
Bean amháin as gach triúr san Eoraip...
D’fhulaing siad foréigean inscnebhunaithe.
Bhí páirtí foréigneach acu le linn a saoil.
D’fhulaing siad gnéaschiapadh ag an obair.
Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil an foréigean sin fós á thearcthuairisciú, is gruama fós iad na huimhreacha sin - ní mór deireadh a chur leis an bhforéigean sin. Sin an fáth a ndéanann an comhphobal idirnáisiúnta, an tAontas Eorpach san áireamh, an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan a chomóradh gach bliain an 25 Samhain.
Tá an tAontas tiomanta deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe sin atá fréamhaithe go domhain agus is léiriú é garspriocanna tábhachtacha a baineadh amach le déanaí air sin. Tá an chéad dlí láidir cuimsitheach ag an Aontas anois chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, dlí a glacadh i mí na Bealtaine 2024. In 2023, d’aontaigh an tAontas le Coinbhinsiún Iostanbúl, an chéad chonradh idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh an dlí de chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac. Agus díreach ní ba luaithe i mbliana, leag an Coimisiún béim ar a ghealltanais sa treochlár um chearta na mban. Idir an dá linn, tá obair fós ar siúl ar straitéis nua don chomhionannas inscne a chuirfear i láthair in 2026, a mbeidh díothú an fhoréigin in aghaidh na mban ina ghné lárnach di.
Tá cúnamh nithiúil ar fáil freisin. Is féidir le híospartaigh glao a chur ar líne chabhrach choiteann an Aontais ar 116 016.
An 25 Samhain i mbliana, tá athnuachan á dhéanamh arís ag an Aontas ar a thiomantas deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní san Aontas agus níos faide i gcéin, an foréigean digiteach san áireamh. Tá sé ag iarraidh freisin go ndéanfaí gníomhaíocht chun seasamh i ndlúthpháirtíocht le híospartaigh agus le marthanóirí.
Tuilleadh eolais
Coinbhinsiún Iostanbúl: Línte cabhrach san Eoraip
Maoiniú do thionscadail agus d’eagraíochtaí chun dul i ngleic le foréigean inscnebhunaithe
Acmhainní na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne maidir le foréigean inscnebhunaithe
- Dáta foilsithe
- 24 Samhain 2025
- Údar
- Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide