Beidh ionadaíocht níos fearr ag oibrithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta atá lonnaithe san Aontas Eorpach a bhuí le rialacha nua le haghaidh na gComhairlí Oibreacha Eorpacha (COEnna) mar a thugtar orthu. Cinntíonn na Comhairlí sin go mbeidh fostaithe rannpháirteach i gcinntí a bhaineann le saincheisteanna trasnáisiúnta, amhail athstruchtúrú. Cuidíonn siad le hoibrithe athruithe i saol na hoibre a thuar agus a bhainistiú, ganntanais lucht saothair agus teicneolaíochtaí nua san áireamh. Tá beagnach 11.3 milliún fostaí Eorpach i 1,000 COE nach mór faoi láthair. Cé go bhfuil níos mó ná an leathchuid den lucht saothair incháilithe i gCOEnna, is lú sin fós féin ná aon trian de bheagnach 4,000 cuideachta incháilithe a mheastar a bheith ann. Mhol an Coimisiún na hathruithe seo a leanas ar an gcaoi a n-oibríonn na Comhairlí Oibreacha Eorpacha: Go dtabharfaí cearta comhionanna d’fhostaithe chun a iarraidh go gcruthófaí COE nua: cuirfear deireadh le díolúintí, rud a d’fhágfadh go bhféadfadh 5.4 milliún oibrí breise i 320 cuideachta ilnáisiúnta a iarraidh go mbunófaí Comhairle den sórt sin. A chinntiú go dtéitear i gcomhairle le hoibrithe i gcuideachtaí ilnáisiúnta ar bhealach tráthúil fiúntach maidir le saincheisteanna a bhaineann leo A chinntiú go bhfuil na hacmhainní riachtanacha ag COEnna chun a gcuid oibre a dhéanamh Téarmaí a chur i bhfeidhm le haghaidh COE atá cothrom ó thaobh inscne de Cuirfidh na bearta atá beartaithe feabhas ar eolas thrasnáisiúnta agus ar chomhairliúchán trasnáisiúnta, ar chinnteoireacht straitéiseach cuideachtaí, agus ar iontaoibh fhrithpháirteach idir lucht bainistíochta agus oibrithe. Táthar ag súil go mbeidh an costas is lú is féidir ag baint leo do chuideachtaí, agus ní mheastar go mbeidh aon tionchar diúltach acu ar a n-iomaíochas. Tuilleadh eolais Cad iad na Comhairlí Oibreacha Eorpacha? Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta Preaseisiúint: Tá molta ag an gCoimisiún feabhas a chur ar Chomhairlí Oibreacha Eorpacha chun an t-idirphlé sóisialta trasnáisiúnta a neartú Geilleagar a fhóireann do dhaoine Sonraí Dáta foilsithe24 Eanáir 2024ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide