Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

An ceart chun deisiúcháin: Cearta nua tomhaltóirí le haghaidh deisiúcháin éasca tharraingteacha

  • Alt nuachta
  • 31 Iúil 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
Male technician explains problem with dishwasher to woman

 

Le blianta fada anuas, bhí sé níos ciallmhaire táirge briste nó lochtach a chaitheamh amach agus ceann nua a fháil, ná é a dheisiú. Mar gheall air sin, bhí méid mór dramhaíola á chruthú agus úsáid neamhriachtanach á baint as acmhainní. 

Tiocfaidh athrú air sin, ón 31 Iúil 2026 ar aghaidh, nuair a bheifear in ann síneadh a chur le saolré táirgí agus córas a chruthú a bheidh i bhfabhar táirge a dheisiú seachas táirge nua a cheannach. Beidh feidhm aige sin maidir le táirgí tí agus leictreonacha, cuir i gcás meaisíní níocháin, folúsghlantóirí, gutháin, táibléid agus mar sin de. 

Mar thoradh ar na rialacha nua sin, beidh coigilteas ann do thomhaltóirí, cuirfear borradh faoin ngeilleagar ciorclach agus tacófar le cuspóirí an tomhaltais inbhuanaithe. Go nithiúil, déanfaidh siad an méid seo a leanas, i measc rudaí eile:

  • an ceart a thabhairt do thomhaltóirí a iarraidh ar mhonaróirí táirgí atá indeisithe go teicniúil faoi dhlí an Aontais a dheisiú. Thairis sin, ní mór an deisiú a dhéanamh saor in aisce nó ar phraghas réasúnta, laistigh de thréimhse ama réasúnta, chun deisiúcháin a spreagadh.
  • síneadh 12 mhí ar a laghad a chur le ráthaíocht dhlíthiúil an táirge, nuair a roghnaíonn an tomhaltóir táirge a dheisiú seachas táirge eile a chur ina ionad laistigh den tréimhse dhliteanais
  • ceangal a chur ar mhonaróirí faisnéis atá inrochtana go héasca a chur ar fáil faoi sheirbhísí deisiúcháin, chomh maith le rochtain ar pháirteanna spártha ar phraghas réasúnta

Tá coinne leis go nginfidh na rialacha nua sin €4.8 billiún ó thaobh fáis agus infheistíochta de san Aontas. 

A bhuí le hardán deisiúcháin Eorpach nua ar líne, ar cheart dó a bheith oibríochtúil in 2027, beidh sé níos éasca do thomhaltóirí deisitheoirí oiriúnacha a aimsiú. Beidh rannóga ar an ardán do gach tír san Aontas.

Tuilleadh eolais

Tomhaltas inbhuanaithe san Aontas

Geilleagar ciorclach an Aontais

 

Dáta foilsithe
31 Iúil 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide