Ar cuireadh d’eitilt ar ceal riamh agus níor tugadh cúiteamh duit ina leith? Neartófar cearta paisinéirí, a bhuí le tograí nua ón gCoimisiún. Faoi láthair, is é an tAontas Eorpach an t-aon limistéar ar domhan a bhfuil creat um chearta paisinéirí i bhfeidhm aige do gach modh iompair. Cé go bhfuil reachtaíocht an Aontais go maith, bíonn fadhbanna ag paisinéirí fós mar gheall ar dhroch-chur chun feidhme agus ar dhroch-fhorfheidhmiú. Leis na nuashonruithe atá beartaithe ar an reachtaíocht soghluaisteachta atá ann cheana, neartófaí na sásraí forfheidhmithe agus chuirfí feabhas ar na rialacha maidir le haisíocaíocht d’aerphaisinéirí. Leis an Rialachán athbhreithnithe maidir le Cearta Paisinéirí agus le Treoir 2015 maidir le Taisteal Láneagraithe, cuirfear na hathruithe chun feabhais seo a leanas i gcrích: Daoine faoi mhíchumas atá ag taisteal d’aer – má chuireann an aerlíne oibleagáid orthu taisteal in éineacht le duine eile, beidh an duine a bheidh á thionlacan in ann taisteal saor in aisce Ticéid aeir a cheannaítear trí idirghabhálaithe (amhail gníomhaireachtaí taistil) – beidh níos mó soiléireachta ag paisinéirí faoi cé acu a thabharfaidh aisíocaíocht dóibh: an t-oibreoir iompair nó an t-idirghabhálaí Turais ilmhódacha – beidh paisinéirí a úsáideann cineálacha éagsúla iompair i dteideal eolas agus cosaint níos fearr a fháil Réamhíocaíochtaí as pacáistí taistil tráth na háirithinte nó ‘íocaíochtaí síos’ – teorainn a chur leis go dtí 25% ar a mhéad den phraghas pacáiste suas go dtí 28 lá roimh imeacht Aisíocaíocht le dearbháin – aisíocaíocht uathoibríoch mura n-úsáidtear an dearbhán roimh dheireadh na tréimhse bailíochta agus cosaint ar dhócmhainneacht na cuideachta taistil Athdhearbhaítear an ceart chun aisíocaíocht a fháil laistigh de 14 lá Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin ‘spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta’ a chruthú a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca ag gnólachtaí agus ag paisinéirí sonraí iompair a rochtain agus a chomhroinnt. Leis na rialacha nua atá molta, spreagfar na Ballstáit chun faireachán réamhghníomhach a dhéanamh ar fhadhbanna taistil agus gan fanacht go dtí go bhfaightear gearán. Dá n-achtófaí na rialacha, bheadh an Coimisiún in ann iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh agus beart a dhéanamh nuair is gá. Tuilleadh eolais Cearta paisinéirí Bileog eolais maidir leis an bPacáiste Soghluaisteachta An t-uathoibriú agus an digitiú san iompar Preaseisiúint: Cearta feabhsaithe agus eolas níos fearr do thaistealaithe Ceisteanna agus Freagraí - Cosaint do thaistealaithe ar shaoire láneagraithe a dhéanamh níos éifeachtaí Ceisteanna agus freagraí maidir leis an athbhreithniú ar na Rialacháin maidir le cearta paisinéirí Ceisteanna agus freagraí faoin Athbhreithniú ar an Rialachán Tarmligthe maidir le seirbhísí eolais taistil ilmhódaigh agus faoin Teachtaireacht maidir le spás coiteann Eorpach do shonraí soghluaisteachta (EMDS) a chruthú Sonraí Dáta foilsithe29 Samhain 2023ÚdarArd-Stiúrthóireacht na Cumarsáide