Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach

Tiomantas athnuaite chun saoránaigh an Aontais a chosaint agus a chumhachtú

  • Alt nuachta
  • 22 Iúil 2026
  • Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
  • Am léitheoireachta: 2 nóiméad
A mother enjoys time with her daughter in her living room while on a break from work

 

A mhéid a bhaineann le poist níos fearr, comhionannas deiseanna, dálaí oibre cothroma agus cosaint shóisialta láidir, déanann an tAontas a dhícheall feabhas a chur ar shaol daoine trí Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta. Tá teachtaireacht foilsithe ag an gCoimisiún ina mbreathnaítear ar thionchar an Cholúin sin agus ina leagtar béim ar thrí réimse ar gá aird bhreise phráinneach a thabhairt orthu.

Deimhnítear sa teachtaireacht a thábhachtaí atá an Colún maidir le cearta sóisialta a chosaint agus a chur chun cinn. Chun margaí saothair níos cothroime agus córais leasa shóisialta níos láidre a chinntiú a thuilleadh, ní mór don Aontas an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • aghaidh a thabhairt ar inacmhainneacht agus ar an gcostas maireachtála trí leanúint de thacaíocht a thabhairt do bhearta lena laghdaítear an bhochtaineacht, lena bhfeabhsaítear rochtain ar sheirbhísí fíor-riachtanacha, agus lena gcuidítear le daoine a bhfuil bacainní suntasacha orthu filleadh ar an obair
  • leas a bhaint as an intleacht shaorga ar mhaithe le todhchaí na hoibre agus rathúnas comhroinnte trí ghrúpa ardleibhéil nua a bhunú i dtaca le tionchar na hintleachta saorga ar mhargadh an tsaothair
  • neamhionannais a laghdú agus comhdheiseanna a chur chun cinn trí fheabhas a chur ar an tacaíocht do ghnólachtaí beaga agus trí bhealaí níos fearr a fhorbairt chun cáilíocht post a thomhas ar fud an Aontais

Tá dul chun cinn a dhéanamh sna réimsí sin comhlántach le tionscnaimh leanúnacha an Choimisiúin maidir le poist, scileanna, soghluaisteacht agus laghdú na bochtaineachta.

I gColún Eorpach na gCeart Sóisialta, a glacadh in 2017, leagtar amach 20 ceart agus prionsabal. Threoraigh sé beartais an Aontais mar atá an Ráthaíocht Eorpach do Leanaí, príomhuirlis an Aontais chun míbhuntáistí leanaí a chomhrac, agus Treoir an Aontais maidir le Pá Íosta, creat dlíthiúil an Aontais lena gcinntítear go dtuilleann oibrithe pá maireachtála leordhóthanach.

Tuilleadh eolais

Preaseisiúint - Colún Eorpach na gCeart Sóisialta: tiomantas athnuaite chun saoránaigh an Aontais a chosaint agus a chumhachtú

Bileog eolais

Colún Eorpach na gCeart Sóisialta

 

Dáta foilsithe
22 Iúil 2026
Údar
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide