
Tá plean leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach chun réigiúin an Aontais atá ag críochantacht leis an Rúis, an Bhealarúis agus an Úcráin a dhéanamh níos sláine, níos athléimní agus níos tarraingtí mar áiteanna cónaithe agus oibre.
Tá daoine aonair agus pobail sna limistéir sin thíos go mór le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Ó bhagairtí slándála atá ag dul i méid agus cur isteach eacnamaíoch go brú ar sheirbhísí áitiúla agus meath déimeagrafach. Tá roinnt tíortha de chuid an Aontais thíos leis go háirithe: An Fhionlainn, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic, an Ungáir, an Rómáin agus an Bhulgáir.
Ó 2022 i leith, tá tacaíocht pholaitiúil, theicniúil agus airgeadais curtha ar fáil ag an Aontas dá réigiúin thoir. Chuidigh an tacaíocht sin chun feabhas a chur ar bhonneagar, borradh a chur faoin athléimneacht eacnamaíoch, cumais chosanta a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fuinnimh agus nascachta, agus tacú le poist. Ina theannta sin, leis na Lánaí Dlúthpháirtíochta idir an tAontas agus an Úcráin, táthar ag coinneáil sreafaí trádála ar bun.
Mar sin féin, de réir mar a leanann an cogadh ar aghaidh, is amhlaidh atá gá le tuilleadh tacaíochta ón Aontas. Cuirtear i láthair sa phlean nua sraith gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá roimh na réigiúin sin, dúshláin nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Tá cúig réimse tosaíochta ann le haghaidh tacaíochta, mar atá:
- slándáil agus athléimneacht, ina measc sin tionscadail agus tionscnaimh nua amhail Faireachán ar an gCliathán Thoir, an Tionscnamh Eorpach um Chosaint ar Dhróin, an Aersciath Eorpach agus Sciath Eorpach Spáis
- fás agus rathúnas réigiúnach: rochtain ar chistiú a éascú, ina measc sin trí chomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus trí chomhpháirtíocht leis an mBanc Domhanda maidir le hanailísíocht agus tacaíocht theicniúil
- cur le láidreachtaí áitiúla: líonra leictreachais na stát Baltach a chomhtháthú le heangach na hEorpa i gcoitinne, bonneagar a fhorbairt amhail an Chonair Hidrigine Nordach-Baltach, agus tacú le tionscnaimh tionscail chiorclaigh
- nascacht: nascacht dhigiteach a chur chun cinn agus líonraí iompair a uasghrádú
- tacaíocht a thabhairt do dhaoine: aghaidh a thabhairt ar an laghdú daonra agus ar ghanntanais lucht saothair, agus neartú a dhéanamh ar na pobail trí thionscnaimh amhail an Clár um Athléimneacht na Meán
Chun dul chun cinn a chinntiú, seolfaidh an Coimisiún idirphlé polaitiúil bliantúil maidir le tionchar ghníomhaíochtaí an Aontais ar athléimneacht agus ar fhorbairt na réigiún thoir. Beidh an chéad imeacht ar siúl an 26 Feabhra 2026, nuair a shíneoidh na hinstitiúidí airgeadais dearbhú maidir leis an tSaoráid EastInvest.
Ní hamháin gur léiriú dlúthpháirtíochta atá i neartú rathúnas agus athléimneacht réigiúin na teorann thoir, ach is infheistíocht straitéiseach é freisin i slándáil, iomaíochas agus cobhsaíocht fhadtéarmach na hEorpa.
Tuilleadh eolais
- Dáta foilsithe
- 18 Feabhra 2026
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide