021-2027 Multiannual Financial Framework.

  • Factsheet

Factsheets on the sectoral programmes presented in May 2020 with the Commission's proposal for the 2021-2027 Multiannual Financial Framework.

Doiciméid

The Commission’s proposal for the 2021-2027 Multiannual Financial Framework and system of Own Resources.

The sectoral legislation governing the programmes of the 2021-2027 Multiannual Financial Framework.

Togra ón gCoimisiún, Bealtaine 2018

Le haghaidh tuilleadh eolais maidir leis an moladh a ghlac an Coimisiún i mí na Bealtaine 2018, féach:

Buiséad an Aontais Eorpaigh don todhchaí